Logáil isteach
Ainm úsáideora nó seoladh ríomhphoist *
Pasfhocal *
Cuimhnigh ar mo shonraí
Pasfhocal caillte?
Cláraigh
Seoladh ríomhphoist *
Foilsitheoirí Leabhar Gaeilge
Ilchineálach
Samhain 23, 2023 / Nollaig 4, 2023 le Riarthóir
Comhghairdeas le Róise Ní Bhaoill as Gradam Leabhar Ficsean Gaeilge na Bliana atá urraithe ag Foras na Gaeilge a fháil aréir ag An Post Irish Book Awards. Bhí oíche ar dóigh ann ag an cheiliúradh in Ionad na Comhdhála i mBaile Átha Cliath. Comhghairdeas leis na scríbhneoirí eile a bhí ainmnithe chomh maith. Is gradam […]
Léigh tuilleadh »
Samhain 10, 2023 / Samhain 30, 2023 le Riarthóir
Rinne an scríbhneoir aitheanta Antain Mac Lochlainn an leabhar Athmháthair le Michela Murgia a sheoladh ag Oireachtas na Samhna Dé Sathairn 4 Samhain. Dúirt Eoghan Mac Giolla Bhríde cúpla focal roimh’n tseoladh: “Nuair a thagann leabhar mar seo chugainn mar fhoilsitheoirí is anáil na beatha dúinn é i ndáiríre, mar chomhlacht is é a choinníonn […]
Tagged
Sheol Ray Mac Mánais leabhar úr jócanna le Joe Ó Dónaill ag Oireachtas na Gaeilge Dé hAoine 3 Samhain agus bhí slua breá i láthair. Bhí achan duine sna tríthí ag an bheirt agus gan feidhm orthu an leabhar a fhoscailt ar chor ar bith. “Tá aithne agam ar Joe le dhá scór bliain anois […]
Samhain 9, 2023 / Nollaig 16, 2023 le Riarthóir
Rinne Proinsias Mac a’ Bhaird, an scríbhneoir aitheanta as Árainn Mhór, an leabhar Scéilíní Scanrúla le Gabriel Rosenstock agus Graham Corcoran a sheoladh ag Oireachtas na Gaeilge Dé hAoine 3 Samhain 2023. Mar chuid den cheiliúradh, léigh Aoibh Ní Dhálaigh agus Ellie Ní Mhainín as Corca Dhuibhne sleachta as an leabhar don lucht féachana agus […]
Deireadh Fómhair 21, 2023 / Nollaig 4, 2023 le Riarthóir
Comhgháirdeas le Róise Ní Bhaoill atá ainmnithe ar ghearrliosta Leabhar na Bliana, duais Fhoras na Gaeilge ag An Post Irish Book Awards 2023. Déanfar an buaiteoir a fhógairt ar an 22ú Samhain ag ócáid bhonnta i mBaile Átha Cliath. Is cnuasach de scéalta ionraic, tuisceanacha iad “Imram agus scéalta eile”, a chíorann téamaí comhaimseartha mar […]
Samhain 13, 2022 / Nollaig 27, 2023 le Riarthóir
Ag Oireachtas na Samhna rinneadh ceiliúradh ar cheithre leabhar speisialta, Scéalta ó m’Óige le Nuala Ní Ghallchóir, Caoilte Caillte sa Mhúsaem le Gemma Nic Conchra, Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Néill le Caitlín Nic Niallais agus Inní le Réaltán Ní Leannáin. Bhí ceithre leabhar a d’fhoilsigh Éabhlóid i rith na paindéime nach bhfuair muid an deis […]
Samhain 9, 2022 / Nollaig 27, 2023 le Riarthóir
Is é Imram agus scéalta eile an chéad chnuasach gearrscéalta le Róise Ní Bhaoill agus bhí lúcháir ar Éabhlóid é a sheoladh ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne Dé Sathairn beag seo. Ba é an scríbhneoir Antain Mac Lochlainn a sheol an leabhar agus mar is dual d’Antain ba mhór an gradam a thug […]
Samhain 8, 2022 / Samhain 30, 2023 le Riarthóir
Ba mhór an pléisiúr dúinn é an cnuasach úr dánta Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile le hAilbhe Ní Ghearbhuigh a sheoladh ag Oireachtas na Samhna 2022 agus bhí slua deas de chairde agus de lucht na dea-mhéine i láthair i Svuít 1 thuas staighre san INEC i gCill Airne Dé Sathairn don ócáid. D’éirigh le […]
Deireadh Fómhair 21, 2022 / Nollaig 27, 2023 le Riarthóir
Tá lúcháir mhór orainn go bhfuil na leabhair Bláth na dTulach agus Bádh B’fhéidir beirt ainmnithe do Dhuais Leabhar Gaeilge na Bliana 2022 ag An Post Irish Book Awards. Tugann na hainmniúcháin seo aitheantas do na scríbhneoirí a chuir oiread oibre ina gcuid saothair; do Sheáin Ó Muireagáin as a leabhar bhríomhar nuálach, Bádh B’fhéidir, […]
Meitheamh 26, 2022 / Nollaig 16, 2023 le Riarthóir
‘Bádh B’fhéidir’ seolta ag Deirdre Learmont sa tSiopa Leabhar Bhí sé galánta cairde a fheiceáil cruinnithe le chéile sa tSiopa Leabhar i mBaile Átha Cliath ag ceiliúradh seoladh leabhair Sheáin Uí Mhuireagáin Dé hAoine agus tá Éabhlóid fíorbhuíoch d’achan duine a tháinig amach. Bhí scaifte deas ann. Rinne Deirdre cur síos ar Sheán mar scríbhneoir […]
Leabharthaí
Deireadh Fómhair 24, 2021 / Samhain 30, 2023 le Riarthóir
Míle buíochas le achan duine a bhí linn ag ócáid sheolta Bhláth na dTulach i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste. Fuair muid blaiseadh deas de na scéalta ó na scríbhneoirí a bhí i láthair agus deis éisteacht leis an chéad eagrán den phodchraoladh, Bláth na dTulach Buíochas le Caoimhe Ní Chathail a chuir […]
Books
Deireadh Fómhair 15, 2021 / Samhain 30, 2023 le Riarthóir
Díolaim Ultach Beidh an leabhar úr Bláth na dTulach, bailiúchán gearrscéalta ó scríbhneoirí comhaimseartha a bhfuil baint acu le Cúige Uladh, á sheoladh gan mhoill. Tá scéalta ann ó scríbhneoirí as gach cearn de Chúige Uladh, le réimse leathan stíleanna agus ábhar, bailithe le chéile ag Réaltán Ní Leannáin. “Is fada roimhe ó tháinig a […]