Níl rud ar bith sa chiseán.
Foilsitheoirí Leabhar Gaeilge
Ilchineálach
Samhain 5, 2019 / Samhain 12, 2019 le Riarthóir
Sheol an scríbhneoir Áine Ní Ghlinn an leabhar filíochta Tine Ghealáin le Máire Dinny Wren ag Oireachtas na Gaeilge ag an deireadh seachtaine. Bhí ócáid dheas i Svuít Rathcoole sa Citywest Dé Sathairn nuair a sheol Áine Ní Ghlinn an leabhar is deireanaí leis an scríbhneoir as Gaoth Dobhair, Máire Dinny Wren. Thrácht Áine ar […]
Léigh tuilleadh »
Meitheamh 25, 2019 / Meitheamh 25, 2019 le Riarthóir
Tá Mór ag Muilc, leabhar úr do pháistí, foilsithe ag Éabhlóid agus tá sé ar fáil sna siopaí anois. Tá an leabhar maisithe go hálainn ag an ealaíontóir Kim Sharkey le léaráidí iontacha a chuireann beocht agus beatha sa scéal. Scéal traidisiúnta é, i bhfoirm an scéil charnaigh, a fuair Dónall Ó Cnáimhsí óna uncail […]
Leabharthaí
Márta 11, 2019 / Deireadh Fómhair 25, 2020 le Riarthóir
Tá úrscéal nua, Muintir an Ghleanna, le Caitlín Bheití Ní Chuireáin foilsithe ag Éabhlóid agus ar fáil sna siopaí anois. Cuireann an t-úrscéal seo síos ar eachtraí agus ar imeachtaí theaghlaigh i lár an chéid seo caite in Iarthar Thír Chonaill. Insíonn sé scéal Bhríd agus a clann thar thréimhse corraitheach dá saol. Bíonn saol […]
Samhain 7, 2018 / Samhain 29, 2020 le Riarthóir
Sheol an léiritheoir scannán, Ciarán Ó Cofaigh, ón chomhlacht ROSG, an cnuasacht gearrscéalta, Gáire in Éag, le Seán Ó Muireagáin ag Oireachtas na Gaeilge ag an deireadh seachtaine. Dé Sathairn in Óstán Brehon, líon slua daoine isteach i seomra Park ar an ceathrú urlár go gcluinfeadh siad comhrá neamhfhoirmiúil idir Chiarán agus an t-údar. Mhínigh […]
Books
Deireadh Fómhair 24, 2018 / Márta 11, 2019 le Riarthóir
Leabhar úr le Seán Ó Muireagáin ar fáil. Scéalta corraitheacha suite i dtréimhse na dTrioblóidí in Éirinn. Sleamhnaigh isteach i saol fealltach an spíodóra, saol céasta an iarshaighdiúra agus saol fuarchúiseach an dúnmharfóra sna scéalta neamhbhalbha seo a saoirsíodh as inneoin bhrúidiúil an bhuailte, Béal Feirste i rith na dTrioblóidí. Ceithre ghearrscéal a thugann léargas […]
Deireadh Fómhair 4, 2017 / Samhain 29, 2020 le Riarthóir
Tá leabhar úr, Oileán na nDraoithe, leis an scríbhneoir Proinsias Mac a’ Bhaird, foilsithe ag Éabhlóid. Beidh an leabhar ar fáil sna siopaí gan mhoill. Is scéal é do pháistí, athinsint nua-aimseartha ar scéal mhiotaseolaíochta a chuala Proinsias óna shean-athair. Tá léaráidí déanta ag Caomhán Ó Scolaí. Beidh an leabhar á sheoladh go hoifigiúil ag […]
Meán Fómhair 7, 2017 le Riarthóir
Go mbeinnse choíche saor Tá 15 gearrscéal nua sa chnuasach seo ón scríbhneoir, Máire Dinny Wren; scéalta atá lán de charachtair inchreidte agus eachtraí suimiúla. Is inspéise gur mná láidre iad na príomh-charachtair go léir; mná a dhéanann a ndícheall na dúshláin atá rompu a shárú in éadan constaicí agus claontaí na sochaí. Is scéalta […]
Feabhra 15, 2017 / Bealtaine 24, 2017 le Riarthóir
Tá eagrán úr den leabhar Cáitheadh na dTonn leis an scríbhneoir Conallach, Muirghein, curtha ar fáil ag Éabhlóid. Tá an leabhar sna siopaí anois. I 1934 a foilsíodh an leabhar den chéad uair agus is é seo an chéad uair a bhfuil an leabhar ar ais i gcló. Sa leagan úr, tá cóiriú déanta ar […]
Márta 14, 2016 / Márta 24, 2016 le Riarthóir
Sheol Lillis Ó Laoire an leabhar Go mbeinnse choíche saor le Máire Dinny Wren i dteach Hiúdaí Beag, Dé hAoine 4 Márta. Léigh Máire sliocht as an leabhar agus léigh Suzanne Ní Ghallchóir agus Marina Nic Giolla Bhríde scéalta as an tsaothar. Seo an dara leabhar le Máire Dinny Wren. Tá an leabhar ar fáil […]
Eanáir 7, 2016 / Samhain 29, 2020 le Riarthóir
Go mbeinnse choíche saor. Beidh muid ag seoladh leabhar úr le Máire Dinny Wren gan mhoill, Go mbeinnse choíche saor. An chéad chnuasacht gearrscéalta ó pheann fhileata Mháire. Bí ag faire, beidh muid ag fógairt na sonraí gan mhoill.
Deireadh Fómhair 16, 2015 / Samhain 11, 2025 le Riarthóir
Beidh Éabhlóid ag seoladh an leabhar ‘An Prionsa Beag’ ag Oireachtas na Gaeilge 2015. Tá fáilte roimh gach duine a bheith láthair nuair a sheolfaidh an Antain Mac Lochlainn an t-aistriúchán úr atá déanta ag Eoghan Mac Giolla Bhríde ar an leabhar clasaiceach Le Petit Prince le Antoine de Saint-Exupéry. 5:30 p.m. Seomra Ráth Cúil […]
Deireadh Fómhair 14, 2015 / Samhain 12, 2025 le Riarthóir
Tá aistriúchán úr den leabhar clasaiceach Le Petit Prince le Antoine de Saint-Exupéry sna siopaí anois agus is féidir é a cheannacht díreach ón tsuíomh seo. An Prionsa Beag – aistriúchán úr le hEoghan Mac Giolla Bhríde. Déanfaidh Antain Mac Lochlainn an leabhar a fhoilsiú go hoifigiúil ag Oireachtas na Samhna 2015. 5:00pm Seomra Rathcoole. […]