Seosamh Mac Grianna

Ba dhuine de mhórscríbhneoirí na hAthbheochana agus na Gaeilge é Seosamh Mac Grianna. Ba as Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill ó dhúchas é (15 Eanáir 1901- 11 Meitheamh 1990). Scríobh sé cuid de na leabhair is tábhachtaí a scríobhadh sa nua-Ghaeilge sula raibh 35 bliain bainte amach aige: Mo Bhealach Féin, Dá mBíodh Ruball ar an Éan agus An Druma Mór. Ba scríbhneoir nua-aimseartha é a raibh guth fileata aige agus intleacht ghéar a tháinig trasna ina chuid scríbhneoireachta. Chuaigh a chuid scríbhneoireachta i bhfeidhm ar chuid mhór daoine nó chonaic siad duine daonna ag streachailt leis an tsaol agus é ábalta é féin a chur in iúl go hinniúil oilte ina theanga dhúchais ar bhealach nach raibh déanta roimhe nó ina dhiaidh.

Chaith Seosamh seal ag aistriú leabhair don Ghúm, agus thuill a chuid aistriúcháin cáil. Tá thar milliún go leith focal sna leabhair a d’aistrigh sé don Ghúm i rith na seacht mbliana 1925-32.

Bhí saol deacair ag Seosamh agus é ag streachailt le galar intinne. Cuireadh go ospidéal síciatrach Naomh Conall i Leitir Ceanainn é agus is ann a chaith sé deireadh a shaoil.

To top