“Imram agus scéalta eile” ar ghearrliosta Leabhar na Bliana

Ilchineálach

Comhgháirdeas le Róise Ní Bhaoill atá ainmnithe ar ghearrliosta Leabhar na Bliana, duais Fhoras na Gaeilge ag An Post Irish Book Awards 2023.

Déanfar an buaiteoir a fhógairt ar an 22ú Samhain ag ócáid bhonnta i mBaile Átha Cliath.

Is cnuasach de scéalta ionraic, tuisceanacha iad “Imram agus scéalta eile”, a chíorann téamaí comhaimseartha mar mhórghluaiseachtaí daoine ar fud an domhain, foréigean in aghaidh mná, cogaí agus caidrimh casta daonna sa lá atá inniu ann. Tá léarmheasanna maithe faighte ag an leabhar agus is fiú é a léamh. Go n-éirí le Róise.

Comhgháirdeas chomh maith leis na scríbhneoirí eile a ainmníódh: Fionntán de Brún, Alan Titley, Anna Heussaff agus Diarmuid Johnson.

To top