An leabhar “Scéilíní Scanrúla” le Gabriel Rosenstock seolta ag Oireachtas na Gaeilge 2023

Ilchineálach

Aoibh Ní Dhálaigh agus Ellie Ní Mhainín ag léamh sleachta as “Scéilíní Scanrúla”

Rinne Proinsias Mac a’ Bhaird, an scríbhneoir aitheanta as Árainn Mhór, an leabhar Scéilíní Scanrúla le Gabriel Rosenstock agus Graham Corcoran a sheoladh ag Oireachtas na Gaeilge Dé hAoine 3 Samhain 2023. Mar chuid den cheiliúradh, léigh Aoibh Ní Dhálaigh agus Ellie Ní Mhainín as Corca Dhuibhne sleachta as an leabhar don lucht féachana agus bhain an slua a bhí i láthair an-sult as na scéalta agus as an léitheoireacht.

Is iomaí doras a d’fhoscail Gabriel do litríocht na Gaeilge le blianta fada anuas agus tá gnéithe idirnáisiúnta tugtha aige do litríocht na hÉireann anseo agus i gcéin, ag tabhairt litríocht na Gaeilge go tíortha eile agus ag aistriú saothair ó theangacha eile isteach go Gaeilge. Anois, tá leabhar úr do pháistí scríofa aige a leanann leis an traidisiún saibhir sin nó tá an leabhar úr do pháistí lán le scéalta suimiúla as gach cearn den domhan, má tá siad féin beagáinín scanrúil mar scéalta.

Dúirt Proinsias faoi Ghabriel mar scríbhneoir gur “scuab Gabriel thoir thiar, thuaidh agus theas ag cuartú na nithe beaga udaí a dhéanann an fhírinne a léiriú dúinn. Thóg sé leis fealsúnacht na bPeirsigh agus na Seapáine, aigne na seamain ón domhain thoir, ealaín na mbundúchasaigh, agus rinne sé iad a Ghaelú dúinn – fiosracht, soineantacht agus nádúr an pháiste, sothuigtheacht agus iontas an pháiste ag lonrú iontu.”

Proinsias Mac a’ Bhaird ag seoladh an leabhar “Scéilíní Scanrúla” le Gabriel Rosenstock

Ag labhairt faoi na léaráidí sa leabhar dúirt Proinsias: “Tá léaráidí den scoith ag Graham Corcoran anseo. Pictiúirí galánta ar fad a thógfadh croí duine ar bith. Tá siad greanmhar, tarraingteach agus taitneoidh siad go mór le páistí agus le déagóirí.”

“Tá na scéalta scanrúla seo, tá siad tharr a bheith greannmhar,” a dúirt Proinsias. “Cé nach bhfuil ainm ar an reacaire, cuireann muid aithne ar a athair: an t-athair seo, síleann sé go bhfuil achan rud seafóideach. Cuireann muid aithne ar a mháthair, nach bhfuil ina cónaí leis an athair níos mó, tá siad scartha, tá sí ina cónaí leis an fhiaclóir, Mr. Bastible, ar bhabún agus bhligeard é – dár leis an athair! Cuireann muid aithne ar an mhúinteoir, Miss Peabody, nó Pí Pí Pí mar a thugtar uirthi agus go leor carachtair greannmhara eile.”


“Rud atá suntasach faoin leabhar seo nó nach ndéanann an t-údar beag d’éirim an léitheora. Ní bhíonn sé ag caint síos leis na páistí ach léiríonn sé an meas céanna dá n-intleacht agus a léireodh do dhuine cliste ar bith. Tógann achan scéal ón scéal a chuaigh roimhe. Tá siad inléite agus suimiúil.” 

“Rud eile a chuaigh go mór i bhfeidhm orm ná go mbíonn, ag deireadh achan scéal, rannóg bheag ina mbíonn teachtaireacht bheag dhóchasach, ráiteas beag fealsúnachta atá millteanach dearfach … teachtaireacht a thógfadh do chroí. Thógfadh sé croí an duine óig nó tugann sé féinmhuinín … agus tá sé fíor thábhachtach go rachadh an teachtaireacht sin amach chuig léitheoirí óga an lae inniu.” 

“Is leabhar dearfach, is leabhar dea-scríofa, greannmhar agus gleoite í,” a dúirt Proinsias.

Nuair a bhí an leabhar seolta bhí deis ag an lucht féachana ceisteanna chur agus cuireadh ceist ar Ghabriel “Cén áit a bhfuair tú an inspioráid do na scéalta seo?”

