Gradam Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana buaite ag “Imram agus scéalta eile” le Róise Ní Bhaoill

Ilchineálach

Comhghairdeas le Róise Ní Bhaoill as Gradam Leabhar Ficsean Gaeilge na Bliana atá urraithe ag Foras na Gaeilge a fháil aréir ag An Post Irish Book Awards. Bhí oíche ar dóigh ann ag an cheiliúradh in Ionad na Comhdhála i mBaile Átha Cliath. Comhghairdeas leis na scríbhneoirí eile a bhí ainmnithe chomh maith.

Róise Ní Bhaoill ag An Post Irish Books Awards
Róise Ní Bhaoill ag tógáil a duais ag An Post Irish Book Awards 2023

Is gradam mór le rá é an gradam seo i saol litríochta na Gaeilge agus is breá an t-aitheantas é don tsaothar Imram agus scéalta eile. Ba mhór an phribhléid againne é mar fhoilsitheoirí an deis a fháil oibriú le Róise agus ba bhronntanas ar leith é an deis seo a fháil le hobair ar shaothar atá ar chaighdeán chomh hard leis. Tagann Róise as traidisiún shaibhir litríochta Rann na Feirste agus tugann sí léargas dúinn ar an tsaol mhór agus ar shaol na Gaeltachta ina cuid scríbhneoireachta. Níl rud ar bith mór ag Róise; scríobhann sí ón chroí agus tá téagar agus saibhreas ina cuid scríbhneoireachta. Guíonn muid gach rath uirthi agus coinnígí súil amach dá leabhar úr, an cnuasach filíochta Idir an Dá Fhearsaid a bheas ag teacht ó theach foilsitheoireachta Éabhlóid gan mhoill.

To top