Róise Ní Bhaoill Scríbhneoir Gaeilge ó Rann na Feirste

Seoladh ‘Imram agus scéalta eile’ le Róise Ní Bhaoill

Ilchineálach

Is é Imram agus scéalta eile an chéad chnuasach gearrscéalta le Róise Ní Bhaoill agus bhí lúcháir ar Éabhlóid é a sheoladh ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne Dé Sathairn beag seo. Ba é an scríbhneoir Antain Mac Lochlainn a sheol an leabhar agus mar is dual d’Antain ba mhór an gradam a thug sé go dtí an post. Ina chaint, rinne Antain iniúchadh agus mionspíonadh ar théamaí agus stíl an leabhair ar bhealach a thug isteach go croílár na scéalta muid, ag cur na scéalta agus a n-áit i litríocht na tíre i gcomhthéacs, gan an scéal a mhilleadh ar an lucht éisteachta a bhí ar bís leis an leabhar a léamh sula raibh a chaint leathchríochnaithe aige. Ba ghiorra le léacht a chaint agus tá muid buíoch d’Antain as leagan scríofa den chaint sin a chur ar fáil dúinn, agus cuireann muid ar fáil é ag bun an leathanaigh seo don té ar mhaith leis an chéad léirmheas ar shaothar úr Róise a léamh.

Cnuasach gearrscéalta as an choitiantacht atá ann,” a deir Mac Lochlainn, “cnuasach a chuireann comaoin ar an ghearrscéal Gaeilge agus a chuireann casadh ann fosta.

Chluinfeá pionna ag titim sa tseomra leis an chluas éisteachta a fuair a chuid cainte agus ní ionadh é nó mhothaigh gach duine i láthair go raibh an chaint ag teacht ón chroí ag scríbhneoir a thuig agus a raibh meas aige ar an ábhar.

Antain Mac Lochlainn ag seoladh leabhar úr Róise Ní Bhaoill, Imram agus Scéalta Eile

I dhiaidh d’Antain an leabhar a sheoladh, labhair Róise faoin astar a thug sí fuithi leis an leabhar agus faoi chuid den inspioráid a bhí ar chúl cuid de na scéalta. Ghabh sí buíochas le Caomhán Ó Scolaí agus le Mícheál Ó Domhnaill a d’oibir ar an leabhar agus le hÉabhlóid as an leabhar a fhoilsiú.

Tá muid fíorbhuíoch d’achan duine a tháinig chuig an tseoladh san INEC i gCill Airne agus a choinnigh comhluadar linn agus d’Antain Mac Lochlainn a sheol an leabhar dúinn.

Tá an leabhar Imram agus scéalta eile ar fáil anseo.

Eoghan Mac Giolla Bhríde, Róise Ní Bhaoill agus Antain Mac Lochlainn
Róise Ní Bhaoill agus Hannah Ní Bhaoill ag seoladh Imram agus scéalta eile
Bríd Anna Ní Bhaoill, Éanna Ó Cróinín agus Aodán Ó Cearbhaill
Róise Ní Bhaoill ag síniú cóipeanna
Aodh Ó Maolchiaráin
Cathal Póirtéir ag seoladh Imram agus scéalta eile ag Oireachtas na Gaeilge 2022
Frances Morton
Róise Ní Bhaoill le Máire Mhic Niallais ag seoladh Imram agus scéalta eile

Spéic Antain Mhic Lochlainn ag Seoladh an Leabhair Imram agus Scéalta Eile le Róise Ní Bhaoill, 5 Samhain 2022.

Tá lúcháir orm gur iarradh orm an leabhar seo a sheoladh agus go bhfuil baint agam, más caolbhaint féin é, leis an tsaothar seo a chur i láthair an phobail léitheoireachta. Cnuasach gearrscéalta as an choitiantacht atá ann, cnuasach a chuireann comaoin ar an ghearrscéal Gaeilge agus a chuireann casadh ann fosta. Is furast’ aithne go bhfuil ómós ag Róise Ní Bhaoill do na scríbhneoirí a chuaigh roimpi, ach is é an t-ómós is fearr i gcúrsaí scríbhneoireachta do chuid féin a dhéanamh den traidisiún – rud atá déanta aici. Idir stíl agus dearcadh saoil, tá úire le brath ar na scéalta seo. Seo údar a bhfuil a guth féin aici.

