Logáil isteach
Ainm úsáideora nó seoladh ríomhphoist *
Pasfhocal *
Cuimhnigh ar mo shonraí
Pasfhocal caillte?
Cláraigh
Seoladh ríomhphoist *
Níl rud ar bith sa chiseán.
Gach cineál catagóir nach bhfuil rangaithe
Ilchineálach Leabharthaí
Samhain 7, 2024 / Samhain 8, 2024 le Riarthóir
Rinne an file Dairena Ní Chinnéide an cnuasacht úr filíochta Rince Aeir le Caitríona Ní Chléirchín a sheoladh go hoifigiúil i gCill Airne ag an deireadh seachtaine. Seo mar a labhair Dairena faoin leabhar ag an ócáid speisialta seo in Óstán an Gleneagle i gCill Airne Dé hAoine: Dairena Ní Chinnéide: “Ar nós cnagadh an […]
Léigh tuilleadh »
Tagged
Ilchineálach
Ba mhór an phribhléid agus an phléisiúr a bheith sa chomhluadar ag an cheolchoirm agus an léamh filíochta a chur Síle Denvir agus Dairena Ní Chinnéide inár láthair nuair a seoladh leabhar nua Dairena, Teacht Aniar, ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne Dé Sathairn. Chruthaigh Síle spás speisialta dúinn chun Dairena agus a saothar […]
Samhain 6, 2024 / Samhain 8, 2024 le Riarthóir
Rinne an t-údar aitheanta Áine Ní Ghlinn an leabhar úr Mamaí Gé le Gabriel Rosenstock, atá maisithe ag Kim Sharkey, a sheoladh ag Oireachtas an Gaeilge i gCill Airne Dé Sathairn. Is órchiste de rannta Mhamaí Gé do pháistí óga atá sa leabhar seo. Rannta iad atá bailithe le chéile go speisialta ag Gabriel agus […]
Samhain 6, 2024 / Samhain 9, 2024 le Riarthóir
Tá an t-úrscéal úr, Glórtha an Tráthnóna le Natalia Ginzburg, aistrithe ón Iodáilis ag Máire Nic Mhaoláin, seolta ag Cathal Póirtéir. Sheol Cathal Póirtéir an t-aistriúchán is úire le Máire Nic Mhaoláin ag Oireachtas na Gaeilge Dé hAoine seo chuaigh thart agus bhí slua breá i láthair le fáilte a chur roimh an úrscéal is […]
Deireadh Fómhair 8, 2024 / Deireadh Fómhair 8, 2024 le Riarthóir
Bhí slua breá i láthair nuair a sheol an file agus an ceoltóir aitheanta Marcus Mac Conghail an leabhar úr filíochta le Louis de Paor sa tsiopa leabhar “Bell Book and Candle” i nGaillimh Dé hAoine.
Meán Fómhair 26, 2024 / Deireadh Fómhair 9, 2024 le Riarthóir
Bronnadh Gradam de Bhaldraithe ag Gradam Foilsitheoireachta an Oireachtais 2024 i nGaillimh Dé Luain ar an leabhar “Athmháthair” a d’aistrigh Máire Nic Mhaoláin ón Iodáilis. B’onóir mhór d’Éabhlóid é agus ba dheas an aitheantas é don aistritheoir bisiúil Máire Nic Mhaoláin. Comhghairdeas léi. Bhí ceithre leabhar ina iomláine a d’fhoilsigh Éabhlóid ainmnithe do ghradaim foilsitheoireachta […]
Samhain 23, 2023 / Nollaig 4, 2023 le Riarthóir
Comhghairdeas le Róise Ní Bhaoill as Gradam Leabhar Ficsean Gaeilge na Bliana atá urraithe ag Foras na Gaeilge a fháil aréir ag An Post Irish Book Awards. Bhí oíche ar dóigh ann ag an cheiliúradh in Ionad na Comhdhála i mBaile Átha Cliath. Comhghairdeas leis na scríbhneoirí eile a bhí ainmnithe chomh maith. Is gradam […]
Samhain 10, 2023 / Samhain 30, 2023 le Riarthóir
Rinne an scríbhneoir aitheanta Antain Mac Lochlainn an leabhar Athmháthair le Michela Murgia a sheoladh ag Oireachtas na Samhna Dé Sathairn 4 Samhain. Dúirt Eoghan Mac Giolla Bhríde cúpla focal roimh’n tseoladh: “Nuair a thagann leabhar mar seo chugainn mar fhoilsitheoirí is anáil na beatha dúinn é i ndáiríre, mar chomhlacht is é a choinníonn […]