Gabriel Rosenstock ag seoladh a leabhar úr “Scéilíní Scanrúla”

“B’fhéidir go raibh baint ag “éabhlóid” féin, ainm an fhoilsítheora, leis. Bhí leabhar agam “The Uses of Enchantment” le Bruno Bettelheim, bhí ana-mheas agam ar an leabhar sin – bhí an ceart ag údar an leabhair sin nuair a dúirt sé go mbaineann éabhlóid an duine leis na síscéalta is mó atá againn go hidirnáisiúnta; síscéalta na Gaeilge, síscéalta na nDeartháireacha Grimm, agus mar sin de; sa slí seo: ár sinsear romhainn i bhfad siar, mar is eol dúinn, má ghéilleann muid d’éabhlóid an duine … ba shaol scanrúil go leor a bhí acu, dorcha … b’éigean dóibh éirí i lár na hoíche … mar sin de, bhain an scanradh le héabhlóid an duine agus cé go bhfuilimid saghas tagtha chun cinn ar go leor bealaí, tá an eagla sin orainn i gcónaí, i gcúl ár n-intinne. Tá sé sin ionainn. Tá sé mar chuid dár nádúr. Agus má théann muid chuig scannán uafáis, Dracula, is a leithéidí sin, nó má léann muid scéilíní scanrúla, bhuel, b’fhéidir go bhfuil teiripe éigean ar siúl atá riachtanach dár n-éabhlóid.”

Cuireadh ceist ar Ghabriel ansin “Cén scéal is scanrúla sa leabhar?” 

“Tá scéalta eile ann ar ‘miotais uirbeacha’ iad. Nuair a tháinig ré na meán chun cinn ar dtús, scaip na miotais uirbeacha seo. Tá scéal amháin anseo a bhaineann le bábóg sa tSeapáin agus creidim gur ceann ana-scanrúil é sin, nó tá an bhábóg i Músaem – agus tá a gruaig fós ag fás! Mistéir!” 

“Tá an mhistéir mar chuid de dhlúth is d’inneach na samhlaíochta agus na healaíne. An ealaín atá gan mhistéir, caithfidh mé a rá, ní dhúisíonn sé aon ní ionam, tá sé mar a bheifeá ag breathnú ar chuirtíní – leamh. Splanc mhistéireach na samhlaíochta atá sna healaíona – ón Haiku beag go dtí an séipéal Sistíneach sa Róimh. Ach, níl aon fhiúntas san achoimre, ní bheadh aon dealramh le sin dá ndéarfainn leat ‘cad faoi atá an scéal seo’ – ní ‘cad faoi atá sé’ an rud is tábhachtaí ach an insint, dar liom. Agus tá dualgas ar an scríbhneoir aire a thabhairt d’airdeall an léitheora agus má dhéanann sé é sin, tá an jab déanta.” 

Ceist eile a cuireadh ar Ghabriel: “Cén lucht éisteachta air a dtriaileann tú na scéalta seo? Tá siad chomh snasta agat … an bhfuil siad triailte agat ar do gharpháistí nó an dtagann siad réamhdhéanta i do cheann?” 

“Tá tú i do shuí in aice le mo bhean ansin, inseoidh sise duit gur páiste fós mé. Tá cuid éigin den pháiste ionainn uilig. Is dóigh liom go ndéanann daoine áirithe cinneadh mistéir agus draíocht na hóige a chur fé chois iontu féin agus daoine eile, deiridís ‘Níl sé sin chun tarlú domsa, táimse chun splanc na hóige a choimeád ionam féinig chomh fada agus is féidir! Ach dá dtriailfinnse na scéalta seo oraibhse go léir bheadh deireadh difriúil ag gach éinne agaibh!”

Eithne Rosenstock le Réaltán Ní Leannáin ag seoladh Scéilíní Scanrúla

Ghabh Eoghan Mac Giolla Bhríde ansin buíochas le Gabriel as an leabhar a chur chuig Éabhlóid le foilsiú an chéad lá riamh. Ghabh sé buíochas le Caomhán Ó Scolaí a rinne an leagan amach agus an dearadh. Ghabh sé buíochas le Graham Corcoran a rinne an ealaín agus le Proinsias Mac a’ Bhaird a sheol an leabhar.

Gabriel Rosenstock ag síniú leabhair

Tugadh buíochas d’Fhoras na Gaeilge agus do COGG a thug tacaíocht airgid don leabhar. 

Ag deireadh, thug Eoghan buíochas do gach duine a tháinig chuig an tseoladh agus go speisialta d’Aoibh agus d’Ellie a léigh sleachta as an leabhar.

Tá an leabhar Scéilíní Scanrúla ar fáil le ceannacht sna siopaí leabhair anois agus ar fáil anseo ar an tsuíomh seo.

Aoibh Ní Dhálaigh agus Ellie Ní Mhainín
To top