Cineál Cré na Cille tóin thar ceann is ea Glórtha an Tráthnóna. Ach má roghnaigh an Cadhnach rabharta cainte agus maidhm foclaíochta chun dul i ngleic leis an suíomh daonna, cur chuige de chineál eile ar fad a ghlac Natalia Ginzburg chuici féin, teirce cainte agus scáinteacht foclóra. B’fhiú le léirmheastóir amháin trácht ar an minimalismo linguistico mar shaintréith Ginzburg, údar a sháraíonn Hemingway féin maidir le gorta teanga.

Cnuasach álainn é seo dóibh siúd a d’fhás aníos ag éisteacht le rannta Mhamaí Gé agus atá anois ag iarraidh iad a roinnt leis an gcéad ghlúin eile.

Do na páistí beaga agus móra thart ort, tabhair bronntanas an cheoil daofa le pacáiste ildaite spleodrach Éabhlóid, comhlacht foilsitheoireachta as Dún na nGall, agus an cnuasach amhráin ‘Polcaphonc’ curtha le chéile ag Doimnic Mac Giolla Bhríde agus taifeadtha ag páistí bun agus meánscoile. Tá amhrán faoi Dhaidí na Nollag, faoi chúrsaí comhshaoil agus faoi thaibhsí meidhreacha anseo a choinneoidh an chraic ag gabháil imeasc óg agus níos sine.

From Humpty Dumpty to Going on a Bear Hunt, children will love the rhymes and rhythms of Gabriel Rosenstock's translations of old nursery rhymes. Mamaí Gé (Éabhlóid) is a treasury of children's verse, stunningly illustrated by Kim Sharkey.

Róise Ní Bhaoill challenges us and gives us food for thought while keeping us on our toes as we flow between the sand ridges, as we move between the worlds she explores. As well as the magic and music of the poetry, Idir an Dá Fhearsaid is an exquisite publication; Kim Sharkey’s cover image of two ridges of sand with a calm sea between—and her artwork throughout—complement the richness of the text. This is a book you’ll want to handle and hold, a book you’ll want to own.

A whopper of a collection for nursery rhyme lovers, filled with 79 rhymes — some familiar and others lesser known — all lovingly translated by Rosenstock. With dream-like illustrations from Sharkey, this is a gorgeous treasury to behold.

a beautiful new edition from Éabhlóid, Eoghan Mac Giolla Bhríde’s Donegal publishing house, An Grá agus an Ghruaim is a much-loved classic collection of short stories by Seosamh Mac Grianna....Many of the ten stories in this edition are memorable and one in particular, Ar an Tráigh Fhoilimh, is deeply moving and perfectly crafted.

Mar fhoilseachán tá Idir an Dá Fhearsaid gan locht...Chuaigh filíocht thaitneamhach dhúshlánach an chnuasaigh seo, scríofa i nGaeilge bhinn Thír Chonaill, go mór i bhfeidhm orm. Cé gurb é an chéad chnuasach ó pheann Ní Bhaoill, níl rian an phrintísigh le sonrú air in aon áit. Éiríonn an saothar ó chúr na farraige mar a bheadh Afraidíté lándeilbhithe ann, ‘gur den fharraige’ í, a phreabann ó fhearsaid go fearsaid go maorga muiníneach ar a bealach chuig trá na filíochta, áit a bhfuil mórfhilí na tíre ag fanacht le fáilte a chur roimpi.

Tá leabhar álainn eile curtha i gcló ag an fhoilsitheoir, Éabhlóid, cnuasach filíochta le Róise Ní Bhaoill.

Tá clúdach crua nua álainn ar an leabhar; é sin bunaithe ar an obair ealaíne a rinne Austin Ó Maolaoid don chéad eagrán agus a chuid féin déanta ag Caomhán Ó Scolaí de. Lena chois sin, tá réamhrá breá ann leis an Ollamh Fionntán de Brún, saineolaí ar shaothar Uí Ghrianna, le fáilte a chur roimh an léitheoir agus treoir a thabhairt dó. Eoghan Mac Giolla Bhríde a rinne eagar ar an ábhar liteartha féin – is é a scríobh an sárchnuasach Cnámh – agus tá cló-aghaidh dheas úr ar na scéaltaí fosta....saothar samhlaíoch Éabhlóid....Mhothaigh mé gur leabhar nua a bhí faighte agam in eagrán Éabhlóid agus fonn dá réir sin orm tabhairt faoin léitheoireacht as an úr.