Sheol Ray Mac Mánais leabhar úr jócanna le Joe Ó Dónaill ag Oireachtas na Gaeilge Dé hAoine 3 Samhain agus bhí slua breá i láthair. Bhí achan duine sna tríthí ag an bheirt agus gan feidhm orthu an leabhar a fhoscailt ar chor ar bith. “Tá aithne agam ar Joe le dhá scór bliain anois […]
Samhain 9, 2023 / Nollaig 16, 2023 le Riarthóir
Rinne Proinsias Mac a’ Bhaird, an scríbhneoir aitheanta as Árainn Mhór, an leabhar Scéilíní Scanrúla le Gabriel Rosenstock agus Graham Corcoran a sheoladh ag Oireachtas na Gaeilge Dé hAoine 3 Samhain 2023. Mar chuid den cheiliúradh, léigh Aoibh Ní Dhálaigh agus Ellie Ní Mhainín as Corca Dhuibhne sleachta as an leabhar don lucht féachana agus […]
Deireadh Fómhair 21, 2023 / Nollaig 4, 2023 le Riarthóir
Comhgháirdeas le Róise Ní Bhaoill atá ainmnithe ar ghearrliosta Leabhar na Bliana, duais Fhoras na Gaeilge ag An Post Irish Book Awards 2023. Déanfar an buaiteoir a fhógairt ar an 22ú Samhain ag ócáid bhonnta i mBaile Átha Cliath. Is cnuasach de scéalta ionraic, tuisceanacha iad “Imram agus scéalta eile”, a chíorann téamaí comhaimseartha mar […]
Samhain 13, 2022 / Nollaig 27, 2023 le Riarthóir
Ag Oireachtas na Samhna rinneadh ceiliúradh ar cheithre leabhar speisialta, Scéalta ó m’Óige le Nuala Ní Ghallchóir, Caoilte Caillte sa Mhúsaem le Gemma Nic Conchra, Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Néill le Caitlín Nic Niallais agus Inní le Réaltán Ní Leannáin. Bhí ceithre leabhar a d’fhoilsigh Éabhlóid i rith na paindéime nach bhfuair muid an deis […]
Samhain 9, 2022 / Nollaig 27, 2023 le Riarthóir
Is é Imram agus scéalta eile an chéad chnuasach gearrscéalta le Róise Ní Bhaoill agus bhí lúcháir ar Éabhlóid é a sheoladh ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne Dé Sathairn beag seo. Ba é an scríbhneoir Antain Mac Lochlainn a sheol an leabhar agus mar is dual d’Antain ba mhór an gradam a thug […]
Samhain 8, 2022 / Samhain 30, 2023 le Riarthóir
Ba mhór an pléisiúr dúinn é an cnuasach úr dánta Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile le hAilbhe Ní Ghearbhuigh a sheoladh ag Oireachtas na Samhna 2022 agus bhí slua deas de chairde agus de lucht na dea-mhéine i láthair i Svuít 1 thuas staighre san INEC i gCill Airne Dé Sathairn don ócáid. D’éirigh le […]
Deireadh Fómhair 21, 2022 / Nollaig 27, 2023 le Riarthóir
Tá lúcháir mhór orainn go bhfuil na leabhair Bláth na dTulach agus Bádh B’fhéidir beirt ainmnithe do Dhuais Leabhar Gaeilge na Bliana 2022 ag An Post Irish Book Awards. Tugann na hainmniúcháin seo aitheantas do na scríbhneoirí a chuir oiread oibre ina gcuid saothair; do Sheáin Ó Muireagáin as a leabhar bhríomhar nuálach, Bádh B’fhéidir, […]
Meitheamh 26, 2022 / Nollaig 16, 2023 le Riarthóir
‘Bádh B’fhéidir’ seolta ag Deirdre Learmont sa tSiopa Leabhar Bhí sé galánta cairde a fheiceáil cruinnithe le chéile sa tSiopa Leabhar i mBaile Átha Cliath ag ceiliúradh seoladh leabhair Sheáin Uí Mhuireagáin Dé hAoine agus tá Éabhlóid fíorbhuíoch d’achan duine a tháinig amach. Bhí scaifte deas ann. Rinne Deirdre cur síos ar Sheán mar scríbhneoir […]
