Clúdach Bláth na dTulach

Bláth na dTulach

Books

Díolaim Ultach

Beidh an leabhar úr Bláth na dTulach, bailiúchán gearrscéalta ó scríbhneoirí comhaimseartha a bhfuil baint acu le Cúige Uladh, á sheoladh gan mhoill.

Tá scéalta ann ó scríbhneoirí as gach cearn de Chúige Uladh, le réimse leathan stíleanna agus ábhar, bailithe le chéile ag Réaltán Ní Leannáin.

Clúdach Bláth na dTulach

“Is fada roimhe ó tháinig a leithéid de chnuasach gearrscéalta as Cúige Uladh agus is díol gairdis dúinn go bhfuil a leithéid ar an fhód anois,” a scríobh An tOllamh Lillis Ó Laoire sa réamhrá don leabhar.

“Sna scéalta atá cruinnithe anseo, feictear scríbhneoirí Gaeltachta agus cathrach ar aon ardán agus is ábhar uchtaigh a leithéid d’fhoilseachán dúinn. Ocht scéal is fiche uilig atá againn ón líon chéanna údar agus ní miste a rá go bhfuil an éagsúlacht eatarthu ar cheann de na tréithe is suntasaí dá bhfuil le tabhairt faoi deara iontu.”

Déanfar an leabhar a sheoladh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar an 23 Deireadh Fómhair 2021 ag a 1pm agus beidh roinnt de na scríbhneoirí i láthair le blaiseadh a thabhairt dúinn den mhéid atá le fáil sa leabhar agus na gnéithe eile a bhaineann leis an tionscadal.

Ag an ócáid sin chomh maith, seolfar an suíomh idirlín www.blath.ie ina mbeidh téacs na scéalta ar fáil agus iad leagtha amach ionas go mbeidh siad furast a léamh ar an scáileán agus beidh sé mar áis d’fhoghlaimeoirí, do mhúinteoirí agus do léitheoirí de gach cineál.

Chomh maith leis an leabhar agus an suíomh, beidh podchraoladh úr ag teacht as an tionscadal seo darbh ainm Bláth na dTulach, ina dtugann Réaltán Ní Leannáin cuireadh do léitheoirí éagsúla scéal as an díolaim a léamh agus comhrá beag a bheith acu ina dhiaidh fúthu féin agus faoin scéal. Craolfar an chéad eagrán den phodchraoladh Dé Sathairn 23 Deireadh Fómhair agus gach mí ina dhiaidh sin craolfar scéal úr ón leabhar i bpodchraoladh úr. Beidh an podchraoladh ar fáil ar na hardáin podchraolta go léir mar Spotify, SoundCloud, PodCast agus araile.

Is iad Réaltán Ní Leannáin, Eoghan Mac Giolla Bhríde agus Mícheál Ó Domhnaill eagarthóirí an díolaim. Caomhán Ó Scolaí a rinne an dearadh agus an leagan amach. Tá an brollach sa leabhar scríofa ag Réaltán Ní Leannáin.

Seo iad na scríbhneoirí go léir a bhfuil scéalta leo sa leabhar, in ord aibítre: Antain Mac Lochlainn, Brighid Ní Mhonacháin, Celia de Fréine, Daithí Ó Muirí, Danny Brown, Deirdre Ní Grianna, Dubhán Ó Longáin, Eithne Ní Ghallchobhair, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Gabhán Ó Fachtna, Iarla Mac Aodha Bhuí, Máire Burns, Máire Dinny Wren, Máire Zepf, Máirín Uí Fhearraigh, Michelle Nic Pháidín, Pádraig Ó Gallchobhair, Proinsias Mac a’ Bhaird, Réaltán Ní Leannáin, Réamonn Ó Ciaráin, Róise Ní Baoill, Sam Ó Fearraigh, Séamus Mac Annaidh, Seán Mac Gintidh, Seán Ó Dúrois, Seán Ó Muireagáin, Seanán Mac Aoidh agus Síle Uí Ghallchóir.

Tá muid fíorbhuíoch d’Fhoras na Gaeilge as tacaíocht airgeadais a chur ar fáil don leabhar agus den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as tacú linn faoin Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2021.

Tá muid buíoch chomh maith do Chultúrlann McAdam Ó Fiaich atá ag obair linn leis an ócáid sheolta a chur i láthair. Buíochas le Brónagh Fusco agus Gráinne Ní Ghillín.

“Ar an iomlán, tá réimse leathan ilghnéitheach scéalta sa chnuasach seo. Cuirtear iontas ar an léitheoir de bharr na héagsúlachta a bhaineann lena bhfuil ann. Is dea-chomhartha é an méid sin ar staid na scríbhneoireachta in Ultaibh faoi láthair agus muid i bhfichidí an chéid. Léifear an cnuasach go cíocrach san áit a bhfuil tóir ar an litríocht.” Lillis Ó Laoire.

To top