Proinsias Mac a'Bhaird Inní Gearrscéalta Gaeilge

Ag ceiliúradh ceithre leabhar

Ilchineálach

Ag Oireachtas na Samhna rinneadh ceiliúradh ar cheithre leabhar speisialta, Scéalta ó m’Óige le Nuala Ní Ghallchóir, Caoilte Caillte sa Mhúsaem le Gemma Nic Conchra, Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Néill le Caitlín Nic Niallais agus Inní le Réaltán Ní Leannáin.

Bhí ceithre leabhar a d’fhoilsigh Éabhlóid i rith na paindéime nach bhfuair muid an deis cheart ceiliúradh a dhéanamh orthu, mar sin shocraigh muid ócáid cheiliúrtha a bheith againn i rith an Oireachtais le haitheantas a thabhairt do na scríbhneoirí agus do na healaíontóirí a raibh sé de phribhléid againn oibriú leo i rith tréimhse na dianghlasála.

Bhailigh an slua isteach go Sviút 1 san INEC i gCill Airne agus le tús a chur leis an cheiliúradh, sheinn baill den Chrann Óg, a tháinig i rith an bhealaigh as Gaoth Dobhair le páirt a ghlacadh san Oireacthas, cúpla port meidhreach dúinn.

Ba é an scríbhneoir Proinsias Mac a’ Bhaird a chuir an ócáid i láthair agus bhí lúcháir mhór orainn an oiread sin cairde a fheiceáil ag an cheiliúradh. Ba fhial agus ba fhlaithiúl a labhair Proinsias faoi na ceithre leabhar, ag cur síos orthu mar sheodra, ní amháin i saol litríochta na Gaeilge, ach mar shaothair a chuireann le litríocht an domhain.

Proinsias Mac a’ Bhaird

An chéad leabhar a dtearnadh tagairt uirthi nó Scéalta ó m’Óige le Nuala Ní Ghallchóir. Cailleadh Nuala in 2013 agus ba í a deirfiúr Bríd Naessens a thug cóip de na scéalta seo d’Éabhlóid le foilsiú. Bhí lúcháir mhór orainn mar sin go raibh an t-ealaíontóir Niall Naessens, mac le Bríd, i láthair ag an cheiliúradh. “Is faisnéis thábhachtach ar shaol shóisialta í an leabhar seo,” a dúirt Phroinsias, “a thugann léargas iontach dúinn ar shaol a bhí ann céad bliain ó shin”. Labhair Proinsias faoin sult a bhain sé as an leabhar agus luaigh sé an greann agus ardchaighdeán na scríbhneoireachta Gaeilge atá le fáil ann. “Nuair a dhírigh roinnt de na scríbhneoirí móra ar dhuairceas agus anó an tsaoil sa Ghaeltacht, shocraigh Nuala a bheith dearfach ina dearcadh,” arsa Proinsias. “Thaispeáin sí an saol fríd shúile dhearfach an ghirsí óig.”

An t-ealaíontóir Niall Naessens, nia le Nuala Ní Ghallchóir, a bhí i láthair ag an ócáid


Ba é Caoilte Caillte sa Mhúsaem le Gemma Nic Conchra an dara leabhar ar tugadh aitheantas di. “In amanna, ní leor focla amháin le suim na léitheoirí óga a choinneáil, bíonn gá le léaráidí agus diabhlaíocht agus craic fosta,” a dúirt Proinsias, “agus tagann na trí eilimintí sin le chéile go healaíonta sa leabhar Caoilte Caillte sa Mhúsaem“. Ceann de na gnéithe is mó a thaitin le Proinsias faoin leabhar nó an stíl shoineanta inar tarraingíodh na pictiúir. “Is cineál pictiúirí iad a tharraingeodh páiste beag é féin agus tá tallann faoi leith de dhíth ar ealaíontóir le bheith ábalta breith ar shoineantacht an pháiste mar sin ina gcuid léaráidí. Seo stíl a thaitneoidh go mór le páistí.”

Gemma Nic Conchra a scríobh agus a mhaisigh Caoilte Caillte sa Mhúsaem

Léigh Gemma sliocht óna leabhar agus mhínigh sí cuid den phróiseas smaointeoireachta a bhí aici agus í ag cruthú an leabhair. I ndiaidh comhrá a bheith aici le cara, a dúirt sí, shocraigh sí díriú isteach ar na mionsonraí sna léaráidí agus chuaigh an minimalism amach an fhuinneog, rud a thug spás dá samhlaíocht.

