Seoladh ‘Athmháthair’ ag Oireachtas na Gaeilge – aistriúchán le Máire Nic Mhaoláin ar an leabhar ‘Accabadora’

Ilchineálach

Rinne an scríbhneoir aitheanta Antain Mac Lochlainn an leabhar Athmháthair le Michela Murgia a sheoladh ag Oireachtas na Samhna Dé Sathairn 4 Samhain.

Máire Nic Mhaoláin, Eoghan Mac Giolla Bhríde agus Antain Mac Lochlainn

Dúirt Eoghan Mac Giolla Bhríde cúpla focal roimh’n tseoladh:

“Nuair a thagann leabhar mar seo chugainn mar fhoilsitheoirí is anáil na beatha dúinn é i ndáiríre, mar chomhlacht is é a choinníonn ag gabháil muid agus tá muid iontach buíoch de Mháire as an leabhar seo a chur chugainn. Is pribhléid é dúinne a bheith ábalta litríocht mar seo, litríocht an domhain, litríocht idirnáisiúnta a tabhairt isteach sa Ghaeilge agus an deis sin a bheith againn, agus, os gur chuir Máire muinín ionainne, comhlacht beag as Gaoth Dobhair, sin a dhéanamh, tá muid iontach buíoch di.”

Séamus Mac Dháibhéid, Antain Mac Lochlainn agus Siuán Ní Mhaonaigh

Cuireadh Antain Mac Lochlainn in aithne agus thug sé caint léannta a choinnigh suim an tseomra go deireadh, ag cur síos ar cheird an aistritheora, ar chomh hachrannach is a bhíonn an obair in amanna agus an tairbhe a bhaintear as nuair a bhíonn sé déanta go maith. Tá an chaint iomlán a thug Antain tugtha anseo thíos agus tá muid fíorbhuíoch d’Antain as é a chur ar fáil dúinn.

An t-aistritheoir Máire Nic Mhaoláin ag síniú cóipeanna dá leabhar úr Athmháthair

 

Caint Antain Mhic Lochlainn ag seoladh an leabhair Athmháthair le Michela Murgia, Dé Sathairn 4 Samhain 2023 ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne:

Nuair a thoisigh mé a fhoghlaim na Gaeilge, ghlac mé síntiús leis an iris An tUltach. Ba ghnách liom dua a chaitheamh ag iarraidh ciall a bhaint as na hailt, cé nár éirigh liom i gcónaí. Ach is cuimhin liom alt amháin dar teideal ‘An Tan a d’Aistrigh’ le duine darbh ainm Máire Mic Mhaoláin. Inniu, tá a fhios agam go bhfuil imeartas focal cliste sa teideal sin. I gcuid mhaith de na sean-lámhscríbhinní, sin an teideal a chuirtear leis an dán chlúiteach ‘Is Fada Liom Oíche Fhír-Fhliuch’ le hAogán Ó Rathaille, dán a chum sé an tan (nó an t-am) a d’aistrigh sé cónaí go hiarthar Dhuibhneach. Ní raibh a fhios agam sin san am. Chonaic mé ‘An Tan a d’Aistrigh’ agus thoisigh mé a léamh, ag déanamh go raibh baint aige le Cogadh na Saoirse. Ach ní raibh. Is cúrsaí aistriúcháin a bhí á bplé ag an Mháire Nic Mhaoláin seo.

