
Seán Ó Muireagáin
Bádh B’fhéidir
Scéalta ficsean eolaíochta.
Ainmnithe
An Post Foras na Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana
11/2022
Scéalta ficsean eolaíochta le Seán Ó Muireagáin.
Cuireann Ó Muireagáin saolta osréalacha os ár gcomhair sna scéalta samhlaíocha ficsin eolaíochta seo, saolta diostóipeacha, saolta barbartha, saolta a mbíonn an fhírinne á ceistiú iontu agus a mbíonn rian maith den fhíorshaol le sonrú iontu i gcónaí. Scamhann sé siar na scaireanna chun go bhfeice muid faoin chlúdach bréige, ag nochtadh mhíchothromaíocht an tsaoil seo ina mairimid.
Bhuaigh an scéal ‘An Chóir Chodlata’ Duais an Mhaolánaigh i gcomórtas liteartha an Oireachtais 2018.
| Meáchan | .216 kg |
|---|---|
| Toisí | 198 × 130 × 14 mm |

Tugadh ardmholadh don chéad chnuasach gearrscéalta Gáire in Éag (2018) ach má tá claochlú ábhair agus foirme le sonrú sa mbailiúchán seo tá an éascaíocht chéanna sa scríbhneoireacht i gcónaí.
Cúig chinn de scéalta atá sa chnuasach is déanaí ó Sheán Ó Muireagáin, cúig fhís den saol a d'fhéadfadh bheith ann. Cruthaíonn sé cruinne i ngach scéal acu, agus mar is dual do ficsean samhlaíochta maith is é an duine agus a bhéascna agus iarmhairtí a iompair téama gach scéal. Ach níl siad gan dóchas.
B'fhéidir go mbeadh suim agat in seo...
Táirgí gaolta
Go dtí an lá bán
Máire Dinny Wren, Síle Uí Ghallchóir, Máirín Uí Fhearraigh agus Brighid Uí Mhonacháin




