Mohsen Hosseinkhani

Mo Chroí Gránúill

Dánta Fairsise le haistriúcháin Gaeilge le Róise Ní Bhaoill.

€15.00

Saolaíodh an file Mohsen Hosseinkhani le linn an chogaidh idir an Iaráin agus an Iaráic. Is léiriú a chuid filíochta ar an tréimhse chinniúnach sin agus ar an tsaol a tháinig as. Tugann sé guth don chaillteanas, d’uaigneas agus d’uamhan an áir. Is i dteacht aniar na daoine agus ón ghrá féin a fhaigheann Hosseinkhani faoiseamh. Tá lorg oidhreacht ársa fhilíocht na Fairsise ar a chuid dánta grá, dánta lonracha a léiríonn slánú agus cumhacht uilíoch an ghrá. Is é seo turas fir amháin a chuireann a chroí inár lámha, an gortú agus an cneasú, an scrios agus an slánú. Labhraíonn sé le cách.

Tá an leabhar coscrach seo ó na foilsitheoirí Éabhlóid chomh haoibhinn le gach seod eile a fhoilsíonn siad...Tá dán is leathchéad sa leabhar – an leagan Fairsise ar bhileog amháin agus an leagan Gaeilge trasna uaidh – dearadh fíorchumhachtach mar nach ligeann an cló aduain duit an Iaráin a dhearmad. Leabhar álainn dánta snasta atá lán le mianach is meon na Peirse...Is mór an chomaoin atá curtha ag Róise Ni Bhaoill agus Éabhlóid orainn blaiseadh den tsibhialtacht sin a roinnt linn.