Dhá leabhar de chuid Éabhlóide ainmnithe don gradam Love Leabhar Gaeilge

Ainmniúcháin do An Post Irish Book Awards – Leabhar Gaeilge na Bliana

Ilchineálach

Tá lúcháir mhór orainn go bhfuil na leabhair Bláth na dTulach agus Bádh B’fhéidir beirt ainmnithe do Dhuais Leabhar Gaeilge na Bliana 2022 ag An Post Irish Book Awards. Tugann na hainmniúcháin seo aitheantas do na scríbhneoirí a chuir oiread oibre ina gcuid saothair; do Sheáin Ó Muireagáin as a leabhar bhríomhar nuálach, Bádh B’fhéidir, agus don 28 scríbhneoir a bhfuil scéalta acu sa chnuasach Bláth na dTulach. Comhghairdeas leis an dearthóir Caomháin Ó Scolaí a dhear an dá leabhar agus do na heagarthóirí Réaltán Ní Leannáin, a chruinnigh na scéalta, agus Mícheál Ó Domhnaill a chinntigh ardchaighdeán. Tá muid buíoch do na léitheoirí agus léirmheastóirí uilig a thacaigh leis na leabhair agus a scaip an dea-scéal i measc an phobail. Is diolaim gearrscéalta nua-aimseartha ó Chúige Uladh é Bláth na dTulach, bailithe le chéile ag an eagarthóir Réaltán Ní Leannáin. Tugann sé réimse leathan scéalta ó scríbhneoireachta na Gaeilge ó Chuige Uladh le chéile idir a chlúdaigh.

Is cnuasach de ghearrcéalta nuálacha é Bádh B’fhéidir le Seán Ó Muireagáin. D’fhoilsigh Éabhlóid an leabhar seo níos luaithe i mbliana agus tá muid ag fáil dea-scéalta agus aiseolas maith faoin leabhar ónár léitheoirí ó shin.



Rinneadh na hainmniúcháin a fhógairt sa GPO i mBaile Átha Cliath, áit a raibh scríbhneoirí i láthair ó 18 chatagóir éagsúla. Labhair Michael Tyrell ó An Post faoin ról lárnach atá ag leabhair i gcultúr agus i meon na hÉireann. Tá rannóg na Leabhar Gaeilge urraithe ag Love Lebahar Gaeilge agus tá muid fíorbhuíoch do Love Leabhar Gaeilge as an obair a dhéanann siad ag cur leabhair agus folsitheoireacht na Gaeilge chun cinn. Tugann imeachtaí mar seo deis iontach d’fhoilsitheoirí mar Éabhlóid ár gcuid leabhair a thaispeaint ar ardán Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Réaltán Ní Leannáin le Bádh B’fhéidir agus Bláth na dTulach




Fógrófar na buaiteoirí ag oíche mhór in Ionad Chomhdhála Bhaile Átha Cliath ar an 23 Samhain agus tá muid ag súil go mór le hoíche bhreá leis na hainmnithigh eile. Is iad na hainmnithigh eile: An Dara Rogha le Celia de Fréine, Siúl an Daill le Darach Ó Scolaí, agus EL le Thaddeus Ó Buachalla. Comhgháirdeas ó chroí leo go léir. Craolfaidh RTÉ clár speisialta ón imeacht. Anuraidh bhí an clár feicthe ag thar 200,000 duine.


Ba mhaith linn ár gcomhgháirdeas agus ár mbuíochas a chur in iúl do na scríbhenoirí go léir a bhí páirteach in Bláth na dTulach: Antain Mac Lochlainn, Brighid Uí Mhonacháin, Celia de Fréine, Daithí Ó Muirí, Danny Brown, Déirdre Ní Grianna, Dubhán Ó Longáin, Eithne Ní Ghallchobhair, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Gabhán Ó Fachtna, Iarla Mac Aodha Bhuí, Máire Burns, Máire Dinny Wren, Máire Zepf, Máirín Uí Fhearraigh, Michelle Nic Pháidín, Pádraig Ó Gallchobhair, Proinsias Mac a’ Bhaird, Réaltán Ní Leannáin, Réamonn Ó Ciaráin, Róise Ní Bhaoill, Sam Ó Fearraigh, Séamus Mac Annaidh, Seán Mac Gintidh, Seán Ó Dúrois, Seán Ó Muireagáin, Seanán Mac Aoidh agus Síle Uí Ghallchóir

To top