Máire Dinny Wren

Tá cónaí ar Mháire Dinny Wren de chois abhainn na Cláidí faoi scáth na Earagaile i nGaoth Dobhair i dTír Chonaill. Is file agus gearrscéalaí í. D’fhoilsigh Coiscéim a céad bhailiúchán filíochta, Ó Bhile go Bile (2011) agus d’fhoilsigh Éabhlóid a dara bailiúchán filíochta Tine Ghealáin (2019). D’fhoilsigh Éabhlóid a céad chnuasacht gearrscéalta, Dá mbeinnse choíche saor (2016) agus a tríú cnuasacht dánta I Muinín na nDúl (2025). Tá saothair léi foilsithe in irisí ar nós Duillí Éireann, Comhar agus Feasta. Tá ceithre cinn dá scéalta sa chnuasacht Go dtí an lá bán (2012) agus scéal léi sa díolaim Ultach Bláth na dTulach (2021) a d’fhoilsigh Éabhlóid.

To top