Duais Eilís Dillon bronnta ar Kim Sharkey as an leabhar Mór agus Muilc

Ilchineálach Leabharthaí Ráiteas

Comhghairdeas le Kim Sharkey a bhuaigh Duais Eilís Dillon ag Duaiseanna Children’s Books Ireland i mbliana. Is duais í seo a bhfuil ardmheas uirthi, a thugtar i gcuimhne ar an scríbhneoir, Eilís Dillon. Rinneadh na duaiseanna a fhógairt i searmanas beo ar líne agus is féidir é a fheiceáil anseo thíos.

Is mór an onóir d’Éabhlóid go bhfuair Kim an duais agus tá muid fíorbhródúil aisti.

Tá cur síos ar na duaiseanna anseo san Irish Times:

https://www.irishtimes.com/culture/books/women-win-big-at-kpmg-children-s-books-ireland-awards-1.4257158

Is scéal béaloidis é Mór agus Muilc, a d’aithris John Óg Ó Colla dá nia, Dónall Ó Cnáimhsí as Gaoth Dobhair, agus é ina pháiste. Tá an leabhar maisithe go hálainn ag Kim Sharkey. Tá an scéal bunaithe ar bheirt charachtar, Mór agus Muilc, agus na heachtraí a bhíonn acu i ndiaidh dóibh casadh le portán ar an trá. Síleann Mór agus Muilc gur an bás atá sa phortán agus imíonn siad beirt ina rith le heagla. Casann siad le cuid mhór carachtair ag teitheadh dóibh agus imíonn siad go léir ina rith ón phortán. Is ramás siamsúil é a thaitníonn go mór le páistí óga. Tá an obair ealaíona thar cionn agus beidh meas mór ag páistí sna carachtair dhaite atá tríd an leabhar. Foghlaimítear dhá cheacht ón scéal: níor cheart ligint den eagla an bhua a fháil agus níor cheart éisteacht le gach rud dá gcluin tú.

Kim Sharkey – Buaiteoir Duais Eilís Dillon CBI 2020

To top