Máire Dinny Wren

Le cois abhainn na Cláidí, faoi scáth na hEaragaile i dTír Chonaill atá cónaí ar Mháire Dinny Wren, áit a mbíonn sí ag scríobh filíochta agus gearrscéalta. Tá dhá bhailiúchán filíochta aici, Ó Bhile go Bile (2011) agus Tine Ghealáin (2019). Foilsíodh ceithre ghearrscéal dá cuid sa chnuasach gearrscéalta Go dtí an lá bán (2012) agus in 2016 foilsíodh a cnuasach iomlán féin de ghearrscéalta, Go mbeinnse choíche saor.

To top