‘Bádh B’fhéidir’ sa mhórchathair

Ilchineálach

‘Bádh B’fhéidir’ seolta ag Deirdre Learmont sa tSiopa Leabhar

Bhí sé galánta cairde a fheiceáil cruinnithe le chéile sa tSiopa Leabhar i mBaile Átha Cliath ag ceiliúradh seoladh leabhair Sheáin Uí Mhuireagáin Dé hAoine agus tá Éabhlóid fíorbhuíoch d’achan duine a tháinig amach. Bhí scaifte deas ann. Rinne Deirdre cur síos ar Sheán mar scríbhneoir fíorchumasach agus mar chara dílis. Dúirt sí go dtiocfadh léi a rá go fírinneach gur ropleabhar atá ann nach mbeidh tú ag iarraidh a fhágáil síos. Dúirt sí gur fiúntach i gceart an méid a bhí bainte amach ag Seán Ó Muireagáin lena chuid scríbhneoireachta. ‘An saol iomlán a chaith Seán é féin, is é sin an fáth a bhfuil a chuid scríbhneoireachta chomh suimiúil. Tá cuid mhór de fhealsúnacht Sheáin sa leabhar chomh maith. Tá oiread lúcháire orm go bhfuil duine inteacht ag scríobh scéalta mar seo i nGaeilge … déanaigí gar daoibh féin agus léigí an leabhar seo,’ a dúirt sí.

Deirdre Learmont agus Seán Ó Muireagáin

Mar chuid den tseoladh, léigh Seán sliocht as an leabhar agus shínigh sé cóipeanna. Tugadh buíochas do Mhícheál Ó Domhnaill as a chuidiú leis an leabhar agus do Chaomhán Ó Scolaí a rinne an leagan amach agus a dhear an clúdach.

Gráinne Ní Mhuilneoir ón tSiopa Leabhar le Seán Ó Muireagáin agus Gearóid Ó Mórdha

Buíochas le Gráinne Ní Mhuilneoir ón tSiopa Leabhar agus leis an fhoireann a bhí ann le cuidiú linn tráthnóna den scoith a cur i láthair. Dúirt Gráinne gur seo an chéad imeacht poiblí a bhí sa tSiopa Leabhar ó thús na paindéime agus go raibh súil aici neart imeachtaí eile a bheith ann as seo amach. Tá an Siopa Leabhar anois foscailte 7 lá na seachtaine, Dé Domhnaigh ón 12pm go 4pm.

Réaltán Ní Leannáin, Seán Ó Muireagáin agus Siobhán Ní Chíobháin ag seoladh Bádh B’fhéidir sa tSiopa Leabhar

Chuir Dermot O’Hanlon agus Eoin Dillon ceol den scoith ar fáil ag an tseoladh agus tá Éabhlóid iontach buíoch díobh as a gcomhluadar ceolmhar.

Dermot O’Hanlon agus Eoin Dillon

I ndiaidh na hócáide lean an díospóireacht ar aghaidh thíos staighre i gClub an Chonartha agus is fíor a rá go raibh gach b’fhéidir báite go maith againn faoi dheireadh na hoíche.

Cuid den chomhluadar ag seoladh Bádh B’fhéidir sa tSiopa Leabhar

Tá muid iontach buíoch de na léirmheastóirí go léir a rinne léirmheas ar Bádh B’fhéidir go dtí seo. Seo liosta de chuid de na léirmheasanna sin:

An Cúinne Dána le Tristan Rosenstock:
https://www.rte.ie/radio/rnag/an-cuinne-dana/programmes/2022/0604/1303013-an-cinne-dna-d-sathairn-4-meitheamh-2022/

Tús Áite le Fachtna Ó Drisceoil:
https://www.rte.ie/radio/podcasts/22107198-tus-aite-mir-na-leabhar/

Barrscéalta le Michelle Nic Grianna:
https://www.rte.ie/radio/rnag/clips/22109996/

Blas ar BBC Raidió Uladh le Dáithí Ó Muirí:
https://www.bbc.co.uk/sounds/play/m0017t5r

https://www.bbc.co.uk/programmes/p0cc8zp9

Aonghus Ó hAlmhain

https://aonghus.blogspot.com/2022/05/apacailipsis-sheain.html?m=1

https://aonghus.blogspot.com/2022/06/aiseiri.html?m=1

https://aonghus.blogspot.com/2022/06/fuil.html?m=1

Eoin P. Ó Murchú:
https://www.youtube.com/watch?v=kUP9YZEPg4w

Buíochas le Foras na Gaeilge as a dtacaíocht leis an leabhar seo a chur i gcló.

Beidh Bádh B’fhéidir á sheoladh i gCultúrlann McAdam Ó Fiach i mBéal Feirste Dé Sathairn 2 Iúil ag a 1pm agus tá fáilte mhór roimh gach duine.

Eoin Mac Crosain agus Nellie Galway ag seoladh Bádh B’fhéidir
Breandán de Gallaí agus Mark Learmont ag seoladh Bádh B’fhéidir



Ar fáil anseo
To top