Tine Ghealáin, leabhar úr filíochta le Máire Dinny Wren seolta

Ilchineálach

Sheol an scríbhneoir Áine Ní Ghlinn an leabhar filíochta Tine Ghealáin le Máire Dinny Wren ag Oireachtas na Gaeilge ag an deireadh seachtaine.

Áine Ní Ghlinn agus Máire Dinny Wren ag seoladh Tine Ghealáin

Bhí ócáid dheas i Svuít Rathcoole sa Citywest Dé Sathairn nuair a sheol Áine Ní Ghlinn an leabhar is deireanaí leis an scríbhneoir as Gaoth Dobhair, Máire Dinny Wren. Thrácht Áine ar an tslí a dtáinig Máire i láthair i saol na litríochta lena chéad leabhar i 2011 mar fhile dhéanta agus go bhfuil sí ó shin i leith ag cur lúcháire ar léitheoirí lena cuid filíochta agus a cuid gearrscéalta chruthanta dheismir. Is é Tine Ghealáin an dara chnuasacht filíochta le Máire Dinny Wren agus tá sé lán de sheoda a chuireann síos ar shaol ár linne. Luaigh Áine an ceol atá sna dánta, idir rithim na bhfocal agus téamaí na ndánta, agus nuair a léigh Máire rogha dánta inár láthair, bhí an ceol agus an cheolmhaireacht le clos go binn sa chur i láthair, san fhoclaíocht agus sna smaointe a bhí sí ag lasadh romhainn. Ba cheoltóir aitheanta é athair Mháire, Jimmy Dinny Ó Gallchóir, agus is soiléir go bhfuil an ceol sin go smior i Mháire í féin. Léigh cairde agus daoine muintireacha de Mháire rogha dánta ón leabhar úr ina dhiaidh sin, rud a chur go mór leis an ócáid. Tá leabhar Mháire ar fáil ón suíomh seo faoi láthair agus beidh sé sna siopaí ar fud na tíre gan mhoill.

Ba í an t-ealaíontóir Kim Sharkey as an Charraig Fhinn a rinne an ealaín don chlúdach agus tá maisiúcháin a rinne sí le feiceáil breactha tríd an leabhar.

An t-ealaíontóir Kim Sharkey le Máire Dinny Wren

Máire Wren agus a cairde a léigh ag an seoladh: Sorcha Ní Cheallaigh, Kayla Reed, Agnes Ní Cholla, Mairéad Dinny Ní Ghallchóir, Máire Dinny Wren, Máire Ní Dhonnghaile agus Áine Ní Ghlinn

To top