Téann an leabhar ar thuras meidhreach (agus beagáinín craiceáilte) trí ábhair éagsúla ó chearca go poltergeist an Chuinnín....Bheadh na scéalta go maith don léitheoir óg atá ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar a scileanna léitheoireachta. Ag deireadh gach scéil, tá ugach ón scríbhneoir mar spreagadh ag an léitheoirí óg leanúint ar aghaidh ag léamh.

Léirítear miotas na hÉireann agus greann nua-aimseartha i gceann a chéile sa scéal seo ... bainfidh páistí an-sult as an scéal asarlaíochta seo.

Greannán Gaeilge den scoth do pháistí ... Tá an leabhar lán le spraoi agus cúiseanna gáire sna stiallghreannáin ildaite iontacha.

Tá rím tríd síos an leabhar agus meadarachtaí éagsúla in úsáid ag an údar. Is í an t-údar a mhaisigh an leabhar chomh maith, agus tá iomhánna áille ann a bhfuil an chuma orthu gurb ón Afraic a tháinig siad. Oiriúnach do pháiste le léamh leo féin nó le cúnamh ó dhuine fásta.

Scéal béaloidis ó Ghaoth Dobhair atá sa leabhar seo. Pléann an scéal le téama teibí an bháis agus iarrachtaí éalú uaidh. Tugann Mór agus Muilc na cosa leo ag cur ceisteanna ar charactair éagsúla eile faoin mbás. Tá reacaireacht chiorclach in insint an scéil leis an léitheoir a mhealladh agus chun go rachaidh na ceisteanna móra i bhfeidhm ar an léitheoir ar leibhéil éagsúla. Tá an-tuiscint ann do shuíomh an scéil agus tá an fharraige mar chúlbhrat ag gach eachtra a thiteann amach ó thús deireadh.

Tá ealaín den scoth ar fáil sa leabhar seo – is fiú go leor ama a chaitheamh ag fiosrú gach aon leathanach, tá an méid sin mionrudaí le feiceáil. Leabhar spraíúil fíor-thaitneamhach atá ann, mar gheall ar na léaráidí leithleacha tarraingteacha. Ar an gclúdach istigh, fiú, tá pictiúr de dhoras le feiceáil, leis na focail ‘níl cead isteach’ scríofa ar barr – leid den saghas pleidhcíochta atá le teacht!

Tá an scéal seo go hiontach do léitheoir ar bith, is scéal den scoith é agus tá aistriúchán den scoith déanta air. Bhaineas an-taitneamh go deo as an leabhar seo - leabhar iontach agus aistriúchán den scoith.

aistriúchán a shaibhríonn saol liteartha na Gaeilge.

...ceann de na seoda a foilsíodh anuraidh agus ar an dara léamh, seoid fós í...Scéal fíorspéisiúil go deo...Tá an t-aistriúchán seo chomh paiteanta nádúrtha agus go gceapfá gur bunleabhar Gaeilge atá agat. Sárleabhar.

Éiríonn le Nellie Nic Giolla Bhríde páistí a mhealladh i dtreo na Gaeilge lena leabhar Ní Thuigimse Daoine Fásta. Beidh seans iontach ag páistí bunscoile éisteacht le canúint fhileata cheolmhar Uladh....is áis iontach é an dlúthdhiosca mar cuireann sé ar chumas an mhúinteora feidhm a bhaint as na dánta/rannta i ranganna eile seachas an Ghaeilge.

Leabhar slachtmhar tarraingteach is é Báidín Fheidhlimidh... cuireann an dlúthdhiosca go mór leis an leabhar seo. Bhí ról lárnach ag na páistí 'sna dlúthdhioscaí.

Éabhlóid a thug dúinn chomh maith Imram agus Scéalta Eile, an chéad chnuasach gearrscéalta le Róise Ní Bhaoil as Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill, saothar a bhuaigh gradam An Post do Leabhar Gaeilge na Bliana.

Bhí leagan álainn nua ag Eoghan Mac Giolla Bhríde de An Grá agus an Ghruaim (Éabhlóid) le Seosamh Mac Grianna...

Is éard atá ann ná sraith tomhais agus dubhfhocal ó chnuasaigh éagsúla béaloidis. Tá siad rangaithe in ord deacrachta - smaoineamh ana mhaith is ea iad a rangú de réir ranga na sean-fhilí, pictiúr ar leith do gach rang ó Fochlac go Rí Ollamh; agus na cinn éadroime rangaithe faoin ndrúth...Bainim féin agus m'iníon (atá 9) an spraoi as na tomhais a fhiafraí dá chéile agus ar dhaoine eile.

To top