Exit

CNÁMH

Cnuasach gearrscéalta

 

le hEoghan Mac Giolla Bhríde

Tá lúcháir mhór orainn go bhfuil duais Leabhar Gaeilge na Bliana le Love Leabhar Gaeilge, buaite ag an leabhar ‘Cnámh’ ag An Post Irish Book Awards 2020. Fógraíodh na duaiseanna ar an 25 Samhain 2020.

Is é seo an tríú cnuasach gearrscéalta le Mac Giolla Bhríde. Roimh seo fuair an cnuasach an duais próis ag Duaiseanna Liteartha an Oireachtais in 2018.

Tá 17 scéal in iomláine sa leabhar. Scéalta a théann i ngleic le réimse leathan ábhair a bhaineann le saol an lae inniu. “Ní minic a tharlaíonn sé ach is iontach éachtach go dtarlaíonn sé go fóill, agus ar chor ar bith, cnuasach gearrscéalta a bhaineann an anáil díot as feabhas na scéalaíochta agus as úire an mhachnaimh” a scríobh Pól Ó Muirí faoi Cnámh san iris Comhar i mí Meitheamh.

“Tá Mac Giolla Bhríde ar a chompord sa chathair nó faoin tuath mar scríbhneoir agus é in ann cur síos éifeachtach mothálach a dhéanamh ar chladach agus ar choincréit. Casann sé gan stró idir saol na tuaithe – ‘Shúigh an fharraige an t-uisce uilig ar ais chuici féin, á breith chuici féin, gur fágadh an trá tirim’ – agus saol na cathrach – ‘Tá an baile mór ag bruidearnaigh mar ghearbóg a mbeadh aicíd uirthi. Síos Rue La Fayette agus mé tré thine. Meisceoirí, drugaithe, sciorracháin, striapacha, mangairí; iad uilig amuigh ag déanamh gnoithe.’ ” Pól Ó Muirí.

“Ní go rómhinic a éiríonn le scríbhneoir saothar a cheapadh a théann i bhfeidhm ar an léitheoir ar bhealach dodhearmadta, faoi mar a tharlaíonn i sciar de scéalta an chnuasaigh seo. Tá móimintí léargais áille ann agus tá fuil agus feoil na daonnachta – bíodh an duine leonta, lochtach féin – ann ó thús deireadh.” An Dr Róisín Ní Ghairbhí.

Cuir sa chiseán

ISBN: 9781916047037

Rannógaí: Daoine Fásta, Gearrscéalta

an leabhar Cnámh
Close
Go top