Léigh mé an t-alt, le cuidiú an bheirt pháirtí comhrá a bhí agam san am, an tUasal de Bhaldraithe agus an tUasal Ó Dónaill. Bhí sé ar cheann de na huaireanta sin a lastar solas na fiosrachta i d’aigne, mar féadaim a rá nár smaointigh mé oiread na fríde ar an aistriúchán riamh go dtí sin. Gan amhras, bhí mé ag toiseacht a chur suime sa litríocht san am, agus bhí mé ag brath go mór ar aistriúcháin le go dtiocfadh liom údair mhóra an domhain a léamh. Bíodh sin mar atá, níor chuir mé ceist orm féin riamh: ‘Cad é mar a thig na haistriúcháin seo ar an fhód?’ Sa mhéid is gur smaointigh mé ar obair an aistriúcháin, is dóiche gur shamhail mé gur seort ‘malartú focal’ a bhí i gceist. Na focla Rúisise nó Fraincise nó Iodáilise a bheith romhat agus is é do dhúshlán cuimhneamh ar fhocla Gaeilge a bhfuil an chiall chéanna leo. Sin bun agus barr an aistriúcháin, dar liom – seort ‘próiseáil focal dátheangach.’ Ach bhí a mhilleadh sin á rá ag an Mháire Nic Mhaoláin seo. Bhí sise ag caint ar cheird an aistriúcháin, ar na roghanna a bhíonn le déanamh, ar na rudaí a bhaineann truisle as aistritheoirí nuair nach mbíonn siad faichilleach. B’in an chéad uair a rith sé liom gur obair chruthaitheach atá san aistriúchán agus gur gairm atá ann. Rinne mé an rud a mbeifeá ag súil leis i gcás alt faoi chúrsaí aistriúcháin nach raibh ag éirí leat é a thuigbheáil – d’aistrigh mé é.

D’imigh na blianta agus thoisigh mé a léamh leabharthaí Gaeilge. Ba chuma liom bunleabharthaí nó saothair aistrithe ach iad a bheith i nGaeilge. I ndeireadh na n-ochtóidí casadh an Mháire Nic Mhaoláin seo orm arís, nuair a léigh mé Dialann Seansagairt, aistriúchán a rinne sí ar chnuasach aistí le sagart tuaithe i ndúiche Umbria san Iodáil. Anois, féadaim a rá nach gnách liom leabhair faoi chúrsaí creidimh a léamh, ach tá lúcháir orm gur léigh mé an ceann sin. Tá prós galánta ann, agus dearcadh caoin carthanach a raibh dúil agam ann. Iad siúd nach léann aistriúcháin go Gaeilge, tá siad ag séanadh pléisiúr mór orthu féin: an pléisiúr a bhaineann le leabhar a léamh nach léifeá choíche ná go deo ach ab é gur cuireadh ar fáil i nGaeilge í. Smaointím ar an fhocal dheas Béarla sin serendipity. Is é an Ghaeilge atá air sin, de réir an fhoclóra nua, ná ‘cor dea-chinniúna’. Is ea, cor dea-chinniúna domhsa a bhí ann theacht ar an leabhar sin.

Níl Iodáilis agam le go dtiocfadh liom anailís chomparáideach a dhéanamh ar an téacs, ach bhí mé ag foghlaim liom faoin aistriúchán mar sin féin. Thuig mé, i ndiaidh domh é a léamh, go mbíonn muinín go mór i gceist sa chaidreamh idir an léitheoir agus an saothar aistrithe. Is leor sciorradh beag amháin, caint chnapánach, abairt amscaí, le muinín an léitheora a lagú agus an dea-obair ar fad a chur chun siobarnaí. High-wire act atá san aistriúchán, mar atá ráite sa véarsa seo:

Many critics, few defenders

Translators have but two regrets;

When they hit, no one remembers,

When they miss, no one forgets.

