Go mBeinnse Choíche Saor: léirmheas

Leabharthaí

Go mbeinnse choíche saor

Tá 15 gearrscéal nua sa chnuasach seo ón scríbhneoir, Máire Dinny Wren; scéalta atá lán de charachtair inchreidte agus eachtraí suimiúla. Is inspéise gur mná láidre iad na príomh-charachtair go léir; mná a dhéanann a ndícheall na dúshláin atá rompu a shárú in éadan constaicí agus claontaí na sochaí.

Is scéalta comhaimseartha iad, a dhéileálann le téamaí práinneacha i saol an lae inniu. Pléitear le hábhair tromchúiseacha sna scéalta go minic agus ní sheachnaítear riamh an fhírinne iontu, ach déantar iarracht an fhírinne sin a nochtadh agus a fhiosrú sna scéalta ar bhealach atá caolchúiseach agus fileata.

I scéal amháin, cuireann muid aithne ar bhean óg ar thuras abhaile ó chlinic ghinmhillte, áit eile, castar le bean atá ag troid in aghaidh na hailse – í ag déanamh liosta de na rudaí ar mhaith léi a dhéanamh sula bhfaigheann sí bás. Tá carachtar ann atá ag iarraidh go gcuirfeadh a hiníon aithne ar a hathar sula dtéadh sí chun na hAstráile. I scéal eile, tá bean a bhriseann a cleamhnas ar oíche na dála, nuair a éalaíonn sí leis an fhear a bhfuil sí i ngrá leis i bhfírinne. Tá brath agus cleasa ar siúl ag carachtar eile. I scéal eile, casann muid le bean a bhfuil cumha uirthi i ndiaidh a clainne atá go léir ar imirce. Tá cur chuige úr ar scéalta ón bhéaloideas agus ón mhiotaseolaíocht ann chomh maith: scéal a thugann breathnú nua ar scéal na Maighdeana Mara agus scéal eile ag cur síos ar thuras go Hy Braesal. Tá scéalta mearfhicsean ann, atá mar mheafar ar shaol an lae inniu; daoine díbrithe as a gcuid tithe agus bean a dhéanann cónaí i scáil eastáit go dtagann daoine leis an eastáit a leagan go talamh.

Déanann Máire Dinny Wren téamaí difriúla a chíoradh sna scéalta úra seo: cumha agus uaigneas i measc daoine tuaithe, brath idir chairde, an bás, díocas, fonn éalú ó shrianta shóisialta, brú teaghlaigh, saint agus drochúsáid ar mhná. Is téamaí móra iad a bhfuil cíoradh ag teastáil uathu i scríbhneoireacht na Gaeilge an lae inniu. Ina cuid scéalta cuireann Máire in iúl an choimhlint a bhíonn in intinn an duine, an choimhlint a bhíonn idir an duine agus an sochaí agus an coimhlint a bhíonn i dteaghlaigh; ina cuid scríbhneoireachta déanann sí plé ar chinniúint agus saorthoil an duine agus tugann sí tuigbheáil níos fearr dúinn ar mheon an duine aonair i saol an lae inniu. Agus déanann sí é seo go léir go ciúin ealaíonta.

To top