Ba mhór an pléisiúr dúinn é an cnuasach úr dánta Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile le hAilbhe Ní Ghearbhuigh a sheoladh ag Oireachtas na Samhna 2022 agus bhí slua deas de chairde agus de lucht na dea-mhéine i láthair i Svuít 1 thuas staighre san INEC i gCill Airne Dé Sathairn don ócáid.
D’éirigh le hAilbhe dhá dhuais a thógáil léi ag Duaiseanna Liteartha an Oireachtais cúpla lá roimh ré agus ba le croíthe éadroma a seoladh an leabhar. Bronnadh Duais Poetry Ireland ar Ailbhe don dán “Litir as Barcelona”, dán ón chnuasach úr, agus Gradam na mBord Oiliúna agus Oideachais uirthi don chnuasach filíochta is fearr.
Ba í an file aitheanta Dairena Ní Chinnéide a rinne an leabhar a sheoladh agus thug sí caint spreagtha léirsteanach a thug léargas dúinn ar dhánta an leabhair. Ba aoibhinn a bheith ag éisteacht léi nó ba shoiléir go dteachaidh na dánta i bhfeidhm uirthi mar chomhfhile agus mar Chiarraíoch agus labhair sí go paiseanta. Léigh Ailbhe roinnt dánta ón chnuasach agus agus fuair muid tuilleadh tuiscint ar shaibhreas na ndánta ón léamh. Ghabh sí buíochas leo siúd a chuidigh an leabhar iontach seo a chruthú; Kim Sharkey a rinne léaráidí speisialta don leabhar agus a bhí i láthair ag an seoladh; Daniela Theinová a scríobh an brollach cumasach géarchúiseach; Liam Mac Mathúna a rinne eagarthóireacht ortagrafaíochta agus Caomhán Ó Scolaí a rinne an leagan amach. Thug sí buíochas speisialta dá cairde agus dá fear céile, an file Billy Ramsell.
Bhí sé tráthúil, do leabhar a dhíríonn isteach ar an mháithreachas, go raibh beirt iníon Ailbhe i láthair, chomh maith lena máthair agus a hathair, Heléne agus Joe.
Is féidir an leabhar Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile a cheannach anseo.
Ár mbuíochas le gach duine a rinne a mbealach suas a fhad linn don tseoladh. Ba dheas go raibh sibh linn.

Dairena Ní Chinnéide ag seoladh Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile ag Oireachtas na Gaeilge 2022 
Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Kim Sharkey 
Heléne Ní Ghearbhuigh, máthair an údair 
Claire Ní Mhuirthile, Cáit Ní Dhuinnín, Antóin Ó Dúllaing & cara 
Cuid den tslua i láthair ag an tseoladh 
Joe Mac Gearbhuigh agus Eoghan Mac Giolla Bhríde 
Kim Sharkey, Úna Ní Shé agus cuid den tslua 
Ailbhe Ní Ghearbhuigh lena iníon i gcuideachta Kim Sharkey 
Róisín Adams agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh 
Kim Sharkey agus Úna Ní Shé 
Gearóid Denvir agus Rachel Ní Fhionnáin 
Seán Ó Muireagáin (agus Máire Ní Chéilleachair) 
Majella Ní Chríocháin agus Elaine Scahill 
Dairena NÍ Chinnéide 
Lisa Ní Ghairbhín, Breffni Keoghan & Eimear Griffin 
Billy Ramsell lena bheirt iníon 
Siuán Ní Mhaonaigh agus Deirdre Learmont 
Antain Mac Lochlainn 
Luke O’Donoghue 
Gearóid Tracey agus Bróna Coleman 
Ruairí Mac Fhionnlaíoch 
Ailbhe Ní Ghearbhuaigh lena iníon 

Ailbhe Ní Ghearbhuigh lena iníon, i gcuideachta Kim Sharkey
























