“Sin Ceann Maith!” leabhar scéalta grinn le Joe Ó Dónaill seolta ag Ray Mac Mánais

Ilchineálach

Sheol Ray Mac Mánais leabhar úr jócanna le Joe Ó Dónaill ag Oireachtas na Gaeilge Dé hAoine 3 Samhain agus bhí slua breá i láthair. Bhí achan duine sna tríthí ag an bheirt agus gan feidhm orthu an leabhar a fhoscailt ar chor ar bith.

Ray Mac Mánais agus Joe Ó Dónaill ag seoladh Sin Ceann Maith! ag Oireachtas na Gaeilge
Ray Mac Mánais ag tabhairt a thaobh féin den scéal

“Tá aithne agam ar Joe le dhá scór bliain anois agus ba léir domhsa ón tús gur fearr greannmhar é!” a dúirt Ray ag cur tús lena chuid cainte.

“Is scéalaí iontach é Joe agus tá go leor duaiseanna bainte aige ag comórtais scéalaíochta. Is cumadóir amhráin é chomh maith agus tá a ainm greanta go bródúil ar Chorn Sheáin Eoin Uí Shuilleabháin. Chaith sé dhá bhliain déag mar dhlúthchara ag an carachtar dalba sin Hiúdaí ar TG4.”

“An duine atá ábalta damhsa a dhéanamh, déanann sé damhsa, an duine nach bhfuil ábalta damhsa ‘cuireann sé steip i láthair’ agus is maith atá fhios agamsa é sin, nó bhí muid ar an árdán ar ball ansin ag déanamh lúibíní agus muid ag dul den steipidí hoip agus an hoipidí steip agus bhuail mé le fear istigh sna jeaics ina dhiadh sin agus dúirt sé “Cibé fút féin, níl steip ar bith ag Joe!”

Ag tabhairt isteach cuid cainte Ray ag seoladh an leabhair Sin Ceann Maith! le Joe Ó Dónaill

“Deirtear liom, agus níl a fhios agam an bhfuil sé fíor, b’fhéidir gur jóc atá ann, ach go bhfuil Joe ceart go leor ag dul de na hagallaimh beirte agus na lúibíní chomh maith, fiú na hamhráin saothair – mura mbíonn mórán saothar i gceist leo!”

Ag baint sult as an tseoladh…

“Is fearr ildánach é Joe, agus i mbeagán focail – is pian sa tóin é, nó tá mé in éad leis as a chuid buanna ar fad!”
“Sa lá atá inniu ann, tá sé ina phríomhoide ar Ghaelscoil Míde, áit a mbínn féin ann agus mé ag iarraidh smacht a choinneáil ar an bhoc seo, agus ar nós mé féin, caitheann sé a chuid ama anois istigh san oifig ar a sháimhín só. Dúnann sé an doras agus níl a fhios ag duine ar bith caidé a mbíonn ar siúl aige – bíonn sé ag dul den chrosfhocal, bíonn sé ag léamh an pháipéir agus am go leor aige le leabhar a scríobh!”

Ag éisteacht go géar le Ray Mac Mánais

“Tá scéalta grinn iontach, iontach tábhachtach sa tsaol. Geallann siad tréimhsí gorma agus gruama, briseann siad teannas go minic agus is minic a bhris Joe teannas le scéal grinn. Ní hamháin go bhfuil sé go han-mhaith á scríobh ach tá sé go maith á n-insint fosta. Tógann siad daoine amach as an lionn dubh nó an ísle brí – na scéalta grinn seo. Bhí siad ann ariamh a deir siad, agus ghúgláil mé an scéal grinn is sine ar fad agus bhí sé soineanta go leor: an Rí Hercules, Rí na Gréige, fealsúnaí, agus smaointeoir domhain a bhí i gcónaí ag cumadh smaointe úra, mhair sé thart fá bliain roimh Chríost. Tharraing sé an bearbóir isteach le bearradh gruaige a thabhairt dó agus an rud a dúirt an bearbóir leis “Cén sórt bearradh gruaige atá tú ag iarraidh, a Rí?”

“Ceann ciúin, a dúirt sé.”

Ray Mac Mánais ar a sháimhín só

“Tá ceann amháin sa leabhar seo a bhí mé iontach tógtha leis, ar an chúis seo, thar rud ar bith eile, nach dtiocfadh leat an jóc seo a insint i mBéarla – ní oibríonn sé, agus a mhalairt a bhíonn i gceist go minic, go mbíonn an jóc ann i mBéarla agus daoine ag iarraidh é a aistriú agus i ndáiríre ní oibríonn sé. An ceann seo, bhí Padaí ina sheasamh ag doras an champa agus chuir duine éigin ceist air: “Cén fáth a bhfuil tú i do sheasamh ag doras an champa?” Agus an freagra a bhí aige air: “Tá mé ag iarraidh a bheith i mbéal an phobail.”

