Ilchineálach Leabharthaí “Scéal ó Carolina” le hÁine Uí Fhoghlú seolta in UCC Márta 1, 2026 / Márta 2, 2026 le Riarthóir Tháinig slua breá isteach go Seomra Coiteann na Foirne i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh Déardaoin chuig seoladh an leabhar úr filíochta le hÁine Uí Fhoghlú, Scéal ó Carolina. Ba í an file Ailbhe Ní Ghearbhuigh a sheol an leabhar agus b’ard an moladh a thug sí don chúigiú chnuasach filíochta seo le hÁine Uí […] Léigh tuilleadh »
Ilchineálach “Cloch in Áit an Charnáin” seolta ag Fionntán de Brún ag Oireachtas na Gaeilge 2025 Feabhra 28, 2026 / Feabhra 28, 2026 le Riarthóir Seoladh an leabhar Cloch in Áit an Charnáin le Pádraig Ó Tiarnaigh ag Oireachtas na Gaeilge le déanaí agus bhí slua mór i láthair ar an tseoladh. Is staidéar cuimsitheach é an leabhar ar shaol oibre Sheáin Uí Eochaidh, fear a d’oibir mar bhailitheoir béaloidis do Choimisiún Béaloidis Éireann ar feadh beagnach leathchéad bliain. Ba […] Léigh tuilleadh »
Ilchineálach Leabharthaí “Rince Aeir” – leabhar úr filíochta le Caitríona Ní Chléirchín seolta ag Oireachtas na Gaeilge Samhain 7, 2024 / Samhain 8, 2024 le Riarthóir Rinne an file Dairena Ní Chinnéide an cnuasacht úr filíochta Rince Aeir le Caitríona Ní Chléirchín a sheoladh go hoifigiúil i gCill Airne ag an deireadh seachtaine. Seo mar a labhair Dairena faoin leabhar ag an ócáid speisialta seo in Óstán an Gleneagle i gCill Airne Dé hAoine: Dairena Ní Chinnéide: “Ar nós cnagadh an […] Léigh tuilleadh » Caitríona Ní Chléirchín filíocht gaeilge Rince Aeir Seoladh leabhair
Ilchineálach “Teacht Aniar” – Meascra Dánta agus Dánta Nua le Dairena Ní Chinnéide seolta ag Oireachtas na Gaeilge Samhain 7, 2024 / Samhain 8, 2024 le Riarthóir Ba mhór an phribhléid agus an phléisiúr a bheith sa chomhluadar ag an cheolchoirm agus an léamh filíochta a chur Síle Denvir agus Dairena Ní Chinnéide inár láthair nuair a seoladh leabhar nua Dairena, Teacht Aniar, ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne Dé Sathairn. Chruthaigh Síle spás speisialta dúinn chun Dairena agus a saothar […] Léigh tuilleadh »
Ilchineálach Leabharthaí Seoladh an leabhar “Mamaí Gé” ag Oireachtas na Gaeilge Samhain 6, 2024 / Samhain 8, 2024 le Riarthóir Rinne an t-údar aitheanta Áine Ní Ghlinn an leabhar úr Mamaí Gé le Gabriel Rosenstock, atá maisithe ag Kim Sharkey, a sheoladh ag Oireachtas an Gaeilge i gCill Airne Dé Sathairn. Is órchiste de rannta Mhamaí Gé do pháistí óga atá sa leabhar seo. Rannta iad atá bailithe le chéile go speisialta ag Gabriel agus […] Léigh tuilleadh »
Ilchineálach “Glórtha an Tráthnóna” seolta ag Oireachtas na Gaeilge 2024 Samhain 6, 2024 / Samhain 9, 2024 le Riarthóir Tá an t-úrscéal úr, Glórtha an Tráthnóna le Natalia Ginzburg, aistrithe ón Iodáilis ag Máire Nic Mhaoláin, seolta ag Cathal Póirtéir. Sheol Cathal Póirtéir an t-aistriúchán is úire le Máire Nic Mhaoláin ag Oireachtas na Gaeilge Dé hAoine seo chuaigh thart agus bhí slua breá i láthair le fáilte a chur roimh an úrscéal is […] Léigh tuilleadh »
