“Cáitheadh na dTonn” sna siopaí

Ilchineálach

Tá eagrán úr den leabhar Cáitheadh na dTonn leis an scríbhneoir Conallach, Muirghein, curtha ar fáil ag Éabhlóid. Tá an leabhar sna siopaí anois. I 1934 a foilsíodh an leabhar den chéad uair agus is é seo an chéad uair a bhfuil an leabhar ar ais i gcló. Sa leagan úr, tá cóiriú déanta ar an téacs agus é tugtha suas chun dáta le litriú na haimsire, ach aird faoi leith tugtha do sheanleaganacha cainte a chuireann go mór le saibhreas scríbhneoireachta an údair. Sa leabhar tá úrscéal, dhá ghearrscéal agus dráma, iad go léir suite i nGaeltacht Thír Chonaill. Tá an leabhar sna siopaí maithe leabhar ar fud na tíre, nó, is féidir é a ordú anseo díreach.

To top