
Aileen Crossley
An Áit a nEitlíonn na Madaí Crainn
Leabhar pictiúr álainn do pháistí le Aileen Crossley a thugann ar thuras draíochtach tríd an nádúr dúchasach muid go dtí na háiteanna speisialta a thógann do chroí.
Leabhar pictiúr álainn do pháistí le Aileen Crossley a thugann ar thuras draíochtach tríd an nádúr dúchasach muid go dtí na háiteanna speisialta a thógann do chroí.
Is scéal deas simplí é seo do pháistí óga, scéal atá lán de mhothúcháin, déanta de láimh ag an ealaíontóir Aileen Crossley. Scéal faoin chailín beag Molaí atá faoi bhrón, ach nuair a théann sí ar cuairt chuig áiteanna draíochtacha lena cara, Lus na mBan Sí, cuimhníonn sí arís ar áilleacht an tsaoil agus tógann sé a croí.
Tá íomhánna áille sa leabhar agus é déanta go hiomlán as liteagraif a rinne Aileen i Stiúideo Priontála Black Church i mBaile Átha Cliath.
Tuilleadh eolais faoin údar, Aileen Crossley @ aileencrossley.ie
Meáchan | 600 kg |
---|---|
Toisí | 8 × 224 × 316 mm |
ISBN | |
Lch |

Pictiúrleabhar machnamhach, aislingeach is ea An Áit a nEitlíonn na Madaí Crainn a dhéanann ceiliúradh ar an nasc atá idir an duine agus an dúlra. Tá rím agus rithim sna véarsaí beaga a bhogann an scéal ar aghaidh. Tá blas na filíochta orthu agus is geall le dán nó amhrán iad nuair a léitear le chéile iad. Is é glór Lus na mBan Sí atá le cloisteáil tríd an leabhar agus í ag cur comhairle ar an gcailín óg agus ag meabhrú iontaisí an dúlra di. Leabhar do pháistí é seo, ach is ceann é a d’fheilfeadh do dhaoine fásta freisin as áilleacht an leabhair féin agus an spreagadh chun machnaimh atá istigh ann. Pictiúrleabhar álainn é, ach d’fhéadfá mantra nó dán machnaimh a thabhairt air freisin ina dtugtar sos intinne don léitheoir agus ina ndéantar ceiliúradh ar áilleacht shimplí an nádúir.