Logáil isteach
Ainm úsáideora nó seoladh ríomhphoist *
Pasfhocal *
Cuimhnigh ar mo shonraí
Pasfhocal caillte?
Cláraigh
Seoladh ríomhphoist *
Níl rud ar bith sa chiseán.
Foilsitheoirí Leabhar Gaeilge
Ilchineálach
Deireadh Fómhair 25, 2020 le Riarthóir
Tá Cnámh ainmnithe ar an ghearrliosta do Leabhar Gaeilge na Bliana atá urraithe ag Love Leabhar Gaeilge sna An Post Irish Books Award 2020. Tá lúcháir mhór ar Éabhlóid go bhfuil leabhar dár gcuid ainmnithe do Leabhar na Bliana don dara bliain as a chéile. Anuraidh, bhí Gáire in Éag le Seán Ó Muireagáin ar […]
Léigh tuilleadh »
Lúnasa 18, 2020 / Samhain 29, 2020 le Riarthóir
Tá áthas mór ar Éabhlóid go bhfuil Tine Ghealáin le Máire Dinny Wren ar an ghearrliosta do Ghradam Uí Shúilleabháin 2020, Gradaim Fhoilsitheoireachta an Oireachtais. Rinneadh an gearrliosta a fhógairt inniu agus is iontach an rud é bheith ainmnithe i measc na bhfoilsitheoirí agus na scríbhneoirí eile atá ar an liosta: Joe Steve Ó Neachtain, […]
Ilchineálach Leabharthaí Ráiteas
Bealtaine 20, 2020 / Nollaig 27, 2023 le Riarthóir
Comhghairdeas le Kim Sharkey a bhuaigh Duais Eilís Dillon ag Duaiseanna Children’s Books Ireland i mbliana. Is duais í seo a bhfuil ardmheas uirthi, a thugtar i gcuimhne ar an scríbhneoir, Eilís Dillon. Rinneadh na duaiseanna a fhógairt i searmanas beo ar líne agus is féidir é a fheiceáil anseo thíos. Is mór an onóir […]
Samhain 12, 2019 / Nollaig 27, 2023 le Riarthóir
Bhí an leabhar Micí s’againne le Caoimhin Mac a’ Bhaird agus Christopher Ammentorp ainmnithe ar an ghearrliosta do dhuais Chumann Litearthachta na hÉireann do leabhair do pháistí idir 6-9 bliain d’aois. Bhí Caoimhin i láthair ag an bhronnadh Dé hAoine in DCU le duais a thógáil as a bheith ar an ghearrliosta. Trí leabhar a […]
Samhain 5, 2019 / Samhain 12, 2019 le Riarthóir
Sheol an scríbhneoir Áine Ní Ghlinn an leabhar filíochta Tine Ghealáin le Máire Dinny Wren ag Oireachtas na Gaeilge ag an deireadh seachtaine. Bhí ócáid dheas i Svuít Rathcoole sa Citywest Dé Sathairn nuair a sheol Áine Ní Ghlinn an leabhar is deireanaí leis an scríbhneoir as Gaoth Dobhair, Máire Dinny Wren. Thrácht Áine ar […]
Meitheamh 25, 2019 / Meitheamh 25, 2019 le Riarthóir
Tá Mór ag Muilc, leabhar úr do pháistí, foilsithe ag Éabhlóid agus tá sé ar fáil sna siopaí anois. Tá an leabhar maisithe go hálainn ag an ealaíontóir Kim Sharkey le léaráidí iontacha a chuireann beocht agus beatha sa scéal. Scéal traidisiúnta é, i bhfoirm an scéil charnaigh, a fuair Dónall Ó Cnáimhsí óna uncail […]
Leabharthaí
Márta 11, 2019 / Deireadh Fómhair 25, 2020 le Riarthóir
Tá úrscéal nua, Muintir an Ghleanna, le Caitlín Bheití Ní Chuireáin foilsithe ag Éabhlóid agus ar fáil sna siopaí anois. Cuireann an t-úrscéal seo síos ar eachtraí agus ar imeachtaí theaghlaigh i lár an chéid seo caite in Iarthar Thír Chonaill. Insíonn sé scéal Bhríd agus a clann thar thréimhse corraitheach dá saol. Bíonn saol […]
Samhain 7, 2018 / Samhain 29, 2020 le Riarthóir
Sheol an léiritheoir scannán, Ciarán Ó Cofaigh, ón chomhlacht ROSG, an cnuasacht gearrscéalta, Gáire in Éag, le Seán Ó Muireagáin ag Oireachtas na Gaeilge ag an deireadh seachtaine. Dé Sathairn in Óstán Brehon, líon slua daoine isteach i seomra Park ar an ceathrú urlár go gcluinfeadh siad comhrá neamhfhoirmiúil idir Chiarán agus an t-údar. Mhínigh […]
Books
Deireadh Fómhair 24, 2018 / Márta 11, 2019 le Riarthóir
Leabhar úr le Seán Ó Muireagáin ar fáil. Scéalta corraitheacha suite i dtréimhse na dTrioblóidí in Éirinn. Sleamhnaigh isteach i saol fealltach an spíodóra, saol céasta an iarshaighdiúra agus saol fuarchúiseach an dúnmharfóra sna scéalta neamhbhalbha seo a saoirsíodh as inneoin bhrúidiúil an bhuailte, Béal Feirste i rith na dTrioblóidí. Ceithre ghearrscéal a thugann léargas […]
Deireadh Fómhair 4, 2017 / Samhain 29, 2020 le Riarthóir
Tá leabhar úr, Oileán na nDraoithe, leis an scríbhneoir Proinsias Mac a’ Bhaird, foilsithe ag Éabhlóid. Beidh an leabhar ar fáil sna siopaí gan mhoill. Is scéal é do pháistí, athinsint nua-aimseartha ar scéal mhiotaseolaíochta a chuala Proinsias óna shean-athair. Tá léaráidí déanta ag Caomhán Ó Scolaí. Beidh an leabhar á sheoladh go hoifigiúil ag […]
Meán Fómhair 7, 2017 le Riarthóir
Go mbeinnse choíche saor Tá 15 gearrscéal nua sa chnuasach seo ón scríbhneoir, Máire Dinny Wren; scéalta atá lán de charachtair inchreidte agus eachtraí suimiúla. Is inspéise gur mná láidre iad na príomh-charachtair go léir; mná a dhéanann a ndícheall na dúshláin atá rompu a shárú in éadan constaicí agus claontaí na sochaí. Is scéalta […]
Tagged
Feabhra 15, 2017 / Bealtaine 24, 2017 le Riarthóir
Tá eagrán úr den leabhar Cáitheadh na dTonn leis an scríbhneoir Conallach, Muirghein, curtha ar fáil ag Éabhlóid. Tá an leabhar sna siopaí anois. I 1934 a foilsíodh an leabhar den chéad uair agus is é seo an chéad uair a bhfuil an leabhar ar ais i gcló. Sa leagan úr, tá cóiriú déanta ar […]