Writer Seán Ó Muireagáin signing his book at the launch of his collection of short stories Gáire in Éag

Seoladh Gáire in Éag ag Oireachtas na Gaeilge

Ilchineálach

Sheol an léiritheoir scannán, Ciarán Ó Cofaigh, ón chomhlacht ROSG, an cnuasacht gearrscéalta, Gáire in Éag, le Seán Ó Muireagáin ag Oireachtas na Gaeilge ag an deireadh seachtaine.
Dé Sathairn in Óstán Brehon, líon slua daoine isteach i seomra Park ar an ceathrú urlár go gcluinfeadh siad comhrá neamhfhoirmiúil idir Chiarán agus an t-údar. Mhínigh an t-údar, Seán Ó Muireagáin, caidé a spreag é leis an leabhar a scríobh. Rugadh agus tógadh Seán i mBéal Feirste i rith na dtrioblóidí agus dúirt sé gur mhaith leis glór a thabhairt do dhaoine a mhair fríd na droch-amanna sin agus nach bhfaigheann glór de ghnáth. “Go minic ní chluintear ach faoi an bhuama mór a phléasc nó an duine bocht a maraíodh ach ar chúl sin go léir tá pobal iomlán agus teaghlaigh iomlána a bhí gortaithe agus stróicthe as a chéile ag na gníomhartha sin chomh maith, ach ní minic a chluintear caidé a tharlaigh dóibh. I ngach teach síos gach sráid i mBéal Feirste tá daoine agus teaghlaigh a d’fhulaing agus atá go fóill ag fulaingt agus bhí mé ag iarraidh go díreach cuid de na scéalta sin a inse, le go dtuigfeadh daoine cad leis a raibh sé cosúil ag an am.”
Shínigh Seán cóipeanna den leabhar i ndiaidh an seoladh agus rinneadh comhghairdeas leis as a shaothar.

Tá an leabhar ar fáil sna siopa leabhar go léir a choinníonn leabhair Ghaeilge, mar shampla na siopaí seo leanas:

Liber Bookshop
Seoladh: 35 O’Connell St, Abbeyquarter North, Sligo
Suíomh: liber.ie
Fón: (071) 914 2219

An Siopa Gaeilge
Seoladh: Gleann Cholm Cille, Contae Dhún na nGall, Éire
Suíomh: siopagaeilge.ie
Fón: 074 9730500 / 074 9730248

David Walsh
Seoladh: 41 Main St, Dungarvan, Co. Waterford
Suíomh: davidwalshdungarvan.com
Fón: (058) 42786

Scéal Eile Books
Seoladh: 16 Lower Market St, Clonroad Beg, Ennis, Co. Clare
Suíomh: scealeilebooks.ie
Fón: (065) 684 8648

Charlie Byrne’s Bookshop
Seoladh: Cornstore Mall, Middle Street Galway, Galway
Suíomh: charliebyrne.com
Fón: (091) 561 766

Hodges Figgis
Seoladh: 56-58 Dawson St, Dublin 2
Suíomh: Hodges Figgis – BÁC
Fón: (01) 677 4754

Waterstones – Corcaigh
Seoladh: 69 Patrick St, Cork
Suíomh: Waterstones – Corcaigh
Fón: (021) 427 6522

Waterstones – Droichead Átha
Seoladh: G12, Scotch Hall Shopping Centre, Marsh Rd, Scotch Hall, Drogheda, Co. Louth
Suíomh: Waterstones – Droichead Átha
Fón: (041) 983 8527

The Bookshop – Westport
Seoladh: N5, Cahernamart, Westport, Co. Mayo
Fón: (098) 26816

O’Mahony’s
Seoladh: 120 O’Connell St, Limerick
Suíomh: omahonys.ie
Fón: (061) 418 155

The Bookworm
Seoladh: 1 Parnell St, Thurles Townparks, Thurles, Co. Tipperary, Ireland
Suíomh: bookworm.ie
Fón: +353 504 22257

Tígh Ruarí
Seoladh: Leitir Móir, Gaillimh
The Book Center – Ballybofey
Seoladh: Main St, Stranorlar, Ballybofey, Co. Donegal
Suíomh: bookcentre.ie
Fón: (074) 913 1992

The Clifden Bookshop
Seoladh: Main St, Clifden, Co. Galway
Suíomh: clifdenbookshop.com
Fón: (095) 22020

Bláthanna Tí Mhistéal
Seoladh: Mitchell Flowers, Carraroe, Co. Galway
Suíomh: mitchellflowers.ie
Fón: (091) 869916

Easons – Gallimh
Seoladh: 33 Shop St, Galway
Suíomh: easons.com
Fón: (091) 562 284

The Maynooth Bookshop
Seoladh: 68 Main St, Maynooth, Co. Kildare
Suíomh: schoolbooksmaynooth.com
Fón: (01) 628 6702

Raven Books – Blackrock
Seoladh: 34 Main St, Blackrock, Dublin
Suíomh: ravenbooks.ie
Fón: (01) 278 9509

Dubray
Seoladh: 220 Rathmines Rd Lower, Dublin 6, D06 XC59
Suíomh: dubraybooks.ie
Fón: (01) 497 9722

The Skerries Bookshop
Seoladh: R128, Townparks, Skerries, Co. Dublin
Suíomh: The Skerries Bookshop – Facebook
Fón: (01) 849 0500

To top