Micí s’againne ar an ghearrliosta do dhuais Chumann Litearthachta na hÉireann

Ilchineálach

Máirín Wilson ag bronnadh duaise ar Chaoimhin Mac a’ Bhaird

Bhí an leabhar Micí s’againne le Caoimhin Mac a’ Bhaird agus Christopher Ammentorp ainmnithe ar an ghearrliosta do dhuais Chumann Litearthachta na hÉireann do leabhair do pháistí idir 6-9 bliain d’aois. Bhí Caoimhin i láthair ag an bhronnadh Dé hAoine in DCU le duais a thógáil as a bheith ar an ghearrliosta. Trí leabhar a bhí ar an ghearrliosta agus ba é Micí s’againne an t-aon leabhar Gaeilge a bhí sa chatagóir sin. Comhghairdeas le The Great Big Book of Irish Wildlife le Juanita Browne agus Barry Reynolds, a fuair an príomhdhuais.

Bhí Éabhlóid bródúil go raibh leabhar dár gcuid ainmnithe agus guímid gach rath ar Chumann Litearthachta hÉireann as an obair atá á dhéanamh acu. Darna achan bhliain a thugann siad duaiseanna do leabhair do pháistí ó scríbhneoirí, maisitheoirí agus foilsitheoirí atá bunaithe in Éirinn a chuireann litearthacht chun cinn i measa an aosa óig.

To top