Tá Eoghan fá choinne sliocht nó beirt a léamh daoibh ach, faoi bhun iarraidh air an leabhar uilig a léamh, ní thig linn ach blaiseadh beag den phrós a thabhairt daoibh. Agus sin an prós atá ealaíonta, gonta, bríomhar.

Rith sé liom agus mé ag léamh go bhfuil iarracht den dán próis i gcuid de na scéalta, go háirithe an chéad scéal ‘Leath na Caillí’. Ba chóir dom cur leis sin, nó go rómhinic, is ionann ‘prós fileata’ agus prós atá millteanach saothraithe, mar a bheadh cleasa agus maisíochtaí na filíochta tugtha ar iasacht ag an scríbhneoir próis. Tá a fhios agaibh fhéin na comharthaí sóirt – ní ligtear don ainmfhocal bhocht oiread agus bomaite a chaitheamh leis féin gan sé cinn d’aidiachtaí a bheith sna sála air, agus iad uilig ag toiseacht ar an fhuaim chéanna. Ní mar sin atá an stíl scríbhneoireachta sa chnuasach seo. Is é rud go bhfuil meon na filíochta ann ar dhóigh inteacht – go dtéann sé i bhfeidhm ort mar a théid an fhilíocht, gan tú a bheith ábalta a mhíniú go rómhaith cad chuige nó cad é an dóigh.

Ar an chéad leathanach, sa chéad pharagraf, castar dúinn fear ar a bhealach isteach sa Yukon, aimsir an ruathair óir. Tá sé ag cur síos ar an bhrúdán agus ar an challán thart air agus na sluaite fear ag dul ar bord ar bhád a bhéarfas ní b’fhaide isteach sa Yukon iad. Deir sé go bhfuil an callán is an trup cosúil le ‘ceo paidreacha’ os a gcionn. Ceo paidreacha. Cad é atá ann, go díreach? Níl a fhios agam. Ach smaoiním ar na fir seo, i bhfad ó bhaile, iad ag dréim lena saibhreas a dhéanamh agus fios maith acu go bhfuil cruatan i ndán daofa – an bás féin, b’fhéidir. B’fhurast’ a shamhailt go mbeadh ceo paidreacha dá leanstan thart, agus ceo mallachtaí fosta. Níl bréag ná áiféis ar bith san íomhá álainn sin. Níl rud ar bith writerly faoi. Agus bíodh go bhfuil saibhreas Gaeilge as cuimse sna scéalta seo, ní hionann iad agus scéalta eile dá bhfuil léite agam, ina ndéantar sean-nathanna a dhí-adhlacadh ó reilig na bhfoclóirí agus gan de chuspóir leis, dar leat, ach taispeántas dea-Ghaeilge. Na híomhánna agus na samhlacha is cumhachtaí anseo, ní bhfaighfear iad i gcnuasach cora cainte ar bith nó is toradh ar shamhlaíocht an údair iad. Ceo paidreacha – níor cuireadh an dá fhocal sin i ndiaidh a chéile riamh gur chuir Róise Ní Bhaoill i ndiaidh a chéile iad.

Dúirt mé go gcuirtear casadh sa traidisiún sna scéalta seo. Tá ábhar léachta sa mhéid sin, ach seo sampla amháin nár mhiste a lua. Diarmuid Ó Doibhlin, mo sheanoide ollscoile, ba ghnách leis a rá go bhfuil an laochas i gcroílár litríocht Ghaeltacht Thír Chonaill; más mian leat scríbhneoireacht na gConallach a thuigbheáil, gurb é an laochas an eochair.  B’fhéidir nach mbeadh ann ach troid bataí agus clú do bhaile féin a sheasacht, mar atá in Troid Bhaile an Droichid. Nó b’fhéidir gur laochas intleachtach Sheosaimh Mhic Grianna a bheadh ann, agus é ag fógairt don tsaol mhór gur fear dána a bhí ann, in achan chiall de na focla sin.

