
Róise Ní Bhaoill
Dordéan
Cnuasach filíochta a tháinig as tréimhsí taistil le breis agus deich mbliana anuas. Sna dánta seo tugann Róise Ní Bhaoill ar thuras fhileata timpeall na cruinne muid a thugann léargas níos doimhne dúinn ar an tsaol.
Buaiteoir
Oireachtas Comórtas Liteartha, Cnuasach Filíochta
10/2025
Sa bhailiúchán dánta seo, tugann Róise Ní Bhaoill ar turas muid timpeall na cruinne, turas a thugann léargas dúinn ar áilleacht, ar fhulaingt agus ar leochaileacht an tsaoil. Is filíocht í seo atá fréamhaithe i bhfírinne na beatha agus i ndínit an duine. Mothaítear an bhá ghaoil agus an fhiosracht pholaitiúil atá inti ó dhúchas, nó ní ligeann Ní Bhaoill chun dearmaid na scéalta a chuaigh i gcion uirthi agus í i mbun a cuid taistil. Ní scarann sí an ní pearsanta ón ní pholaitiúil, nó éiríonn léi a taithí saoil in Éirinn a fhí leis na hiontais agus leis an chruatan a fheiceann sí i dtíortha eile, amhail is gur scáthán anama an chine dhaonna atá fite sna véarsaí aici. Sna dánta seo, cruthaítear aisling de shaol comhaimseartha atá sobhriste agus álainn araon.

Ba mhór an tógáil croí an cnuasach seo a léamh. Cé go bhfuil go leor den ábhar trom agus go dtéann cumhacht na hinsinte i bhfeidhm go láidir ar an léitheoir, is deacair gan a bheith dallta ag an tallann the bhruite féin atá le brath síos tríd. Tá an t-athchruthú radhairc chomh gléineach uaireanta go bhfuil sé rud beag scanrúil fiú, mar shampla in ‘Cuingcheangal Súl’, ‘Amhrán Goirt’. Éiríonn chomh maith céanna leis na dánta pearsanta, mar shampla ‘Dordéan’, ‘Aghaidh Fidil’, agus na vignettes (‘Beannachtaí á Roiseadh’). Tá rud éigin thar a bheith neamhghnách ag baint le teacht i láthair an fhile seo nach nochtann mórán den duine taobh thiar den ghuth, ach go leor chun go gcuirfidh an léitheoir suim agus iontaoibh san insint. Ní fheictear an tsriantacht mhuiníneach seo go minic i bhfilíocht den chineál seo agus d’aithneofaí láithreach guth sainiúil, diamhair an fhile seo atá ar na guthanna is spéisiúla atá le cloisteáil ag saothrú filíochta le fada an lá.
B'fhéidir go mbeadh suim agat in seo...
Mo Chroí Gránúill
Mohsen Hosseinkhani
Idir an Dá Fhearsaid
Róise Ní Bhaoill
Imram agus scéalta eile
Róise Ní Bhaoill