Chonacthas domh, i gcás Mháire Nic Mhaoláin, nach rachadh a hurchar amú uirthi agus go dtiocfadh liom muinín a chur inti. Mar seo duine a thuigeann gur gairm atá á cleachtadh aici, murab ionann agus caitheamh aimsire. Tamall gairid i ndiaidh domh Dialann Seansagairt a léamh, léigh mé aistriúchán Béarla a rinne D.H. Lawrence ar shaothar eile Iodáilise, Novelle Rusticane le Giovanni Verga, a foilsíodh faoin teideal The Little Novels of Sicily. Is cosúil go raibh Iodáilis maith go leor ag Lawrence, ach cad é is ciall le ‘maith go leor’ i gcomhthéacs an aistriúcháin? Rud ba ghnách le daoine a rá dá gcuirfí ceist orthu faoina gcumas Gaeilge, ‘Ó, tá déanamh gnaithe agam’. Seans go raibh ‘déanamh gnaithe Iodáilise’ ag Lawrence agus é sa tsiopa nó sa teach ósta ach nuair a chuaigh sé i mbun aistriúcháin, bhí sé ag brath go mór ar na foclóirí. ‘Is mairg a bhíos ag brath ar na foclóirí.’ Réalt eolais agus poll slogaide in éineacht atá sna foclóirí céanna. Thiar sna caogaidí, d’fhoilsigh fear darbh ainm Giovanni Cecchetti liosta fada de na tuaiplisí a rinne Lawrence, nuair a bhain sé an chiall chiotach as focal nó frása Iodáilise. Dúirt léirmheastóir eile, Iain Halliday: ‘The story of how Lawrence translated (Verga) is an object lesson in how not to approach literary translation.’ Ní raibh a fhios agam sin san am ach, le linn domh a bheith ag léamh, dúirt mé liom féin, ‘Níl a fhios agam an bhfuil muinín agam sa D.H. Lawrence seo, mar aistritheoir, mar threoraí idir an dá theanga.’ Dá mhéad a chlú, chonacthas domh nach raibh sé inchurtha le Máire Nic Mhaoláin.

Seo anois saothar eile Iodáilise curtha ar fáil ag Máire do léitheoirí na Gaeilge: Athmháthair. Is díol suntais treo an aistriúcháin féin nó na haistriúcháin nach dtig chugainn caol díreach ón Bhéarla, is ón Fhraincis a thig an chuid is mó acu. Ina saothar aistrithe go dtí seo, is deas mar a choinnigh Máire fuinneog bheag foscailte dúinn ar shaol na hIodáile. Tá liosta mór fada de dhuaiseanna litríochta bainte ag an bhunleabhar Accabadora le Michela Murgia, san Iodáil agus i dtíortha Eorpacha eile. Mar sin de, is mórshaothar ealaíne de chuid na hEorpa atá curtha ar fáil dúinn ag Máire agus ag Éabhlóid. Ní beag sin. Dar ndóigh, níl muintir na hÉireann aineolach ar bhuanna an leabhair, nó bhían t-aistriúchán Béarla ar an liosta fhada do Dhuais Litríochta Bhaile Átha Cliath in 2013. Bíodh sin mar atá, caithfidh mé a admháil nach dócha go mbeadh sí léite agam ach ab é gur chuir Máire Gaeilge uirthi. Cor dea-chinniúna eile.

Titeann eachtraí an scéil seo amach i bpobal bocht i sráidbhaile de chuid na Sairdíne le linn chaogaidí na haoise seo a chuaigh thart. Úrscéal staire, mar sin, ach ní den tseanstair é. B’fhéidir nár mhiste dúinn ‘úrscéal neas-staire’ a thabhairt ar a leithéid. I dtaca le Athmháthair de, tá tréimhsí ama i ndiaidh titim isteach ina chéile ar bhealach diamhair inteacht. Tá sleachta ann agus shílfeá gur nósanna an seachtú céad déag atá faoi chaibidil, go dtí go luaitear go bhfuil jeans á gcaitheamh ag na daoine agus go mbíonn siad ag coimhéad ar an teilifís. Tá an sean is an nua fríd a chéile go mór ann – rud atá fóirsteanach do shaothar a bhfuil téamaí síoraí ‘bás agus beatha’ i dtreis ann.

Ar bhealaí, beidh cleachtadh ag léitheoirí na Gaeilge ar an tsaol a léirítear in Athmháthair. An lámh go dtí an béal. Na cuibhrinn bheaga agus na faltanais faoi cá háit go díreach a bhfuil balla na teorainne – comharsanaigh amuigh ar a chéile mar gheall ar mhéadar talaimh. Seáltaí dubha. Teach na faire agus caoineadh na marbh. An creideamh Críostaí ach seanphisreoga agus geasróga na tuaithe ina n-orlaí fríd. Sagart, mura miste leat, atá i gceist sa líne seo: ‘Rinne sé comhartha a bhí leath bealaigh idir fíor na croise agus an comhartha in aghaidh na súile millte.’ Is mar sin a mhaireann na daoine sa leabhar seo: leath bealaigh idir fíor na croise agus an tsúil mhillte.