Deireadh Fómhair 25, 2020 le Riarthóir
Tá Cnámh ainmnithe ar an ghearrliosta do Leabhar Gaeilge na Bliana atá urraithe ag Love Leabhar Gaeilge sna An Post Irish Books Award 2020. Tá lúcháir mhór ar Éabhlóid go bhfuil leabhar dár gcuid ainmnithe do Leabhar na Bliana don dara bliain as a chéile. Anuraidh, bhí Gáire in Éag le Seán Ó Muireagáin ar […]
Lúnasa 18, 2020 / Samhain 29, 2020 le Riarthóir
Tá áthas mór ar Éabhlóid go bhfuil Tine Ghealáin le Máire Dinny Wren ar an ghearrliosta do Ghradam Uí Shúilleabháin 2020, Gradaim Fhoilsitheoireachta an Oireachtais. Rinneadh an gearrliosta a fhógairt inniu agus is iontach an rud é bheith ainmnithe i measc na bhfoilsitheoirí agus na scríbhneoirí eile atá ar an liosta: Joe Steve Ó Neachtain, […]
Ilchineálach Leabharthaí Ráiteas
Bealtaine 20, 2020 / Nollaig 27, 2023 le Riarthóir
Comhghairdeas le Kim Sharkey a bhuaigh Duais Eilís Dillon ag Duaiseanna Children’s Books Ireland i mbliana. Is duais í seo a bhfuil ardmheas uirthi, a thugtar i gcuimhne ar an scríbhneoir, Eilís Dillon. Rinneadh na duaiseanna a fhógairt i searmanas beo ar líne agus is féidir é a fheiceáil anseo thíos. Is mór an onóir […]
Samhain 12, 2019 / Nollaig 27, 2023 le Riarthóir
Bhí an leabhar Micí s’againne le Caoimhin Mac a’ Bhaird agus Christopher Ammentorp ainmnithe ar an ghearrliosta do dhuais Chumann Litearthachta na hÉireann do leabhair do pháistí idir 6-9 bliain d’aois. Bhí Caoimhin i láthair ag an bhronnadh Dé hAoine in DCU le duais a thógáil as a bheith ar an ghearrliosta. Trí leabhar a […]
Samhain 5, 2019 / Samhain 12, 2019 le Riarthóir
Sheol an scríbhneoir Áine Ní Ghlinn an leabhar filíochta Tine Ghealáin le Máire Dinny Wren ag Oireachtas na Gaeilge ag an deireadh seachtaine. Bhí ócáid dheas i Svuít Rathcoole sa Citywest Dé Sathairn nuair a sheol Áine Ní Ghlinn an leabhar is deireanaí leis an scríbhneoir as Gaoth Dobhair, Máire Dinny Wren. Thrácht Áine ar […]
Meitheamh 25, 2019 / Meitheamh 25, 2019 le Riarthóir
Tá Mór ag Muilc, leabhar úr do pháistí, foilsithe ag Éabhlóid agus tá sé ar fáil sna siopaí anois. Tá an leabhar maisithe go hálainn ag an ealaíontóir Kim Sharkey le léaráidí iontacha a chuireann beocht agus beatha sa scéal. Scéal traidisiúnta é, i bhfoirm an scéil charnaigh, a fuair Dónall Ó Cnáimhsí óna uncail […]
Samhain 7, 2018 / Samhain 29, 2020 le Riarthóir
Sheol an léiritheoir scannán, Ciarán Ó Cofaigh, ón chomhlacht ROSG, an cnuasacht gearrscéalta, Gáire in Éag, le Seán Ó Muireagáin ag Oireachtas na Gaeilge ag an deireadh seachtaine. Dé Sathairn in Óstán Brehon, líon slua daoine isteach i seomra Park ar an ceathrú urlár go gcluinfeadh siad comhrá neamhfhoirmiúil idir Chiarán agus an t-údar. Mhínigh […]
Deireadh Fómhair 4, 2017 / Samhain 29, 2020 le Riarthóir
Tá leabhar úr, Oileán na nDraoithe, leis an scríbhneoir Proinsias Mac a’ Bhaird, foilsithe ag Éabhlóid. Beidh an leabhar ar fáil sna siopaí gan mhoill. Is scéal é do pháistí, athinsint nua-aimseartha ar scéal mhiotaseolaíochta a chuala Proinsias óna shean-athair. Tá léaráidí déanta ag Caomhán Ó Scolaí. Beidh an leabhar á sheoladh go hoifigiúil ag […]