Róise Ní Bhaoill

Idir an Dá Fhearsaid

Cnuasacht filíochta

Tá scoith na scríbhneoireachta agus cumadóireachta sa díolaim seo. Ceardaí oilte a bhfuil an teanga ar a toil aici – moltóir Oireachtais.

Sna dánta seo feictear file atá ag fiosrú an saol agus a háit féin ann, file atá tarraingthe idir a baile dúchais agus a baile úr cathrach, idir dhreamanna daoine agus idir an saol ar mhian linn mar dhaoine daonna agus an saol atá amach romhainn. Is é seo an chéad chnuasach filíochta le Róise Ní Bhaoill, bhuaiteoir An Post, Leabhar na Bliana 2023. Tá a dúchas go smior ina cuid filíochta agus a smaointe, ach déanann sí leacacha crua na cathrach a thaiscéaladh go líofa chomh maith ina cuid dánta ina ndéanann sí comóradh ar phobal agus ar shaol Ghaeil Bhéal Feirste i gceartlár bharbarthacht agus uafás na dtrioblóidí. Cíorann Róise Ní Bhaoill ceisteanna doimhne an tsochaí sa lá atá inniu ann agus leagann sí amach dúinn a smaointe go fileata deismir. “Tá scoith na scríbhneoireachta agus cumadóireachta sa díolaim seo. Ceardaí oilte a bhfuil an teanga ar a toil aici”: moltóir Oireachtais. Tá ábhar machnaimh agus pléisiúr le baint as na dánta seo, mar a léiríonn Máirín Nic Eoin ina réamhrá: “Is fiosracht agus intleacht agus creideamh i dteacht aniar an duine agus i gcumhacht na healaíne a shamhlaítear le cuid filíochta Róise Ní Bhaoill. Tugtar cuireadh chun machnaimh dúinn, cuirtear friotal ar ábhair ár n-imní, agus cruthaítear íomhánna láidre a fhanann sa chuimhne.”

Meáchan.193 kg
Toisí190 × 120 × 15 mm
ISBN

Lch