Tá an chúlchaint agus an chaolaigeantacht go láidir ann fosta – seort Valley of the Squinting Finestre. Fiú amháin go bhfuil teannas teanga ann, mar is mór idir Iodáilis na scoile agus Sairdínis an bhaile. Tá radharc nó dhó ann a chuirfeadh Nuair a Bhí Mé Óg i gcuimhne duit, agus Séamus bocht Ó Grianna i ngleic lena chuid ceachtanna Béarla.

Tá rún i gcroí an úrscéil seo. Mar gheall air sin, tá rudaí ann nach dtig liom trácht orthu, ar eagla an scéal a mhilleadh oraibh. Mholfainn daoibh, i ndiaidh an leabhar a cheannach, gan léirmheasanna a léamh ná dul ar líne ag iarraidh a fháil amach cén chiall atá le accabadora. Léigí an leabhar go díreach. Tá cuid mhór nach dtig liom a rá ach thig liom buanna an leabhair a áireamh. An chéad rud a luafainn ná an luas réidh atá faoin insint. Chítear domh go minic go mbíonn brú ar scríbhneoirí tús millteanach pléascach a chur lena scéal – tús ollphléascach, mar a bhíonn sna scéinséirí. Is é atá déanta ag Murgia ná sraith vignettes a chur sna chéad chaibidlí, a thugann léargas dúinn ar an tsaol a bhí ag muintir Soreni, an ceantar a bhfuil an scéal suite ann. Tá na caibidlí sin díreach galánta. Cuireann muid aithne ar na príomhcharachtair lena linn, sa dóigh is gur cás linn na taismí agus na tubaistí a bhaineann daofa níos faide anonn.

Tá greann ann, greann a bhfuil gaol gairid aige leis an aighneas agus an tsáraíocht in Cré na Cille. Greann caolchúiseach a bhíonn ann fosta. Chaillfeá cuid mhór de dá mbeadh barraíocht deifre ort. A leithéid seo, ag trácht ar chleamhnas a rinneadh: ‘An lá a pósadh Bonacatta, tharla dhá rud uafásacha, diomaite den phósadh féin.’ Greann atá ann a fáisceadh as an bhochtaineacht. Seo cuid den chomhrá idir beirt a chastar ar a chéile sa tsráid – ceist agus freagra, mar a déarfá.

Ceist: ‘Agus cé hí an ghirseach bheag ghleoite seo?’

Freagra: ‘An ceann deireanach.’

Is saol millteanach cúng atá ag na carachtair seo, saol a chaitear de réir rialacha dochta stádais: óg agus aosta, slán agus cithréimeach, fireann agus baineann. Má thig droch-chlú ort ar chúis ar bith, tá deireadh leat nó is cultúr urraime atá i réim, agus níl easonóir is measa ná easpa céille. Seo smaointe athair amháin, i ndiaidh dá mhac gníomh míchéillí a dhéanamh. Tuigeann sé go mbeidh droch-chlú ar an teaghlach ar fad dá bharr.

Ní raibh aon díol magaidh nó díol seachanta ba mheasa in Soreni ná an t-amadán. Nó má thiocfadh le gliceas agus neart agus eagna chinn bua a bhreith i gcath cothrom, ní raibh namhaid ba mheasa ag an amadán ná é féin, nó d’fhágfadh a ghuagacht chomh baolach céanna dá chairde agus dá naimhde é. Ba é an donas nach bhféadfadh aon mheas a bheith ag gabháil le hainm an amadáin i gceachtar den dá chás, agus sócmhainn mhór ba ea an meas in áit nach raibh mórán eile de shócmhainn ann san am.

Is cosúil gur faoin phobal atá sé breithiúnas a thabhairt ar cad is ‘amadán’ ann – an t-éan corr, b’fhéidir, an duine a sheasann amach ón tslua. ‘Tá rudaí a dhéantar agus rudaí nach ndéantar,’ a deir an príomhcharachtar Maria léi féin, ‘agus na rudaí a dhéantar, sin mar a dhéantar iad.’

