clúdach an leabhar tine ghealáin

Tine Ghealáin ainmnithe do Ghradaim Uí Shúilleabháin

Ilchineálach

Tá áthas mór ar Éabhlóid go bhfuil Tine Ghealáin le Máire Dinny Wren ar an ghearrliosta do Ghradam Uí Shúilleabháin 2020, Gradaim Fhoilsitheoireachta an Oireachtais. Rinneadh an gearrliosta a fhógairt inniu agus is iontach an rud é bheith ainmnithe i measc na bhfoilsitheoirí agus na scríbhneoirí eile atá ar an liosta: Joe Steve Ó Neachtain, Liam Mac Cóil, Mícheál Ó Conghaile, Diarmuid Johnson agus Ré Ó Laighléis mar chuid de na scríbhneoirí sin. Comhghairdeas leis an file Máire Dinny Wren agus le Kim Sharkey a rinne an ealaíon don leabhar. Ba mhór an onóir dúinn a bheith ag obair leis an bheirt acu. Fógrófar na buaiteoirí ag tús mhí Dheireadh Fómhair 2020 agus tá muid ag súil go mór leis.

Is é Tine Ghealáin an dara cnuasach filíochta le Máire Dinny Wren. Is as Gaeltacht Thír Chonaill do Mháire agus tá a cuid dánta fréamhaithe go domhain i dtraidisiúin agus i seanchas a háit dúchais. Ina cuid dánta tugann sí léargas ionraic dúinn ar an tsaol, trí shúile fhileata a chinntíonn muinín an léitheora. Tá daonnacht láidir le braith sna dánta rud a thugann deis dúinn mothú, foghlaim agus tuiscint níos doimhne a fháil ar an tsaol thart orainn. Tá na dánta lonnaithe in iarthuaisceart Dhún na nGall sa lá atá inniu ann, le roinnt tagairtí siar ar chuimhní an údair, ar a hóige agus ag éirí aníos faoin tuath.

Tá dánta pearsanta sa chnuasach faoina máthair agus a hathair, dánta faoin bhás agus faoi dhul in aois, faoi chomharsana agus daoine faoi leith a chuaigh i bhfeidhm uirthi i rith a saoil, faoi ghrá agus faoi ísle brí. Is ceoltóirí cuid dóibh siúd a spreagann Máire agus ba cheoltóir aitheanta a hathair chomh maith, agus tá an ceol sin le cluinstin sna dánta, idir an rithim agus an fhoclaíocht a chumann sí. Tá guth agus líofacht an phobail agus a sinsear le cluinstin sna dánta agus mothaíonn tú go bhfuil a cluas le sruth na teanga aici i gcónaí.

Tá dánta sa chnuasach faoin nádúr, an timpeallacht agus an dúlra. Tá dánta ann a tharraingíonn ar an bhéaloideas agus ar an tseanchas atá beo thart ar Mháire, amanna culaith úr curtha aici orthu agus iad tugtha dúinn i gcruth nua-aimseartha mar mhíniú nó mar mheafar a thugann cúis machnaimh dúinn.

Sna dánta pearsanta, mothaíonn tú bá don scríbhneoir agus dona cás. Go minic, labhraíonn Máire ar son mhná atá faoi ghéibheann nó i gcruachás agus tugann sí guth dóibh a tharraingíonn aird ar a gcás agus a dhéanann an mhí-chothromaíocht a phlé agus a léiriú.

Tá thar leathchéad dán sa bhailiúchán ar fad, a nochtann croí agus spiorad an údair, a ceantar dúchais, a cultúr agus a daoine.

Is í Kim Sharkey a rinne an ealaíon atá ar an chlúdach agus tá an leabhar breactha le léaráidí a luíonn isteach go néata le téamaí an leabhair.

To top