Ba í an leabhar Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Néill, cnuasach de scéalta béaloidis a bailíodh óMhicí Sheáin Néill Ó Baoill as Rann na Feirste i dTír Chonaill, curtha ina eagar ag Caitlín Nic Niallais, an chéad leabhar eile ar tugadh aitheantas di. Rinne Proinsias a mhór den tsaibhreas scéalaíochta a tháinig as ceantar beag tuaithe mar Rann na Feirste. “Leabhar thoirtiúil í seo le 18 scéal, curtha i gceann a chéile ag Caitlín Nic Niallais. Nuair a léann muid na scéalta seo, bíonn muid ábalta sult a bhaint as samhlaíocht agus dearcadh na ndaoine a chuaigh romhainn,” a dúirt Proinsias. “Sna scéalta seo, cluineann muid teanga shaibhir nádúrtha an scéalaí breá seo as Rann na Feirste a bhí báite sa traidisiúin.” Dúirt Proinsias “Tá leabharthaí mar seo riachtánach leis an traidisiúin scéaltaíochta a chaomhnú do na glúnta atá le theacht.” Tugadh an t-ardán ansin do iníon Chaitlíne, Lia Ní Chasaide, a d’aithris píosa de scéal ón leabhar agus ba thógáil croí é do gach duine a bhí i láthair an nádúrthacht sin a lua Prionsias a chluinstin beo beithíoch i gcur i láthair Lia. Bhí an seomra faoi gheasa aici díreach mar a bhíodh na héisteoirí faoi gheasa ag Micí Sheáin Néill é féin nuair a bhí sé i mbun scéalaíochta.

Lia Ní Chasaide, iníon Chaitlín Nic Niallais, a d’aithris scéal ón leabhar Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Néill
Caitlín Nic Niallais agus Regina Uí Chollatáin

An leabhar deireanach a dtearnadh ceiliúradh uirthi an tráthnóna breá seo ag an Oireachtas nó Inní le Réaltán Ní Leannáin – banríon na gearrscéalaíochta – dar le Proinsias. “Is scéalta iad seo a bhaineann le saol na mban, a ndeacrachtaí sa tsaol agus a gcúiseanna,” a dúirt Proinsias. “Níl eagla ar bith ar Réaltán a dhul i ngleic le cúiseanna a bhíonn trom agus domhain. Ach cé gur théamaí deacra iad, ní seo leabhar a chuireann gruaim nó ísle brí ar an léitheoir. Tá na téamaí trom, ach ní fhágtar mothú trom i do chroí i ndiaidh an leabhar a léamh. Tá dóchas i gcuid mhór de na scéalta. Is scéalta spreagúla iad, scéalta a chuirfidh a gháire thú, agus a tharraingeoidh deoir uait chomh maith. Cruthaíonn Réaltán carachtair atá inchreidte agus tugann na heachtraí orainn smaointiú ar an tsaol,” a dúirt Proinsias. Chuir Proinsias síos ar an leabhar mar shaothar a bhain sé sult mór as a léamh, scríofa ag údar atá i mbarr a réime.

Réaltán Ní Leannáin, údar an chnuasaigh Inní

Tugadh buíochas do na scríbhneoirí a d’oibir le hÉabhlóid le tamall anuas, do COGG agus do Chlár na Leabhar Gaeilge a thugann tacaíocht d’Éabhlóid. Tugadh buíochas ó chroí don dearthóir Caomhán Ó Scolaí ar son an obair iontach a dhéanann sé le hÉabhlóid agus do Mhícheál Ó Domhnaill, a bhfuil ról lárnach aige i ngach leabhar a chuirtear amach le cinntiú go mbíonn ardchaighdeán bainte amach ag Éabhlóid.

Le deireadh iontach a chur leis an cheiliúradh, ba mhór an phléisiúr againn éisteacht le clann Chaitlín Nic Niallais ag ceol dhá amhrán le chéile le comhcheol a bhí chomh binn leis na cuacha.

Tá Éabhlóid buíoch do Phroinsias Mhic a’ Bhaird as an ócáid a chur i láthair agus as na dea-bhriathra go léir faoi na leabharthaí.

Tá na ceithre leabhar ar fáil ó shuíomh Éabhlóide ag na nascanna seo thíos:

Inní le Réaltán Ní Leannáin

Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Néill le Caitlín Nic Niallais

Scéalta ó m’Óige le Nuala Ní Ghallchóir

Caoilte Caillte sa Mhúsaem le Gemma Nic Conchra


Míde, Seán, Lia agus Riada, ceathrar de chlann Chaitlíne.
To top