Josephine Ní Chnáimhsí agus Aodán Ó Cearbhaill ag seoladh Sin Ceann Maith! le Joe Ó Dónaill
Bean chéile Joe, Sharon Ní Fhinneadha lena gclann Cian agus Maedhbh

“Agus mé ag amharc fríd an leabhar chonaic mé rud álainn a bhí déanta aige san fhocal buíochais. Fear mór teaghlaigh é Joe, tá sé iontach bródúil as a chlann agus luaigh sé go speisialta a bhean Sharon agus na páistí Cian agus Maedhbh anseo, agus an rud a dúirt sé: ‘Gabhaim buíochas libhse as gáire a chur i mo chroí achan lá de mo shaol.’”

“Ansin chuir mé ceist air ‘An bhfuil mise luaite sa leabhar?’ agus dúirt sé ‘Tá, is tusa an Padaí Amaideach!’” 

Cathal Póirtéir agus Caitlín Nic Niallais ag seoladh Sin Ceann Maith!

“Leis sin, tá mé ag guí gach rath ar Joe. Déanaim comhghairdeas ó chroí leis agus déanaim comhghairdeas le hEoghan agus muintir Éabhlóid as leabhar chomh snasta a chur amach –  agus tá sé iontach handy lena chur isteach i do phóca… Tá muid ag súil cheana féin leis an dara leabhar agus guím gach rath ar an cheann seo … agus ar an chéad cheann eile, agus guím rath go háirithe ar mo leathbhádóir anseo Joe Lena.” 

Gearóid de Mórdha, cara mór le Joe agus Ray

Labhair Joe é féin ansin, ag soiléiriú cúpla mionphointe don lucht éisteachta:

“Ba mhaith liom ‘go raibh maith agat’ a rá le Ray as an méid a dúirt sé agus ba mhaith liom pointe beag a dhéanamh … an leabhar bheag seo, téann sí isteach i do phóca, agus deir sé gur scríobh mé í a fhad agus a bhí mé san oifig. Anois, romham san oifig a bhí Ray, scríobh sé beathaisnéis Mary McAleese i nGaeilge, agus i mBéarla – beagnach dhá mhíle leathanach! Sin cúpla bliain nach bhfacthas mórán do Ray.”

“Ach, i ndáiríre tá mé iontach buíoch de Ray, mo leathbhádóir, tá mé iontach buíoch daoibhse uilig as a theacht anseo. Mar a dúirt Ray, níl a fhios agam gurb é bródúil an focal ceart, ach tá mé iontach sásta go bhfuil seo curtha le chéile! Bhain mé féin sult as, agus bhí mé féin ag gáire agus sin an teist a bhí agam, má shíl mise go raibh na scéalta greannmhar – sin an fáth a raibh siad sa leabhar.”   

“Ba mhaith liom go speisialta buíochas a thabhairt d’Éabhlóid. Tá mé níos bródúla thar aon rud eile go bhfuil comhlacht foilsitheoireachta chomh maith againn thuas i nGaoth Dobhair. Tá cuimhne agam an chéad uair a chuir mé ríomhphoist chuig Eoghan, dúirt mé: “Seo cúpla scéal, do bharúil caidé a dhéanfaidh mé leo?” Agus is é an email a chuir sé ar ais chugam, dúirt sé: “Shíl mé go raibh féith an ghrinn caillte agam ach bhí mé féin ag gáire ar scor ar bith!”

“Tá mé buíoch fosta, dar ndóigh, do Graham a rinne na pictiúirí iontacha. Buíochas do Chlíona, a rinne na ceartúcháin, a cheartaigh mo chuid Gaeilge uilig, agus dar ndóigh, do Chaomhán Ó Scolaí, ginias, a rinne an leagan amach don leabhar.”

“Go raibh míle maith agaibh, agus tá mé chomh sásta gur tháinig sibh anseo.” 

Tá an leabhar Sin Ceann Maith ar fáil le ceannacht anseo.

Áine Ní Churráin agus Damien Mac Íomhair ag seoladh Sin Ceann Maith!
Cathal Póirtéir, Caitlín Nic Niallais, Máire Bn. Mhic Niallais agus Clíona Ní Ghallachóir
Máire Ní Choilm, Anna Ní Laoi agus Leonard Callaghan ag seoladh Sin Ceann Maith!
Tomás Ó hAiniféin, Aoife Ní Mhuirí agus Dara Ó Baoill
Eoghan Mac Giolla Bhríde agus Alastair Mac Aindreasa ag seoladh Sin Ceann Maith!
To top