‘Cnámh’ ar an ghearrliosta do Leabhar na Bliana 2020

Ilchineálach

Cnámh ainmnithe ar an ghearrliosta do Leabhar Gaeilge na Bliana atá urraithe ag Love Leabhar Gaeilge sna An Post Irish Books Award 2020.

Tá lúcháir mhór ar Éabhlóid go bhfuil leabhar dár gcuid ainmnithe do Leabhar na Bliana don dara bliain as a chéile. Anuraidh, bhí Gáire in Éag le Seán Ó Muireagáin ar an liosta agus i mbliana roghnaíodh Cnámh le hEoghan Mac Giolla Bhríde mar cheann de na sé leabhar a hainmníodh don duais. Beidh buaiteoirí na Irish Books Awards fógartha beo ar shuíomh idirlín www.anpostirishbookawards.ie ar an 25 Samhain mar ócáid fhíorúil agus beidh an ócáid craolta ar RTÉ One ar 10 Nollaig.

I measc na leabhar eile atá roghnaithe tá: Bealach na Spáinneach le Liam Mac Cóil, Múscail a Ghiorria le hEithne Ní Ghallchobhair, An Diabhal Déanta le Joe Steve Ó Neachtain, Éadaoin le Diarmuid Johnston agus Cur i gCéill le Celia de Fréine. Guíonn muid gach rath orthu.

Is é Cnámh an tríú cnuasach gearrscéalta le hEoghan Mac Giolla Bhríde agus tá sé ar fáil ar an suíomh seo agus ó shiopaí leabhair ar fud na tíre.

To top