I dtaca le ‘Leath na Caillí’, is doiligh gan cuimhneamh ar laochas Mhicí Mhic Gabhann, fear eile a chuaigh i gcontúirt sa Klondike. Leoga, ó tharla nach bhfuil ainm ar an charachtar i scéal Róise, bharúil mé ar dtús go mb’fhéidir gur Micí a bhí ann – seort athinsint ar an chuid sin dena shaol. Ach chan é. D’fhulaing Micí cuid mhór ach tháinig sé ar an phota óir faoi dheireadh. Fear an scéil seo, ní cosúil go mbeidh sé ag pilleadh ‘na bhaile go caithréimeach. Corruair sa tsaol seo, ní leor an laochas, an fuilstean, ná íobairtí dá mhéad. Tá an laochas go láidir sa chnuasach seo, mar a chífeas muid, ach ní laochas na seanscéalta ná laochas macho atá ann.

Déarfá ar dtús gur scéal réalaíoch atá in ‘Leath na Caillí’ – rud nach mbeadh locht ar bith agamsa air. Is scríbhneoir cumasach a dhéanfadh na mionsonraí a láimhdeachas mar atá déanta ag Róise anseo. Scéal do na cúig céadfaí atá ann: ‘seanbholadh milis’ na bhfear agus iad brúite le chéile ar an ché. ‘Buillí casúr… fir ag búirthigh os cionn an racáin.’ An eanglach a bhíodh ina lámha leis an fhuacht. An tóir a bhíodh acu ar shiúcra mar ‘bhí tíocras na milseachta ar mhuintir an Yukon.’ Tá an cuntas chomh bríomhar sin go bhfaca mé romham iad, na mianadóirí bochta.

Ach bíonn sleachta ann ina dtig claochlú ar an insint sin agus chítear don léitheoir (nó chonacthas don léitheoir seo) go bhfuil rud inteacht ar a chúl seo ar fad, rud inteacht níos doimhne agus níos leithne. Cuir i gcás, seo an mianadóir bocht i ndiaidh dó theacht chomh fada le Chilkoot Pass, ar a bhealach go Cathair Dawson.

Chuala sé iomrá ar an Chilkoot Pass agus mheas sé minic go leor, gur ag déanamh áibhéile a bhíodh an dream a rinne seanchas air roimhe seo. Ach thuig sé, agus é ina sheasamh ag amharc suas air anois, gur dhoiligh d’fhear ar bith focla a chur ar ghile nimhneach na háite sin. Ní raibh easrach sléibhe ann ná crann ná caora féin. Ní raibh ann ach na fir a bhí á n-ullmhú féin le dhul suas, iad mar a bheadh pláighe ghnoitheach míolta ar chraiceann amh an tsléibhe. Chonaic sé cuid de na fir agus na cloigne siar acu, iad uilig ag amharc suas i dtreo an chosáin chúng a bhí rompu. Bhí sé ar rud chomh crochta agus a chonaic fear ar bith ariamh. D’amharc sé ar an ribín dubh fear a bhí ag dul as radharc suas an gleann cúng geal sin, na céadta fear ar aon tointe amháin agus an uile fhear acu crom ag a ualach uaigneach féin.

‘An uile fhear acu crom ag a ualach uaigneach féin.’ Sin cás na mianadóirí i measc shléibhte an Yukon agus cás achan duine againn sa ghleann seo na ndeor a bhfuil muid uilig beo ann. Agus sin cás na gcarachtar sna scéalta seo. Tá an chéad scéal seo ag inse dúinn cé leis a bhfuil dáimh an údair: leis na híochtaráin, na daoine beag le rá, na daoine a leagtar agus a bhrúitear faoi rothaí móra an tsaoil.