Tá céimeanna stádais ann taobh istigh den teaghlach féin. Tá Maria ar an cheathrú leanbh sa teaghlach agus cuirtear in iúl di go hiontach soiléir go bhfuil sí sa cheathrú háit ó thaobh achan uile ghné de shaol an teaghlaigh sin.

‘Bhí a máthair… an-tógtha leis an chóras uimhrithe i bhfoirm amháin nó i bhfoirm eile, agus níor thug sin de chleachtadh do Maria ach í féin a fheiceáil in ord le taobh a deirfiúracha, ag tagairt di i gcónaí san fhoirmle chéanna – glan amach, ‘Uimhir a Ceathair.’

Agus, dar ndóigh, is girseach atá inti agus is beag a luach. Chomh beag sin go ligeann a máthair do bhean eile í a thabhairt léi agus í a thógáil nuair nach bhfuil páistí dá cuid féin aici. Bonaria an t-ainm atá ar an bhean seo, ‘athmháthair’ an teidil. Fágadh ina baintreach í i ndiaidh gur maraíodh a fear céile sa chéad chogadh. Cibé laochas a bhain sé amach dó féin, is daor a ceannaíodh é. Focal trom atá in ‘laochas’ i gcomhthéacs an leabhair seo. Seo mar a thuigtear an scéal do Bonaria féin: ‘bhí a sáith den tsaol feicthe ag Bonaria lena thuigbheáil gurb é an focal ‘laochra’ an leagan firinscneach den fhocal bhaininscneach ‘baintreacha.’

Ach is tragóid atá in Athmháthair thar rud ar bith eile. Milleann na carachtair a saol féin le stuacántacht, le rún díoltais agus le díth tuisceana, díreach mar is dual don duine dhaonna. Is ar na mná a bhíonn dhá dtrian na fulaingte. Feimineach gníomhach a bhí san údar Michela Murgia, ach níl rian ar bith den chúiseachas ná den idé-eolaíocht sa scéal. Daonnacht atá i dtreis ann ó thús deireadh. Trua don tsagart a bhíos i gcónaí ag iarraidh a bholg mór a cheilt faoin chóta eaglasta. Tuiscint do na fir óga a bhfuiltear ag inse daofa go gcaithfidh siad an fód a sheasamh i gcónaí, fiú más fód mearbhaill atá fúthu. Fiú amháin an gasúr saibhir millte, a bheadh ina ábhar magaidh ag údair eile, nochtar dúinn an crá ina chroí istigh. Duine mórchroíoch í an t-údar: feimineach, Críostaí, duine a chaith seal ag teagasc diagachta agus seal eile ina bainisteoir ar stáisiún cumhachta. A leithéid de thaithí saoil!

Is mór an chaill go bhfuair Michela Murgia bás i mbliana, i mí Lúnasa le bheith beacht, agus gan í ach bliain is caoga d’aois. Comhghairdeachas, a Mháire agus buíochas le Éabhlóid, atá i ndiaidh cloch a chur ina carn leis an leagan mhaisiúil Gaeilge seo, Athmháthair. Is é an gníomh ómóis is fearr a dhéanfadh muidne, é a cheannacht, é léamh agus a chlú a chur i bhfad. 

Liam Mac Mathúna i gcuideachta Mháire Nic Mhaoláin

Gabh Eoghan buíochas leis na daoine uilig a bhí ag obair ar an leabhar, le Liam Mac Mathúna a bhí mar chóip eagarthóir, le Caomhán Ó Scolaí a rinne an leagan amach agus an dearadh agus le Clár na Leabhar Gaeilge a chuir maoiniú ar fáil. 

Tá an leabhar Áthmháthair ar fáil sna siopaí leabhar agus anseo ón tsuíomh seo.

Eoghan Ó Néill agus Jacqueline de Brún ag seoladh Athmháthair
Carmen Cepeda agus Iarla Mac Aodha Bhuí
Pádraig Mac Fhearghusa agus Máire Nic Mhaoláin
To top