Ilchineálach Seoladh Leabhair “Cé a Mharaigh Emma Mhic Mhathúna? agus dánta eile” le Louis de Paor Deireadh Fómhair 8, 2024 / Deireadh Fómhair 8, 2024 le Riarthóir Bhí slua breá i láthair nuair a sheol an file agus an ceoltóir aitheanta Marcus Mac Conghail an leabhar úr filíochta le Louis de Paor sa tsiopa leabhar “Bell Book and Candle” i nGaillimh Dé hAoine. Léigh tuilleadh » filíocht Leabhar Louis de Paor
Ilchineálach Gradam de Bhaldraithe bronnta ar “Athmháthair” le Máire Nic Mhaoláin Meán Fómhair 26, 2024 / Deireadh Fómhair 9, 2024 le Riarthóir Bronnadh Gradam de Bhaldraithe ag Gradam Foilsitheoireachta an Oireachtais 2024 i nGaillimh Dé Luain ar an leabhar “Athmháthair” a d’aistrigh Máire Nic Mhaoláin ón Iodáilis. B’onóir mhór d’Éabhlóid é agus ba dheas an aitheantas é don aistritheoir bisiúil Máire Nic Mhaoláin. Comhghairdeas léi. Bhí ceithre leabhar ina iomláine a d’fhoilsigh Éabhlóid ainmnithe do ghradaim foilsitheoireachta […] Léigh tuilleadh »
Ilchineálach Gradam Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana buaite ag “Imram agus scéalta eile” le Róise Ní Bhaoill Samhain 23, 2023 / Nollaig 4, 2023 le Riarthóir Comhghairdeas le Róise Ní Bhaoill as Gradam Leabhar Ficsean Gaeilge na Bliana atá urraithe ag Foras na Gaeilge a fháil aréir ag An Post Irish Book Awards. Bhí oíche ar dóigh ann ag an cheiliúradh in Ionad na Comhdhála i mBaile Átha Cliath. Comhghairdeas leis na scríbhneoirí eile a bhí ainmnithe chomh maith. Is gradam […] Léigh tuilleadh »
Ilchineálach Seoladh ‘Athmháthair’ ag Oireachtas na Gaeilge – aistriúchán le Máire Nic Mhaoláin ar an leabhar ‘Accabadora’ Samhain 10, 2023 / Samhain 30, 2023 le Riarthóir Rinne an scríbhneoir aitheanta Antain Mac Lochlainn an leabhar Athmháthair le Michela Murgia a sheoladh ag Oireachtas na Samhna Dé Sathairn 4 Samhain. Dúirt Eoghan Mac Giolla Bhríde cúpla focal roimh’n tseoladh: “Nuair a thagann leabhar mar seo chugainn mar fhoilsitheoirí is anáil na beatha dúinn é i ndáiríre, mar chomhlacht is é a choinníonn […] Léigh tuilleadh » Antain Mac Lochlainn Athmháthair Seoladh
Ilchineálach “Sin Ceann Maith!” leabhar scéalta grinn le Joe Ó Dónaill seolta ag Ray Mac Mánais Samhain 10, 2023 / Samhain 30, 2023 le Riarthóir Sheol Ray Mac Mánais leabhar úr jócanna le Joe Ó Dónaill ag Oireachtas na Gaeilge Dé hAoine 3 Samhain agus bhí slua breá i láthair. Bhí achan duine sna tríthí ag an bheirt agus gan feidhm orthu an leabhar a fhoscailt ar chor ar bith. “Tá aithne agam ar Joe le dhá scór bliain anois […] Léigh tuilleadh » Joe Ó Dónaill Scéalta grinn
Ilchineálach An leabhar “Scéilíní Scanrúla” le Gabriel Rosenstock seolta ag Oireachtas na Gaeilge 2023 Samhain 9, 2023 / Nollaig 16, 2023 le Riarthóir Rinne Proinsias Mac a’ Bhaird, an scríbhneoir aitheanta as Árainn Mhór, an leabhar Scéilíní Scanrúla le Gabriel Rosenstock agus Graham Corcoran a sheoladh ag Oireachtas na Gaeilge Dé hAoine 3 Samhain 2023. Mar chuid den cheiliúradh, léigh Aoibh Ní Dhálaigh agus Ellie Ní Mhainín as Corca Dhuibhne sleachta as an leabhar don lucht féachana agus […] Léigh tuilleadh » Gabriel Rosenstock Scéilíní Scanrúla Seoladh