Duine acu sin atá sa deoraí sa darna scéal, ‘Imram’. Níl a fhios agam cad é an focal ab fhearr a chuirfeadh síos ar an scéal seo: ‘comhrá’ nó ‘monalóg’ nó eile. B’fhéidir nach mbeadh ‘faoistin’ i bhfad ón cheart ach an oiread. Insíonn an reacaire dúinn go bhfuil sí ar cuairt áit inteacht thar lear – ní deirtear cá háit go díreach. Castar fear uirthi agus í ag fanacht le bus go mall san oíche. Deoraí nó teifeach atá ann. Tá sí ar a dícheall ag cur doichill roimhe ach labhrann sé leis cá bith nó caithfidh sé a scéal a inse. Faoin dóigh ar cuireadh an saol bunoscionn air nuair a tháinig ‘lucht na bhféasóg’ i gcumhacht ina thír dhúchais. Ní deirtear cén tír atá ann, ach is cosúil gurb é an Stát Ioslamach nó a macasamhail atá i ndiaidh theacht i réim agus an saol a bhí ann roimhe a mhúchadh thar oíche.

De réir mar a chuireann an strainséir síos ar an uafás agus ar an doirteadh fola ina thír féin, chí muid go bhfuil tráma air, agus ciontacht fosta – ciontacht an té a thug na cosa leis. Ní spárálann sé an reacaire agus ní spárálann an reacaire an léitheoir. Luann sé an grianghraf coscarach sin a bhfuil cuimhne agaibh air, b’fhéidir, den ghasúr beag ón tSiria a báitheadh sa Mheánmhuir agus ar tháinig a chorp i dtír ar thráigh turasóirí sa Tuirc in 2015.

Deir sé:

“Ní mian liom an scéal a righniú, tá do sháith cluinste agat fána leithéid leis seo. Má tá íomhá a tharraing suntas, chonaic tú é chomh maith le duine, an corp beag báite i mbaclainn garda mar a bheadh Pieta leathbhruite ann. Thuill sin aird. Tamall,” ar seisean. “Ach an cuimhin leat a ainm anois?” agus d’amharc sé amach as faoina chuid súl orm.

Ba leasc liom a admháil nach raibh barúil agam.  

Míshuaimhneach go leor a bhí mise agus mé ag léamh an méid sin, nó bhí ainm Alan Kurdi ligthe i ndíchuimhne agam féin; b’éigean domh é a chuardach ar Google. Ar bhealach, tá an reacaire sa scéal seo ag déanamh ionaid dúinn uilig. Gan fonn orainn an tragóid atá ag tarlú os comhair ár dhá súl a fheiceáil. Trua againn don deoraí, ach trua gan tarrtháil. 

Tá an deoraí sa scéal ‘Imram’ cráite le ciontacht. B’fhurast’ dúinne a rá nach bhfuil feidhm air a bheith mar sin, gur airsean a rinneadh an éagóir. Ach tá tuigbheáil chaolchúiseach ag an údar seo ar chroí agus ar aigne an duine agus ar an chaidreamh idir an dá chineál – caidreamh casta corrach. An fealsamh Gréagach, Platón, chuir sé an caidreamh sin i gcosúlacht le fear carbaid agus a fhoireann capall. Is é an réasún an carbadóir agus is iad na capaill na mothúcháin. Is é obair fhear an charbaid srian a choinneáil ar na capaill le nach rachaidh siad ó smacht. Inniu, déarfadh na saineolaithe gur an bealach eile thart atá sé, go mbíonn na mothúcháin dár dtarraingt soir agus siar dár míle ainneoin. Beidh a sháith déanta ag fear an charbaid má fhanann sé ina sheasamh. Tuigeann síceolaithe an méid sin anois ach thuig na scríbhneoirí riamh é. Tuigeann Róise Ní Bhaoill é.  An deoraí bocht in ‘Imram’, chonaic sé cruálacht atá ina húdar náire don dream atá ciontach inti. Ach is airsean atá an náire ina dhiaidh sin. An bhean sa scéal ‘An Dubh agus an Bán’, tá sí faoi bhois an chait ag fear brúidiúil a bhí deas lách i dtús an chaidrimh ach, an uair amháin ar ‘leis’ í, briseann an dúchas tríd. Is cleasach an rud intinn an duine agus tá sí i ndiaidh cleas gránna a imirt ar an bhean seo: ise atá ag fuilstean ach is uirthise atá an náire.

