Ba mhór an pléisiúr dúinn é an cnuasach úr dánta Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile le hAilbhe Ní Ghearbhuigh a sheoladh ag Oireachtas na Samhna 2022 agus bhí slua deas de chairde agus de lucht na dea-mhéine i láthair i Svuít 1 thuas staighre san INEC i gCill Airne Dé Sathairn don ócáid.
D’éirigh le hAilbhe dhá dhuais a thógáil léi ag Duaiseanna Liteartha an Oireachtais cúpla lá roimh ré agus ba le croíthe éadroma a seoladh an leabhar. Bronnadh Duais Poetry Ireland ar Ailbhe don dán “Litir as Barcelona”, dán ón chnuasach úr, agus Gradam na mBord Oiliúna agus Oideachais uirthi don chnuasach filíochta is fearr.
Ba í an file aitheanta Dairena Ní Chinnéide a rinne an leabhar a sheoladh agus thug sí caint spreagtha léirsteanach a thug léargas dúinn ar dhánta an leabhair. Ba aoibhinn a bheith ag éisteacht léi nó ba shoiléir go dteachaidh na dánta i bhfeidhm uirthi mar chomhfhile agus mar Chiarraíoch agus labhair sí go paiseanta. Léigh Ailbhe roinnt dánta ón chnuasach agus agus fuair muid tuilleadh tuiscint ar shaibhreas na ndánta ón léamh. Ghabh sí buíochas leo siúd a chuidigh an leabhar iontach seo a chruthú; Kim Sharkey a rinne léaráidí speisialta don leabhar agus a bhí i láthair ag an seoladh; Daniela Theinová a scríobh an brollach cumasach géarchúiseach; Liam Mac Mathúna a rinne eagarthóireacht ortagrafaíochta agus Caomhán Ó Scolaí a rinne an leagan amach. Thug sí buíochas speisialta dá cairde agus dá fear céile, an file Billy Ramsell.
Bhí sé tráthúil, do leabhar a dhíríonn isteach ar an mháithreachas, go raibh beirt iníon Ailbhe i láthair, chomh maith lena máthair agus a hathair, Heléne agus Joe.
Is féidir an leabhar Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile a cheannach anseo.
Ár mbuíochas le gach duine a rinne a mbealach suas a fhad linn don tseoladh. Ba dheas go raibh sibh linn.
Dairena Ní Chinnéide ag seoladh Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile ag Oireachtas na Gaeilge 2022 Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Kim Sharkey Heléne Ní Ghearbhuigh, máthair an údair Claire Ní Mhuirthile, Cáit Ní Dhuinnín, Antóin Ó Dúllaing & cara Cuid den tslua i láthair ag an tseoladh Joe Mac Gearbhuigh agus Eoghan Mac Giolla Bhríde Kim Sharkey, Úna Ní Shé agus cuid den tslua Ailbhe Ní Ghearbhuigh lena iníon i gcuideachta Kim Sharkey Róisín Adams agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh Kim Sharkey agus Úna Ní Shé Gearóid Denvir agus Rachel Ní Fhionnáin Seán Ó Muireagáin (agus Máire Ní Chéilleachair) Majella Ní Chríocháin agus Elaine Scahill Dairena NÍ Chinnéide Lisa Ní Ghairbhín, Breffni Keoghan & Eimear Griffin Billy Ramsell lena bheirt iníon Siuán Ní Mhaonaigh agus Deirdre Learmont Antain Mac Lochlainn Luke O’Donoghue Gearóid Tracey agus Bróna Coleman Ruairí Mac Fhionnlaíoch Ailbhe Ní Ghearbhuaigh lena iníon Ailbhe Ní Ghearbhuigh lena iníon, i gcuideachta Kim Sharkey