Cover of the Irish language novel Muintir an Ghleanna

‘Muintir an Ghleanna’ – úrscéal nua le Caitlín Ní Chuireáin

Leabharthaí

Tá úrscéal nua, Muintir an Ghleanna, le Caitlín Bheití Ní Chuireáin foilsithe ag Éabhlóid agus ar fáil sna siopaí anois.

Cuireann an t-úrscéal seo síos ar eachtraí agus ar imeachtaí theaghlaigh i lár an chéid seo caite in Iarthar Thír Chonaill. Insíonn sé scéal Bhríd agus a clann thar thréimhse corraitheach dá saol. Bíonn saol aoibhinn ag Bríd ach tarlaíonn eachtra dhorcha a chuireann cor ina cinniúint agus bíonn an tubaiste ina rún diamhair nach féidir léi a scaoileadh. Tarraingíonn an eachtra drochádh ar an teaghlach agus déanann siad a ndícheall éirigh as an drochádh le cuidiú na gcomharsan. Tá an t-úrscéal i gcanúint Thír Chonaill. Tá an leabhar fóirsteanach do dhaoine fásta agus d’fhoghlaimeoirí fásta.

As an Gleann i Mín a’ Chladaigh i nGaoth Dobhair do Chaitlín Bheití Ní Chuireáin. Tá cónaí uirthi anois i gContae an Chláir lena fear céile, Jim. In 2010 d’fhoilsigh Caitlín an leabhar dírbheathaisnéiseach d’arbh ainm Nuair a bhí mé óg, leabhar ina gcuireann Caitlín síos ar a saol agus ar a tógáil in iarthar Thír Chonaill i lár an chéid seo caite. Is é Muintir an Ghleanna a céad úrscéal ficsean.

To top