Scéal atá ann a chaitheann solas ar chúinne dorcha den tsaol arbh fhearr linn, b’fhéidir, gan é a fheiceáil ná a admháil cé chomh leitheadach atá a leithéid seo de chaidreamh mífholláin, míshona. ‘Níl dúil agam i scéalta dorcha,’ a déarfaidh sciar den phobal léitheoireachta agus a chead sin acu. Thiocfadh liom féin freagra a thabhairt ar an ráiteas sin ach ní bheadh sé chomh maith leis an méid a scríobh Christi Williams, scríbhneoir agus oideachasóir as na Stáit Aontaithe.

Tá súileas agam go dtabharfaidh taibhsí an Oireachtais maithiúnas domh as sliocht Béarla a léamh, ach ní fhéadfainn a rá chomh beacht agus atá sé ráite ag Williams in aiste a scríobh sí dar teideal Why We Should Read Sad Books.

What do I mean by “sad books”? I don’t mean books that end in nihilistic despair and leave you feeling powerless in the face of evil. I don’t mean melodramatic books that ruthlessly tug on your emotions and enumerate one tragedy after another to keep you turning the pages. I do mean books that don’t sugar-coat existence, but rather draw you into the realities of life. I do mean books that aren’t afraid to show you real suffering and how characters respond to it. I do mean books that deal with death and radical sacrifice.

Tá an bás gnoitheach i gcuid de na scéalta seo. Smaoiním, mar shampla, ar ‘Breithiúnas Aithrí’ ina bpléitear an bás is coscaraí ar fad: bás linbh. Nuair a luaigh Christi Williams death and radical sacrifice, shílfeá gur ag trácht ar an scéal seo a bhí sí. Tá briseadh croí ann, gan dabht ar bith, ach ní ‘íospartach’ bocht fágtha í an mháthair ach bean a bhfuil sracadh agus teacht aniar inti. Tá páistí eile le tógáil aici agus ní thig léi tabhairt isteach ná ligean don tsaol í a chloí. Is é is laochas ann, i gcás na mná seo, éirí ar maidin, a cuid éadaigh a chur uirthi féin agus aghaidh a thabhairt ar an tsaol an athuair. Tá laochas sa chinneadh a dhéanann bean darb ainm Aleena sa scéal ‘Gaolta na gCnámh’.  Seo bean óg de chúlra Moslamach a sheasann an fód di féin agus a dhiúltaíonn déanamh de réir thoil a hathara. Fios maith aici go ndéanfar í a ruaigeadh as an teaghlach dá bharr sin. ‘Íobairt radacach’ má bhí a leithéid ariamh ann. Ach ná bíodh sé le rá gur mná iad seo nach bhfuil a gcosnamh féin iontu nó nach bhfuil ábalta buille a bhualadh ar a son féin. Níltear ag géillstean don éadóchas.

Tréaslaím a saothar le Róise agus molaim Éabhlóid as a bhfuil déanta acu leis an scríbhneoireacht a chothú, go háirithe saothair le scríbhneoirí úra a fhoilsiú. Dar ndóigh, tá neart foilsithe ag Róise roimhe seo i ngort an taighde agus na foghlama ach seo an chéad leabhar ficsin óna peann. Tá súileas agam go dtiocfaidh tuilleadh.

To top