Gemma Nic Conchra

Is duine díograiseach í Gemma atá paiseanta faoin ealaín, faoi chultúr na hÉireann agus faoi chúiseanna sóisialta. D’fhreastail sí ar na scoileanna Gaeilge Scoil Naithí agus Coláiste Íosagáin. Chuaigh sí ansin go hInstitiúid Theicneolaíochta Bhaile Átha Cliath chun céim a bhaint amach in Ailtireacht agus i nDearadh. Chaith sí cúig bliana ag obair mar ailtire agus mar dhearthóir. D’éirigh léi scoláireacht a fháil leis an ealaíontóir Adrienne Geoghegan, áit ar chaith sí bliain faoina cúram. Rinne sí teastas iarchéime ina dhiaidh sin i gColáiste Bhreisoideachais Bhaile Formaid i 2016/2017 le staidéar a dhéanamh ar ealaín agus ar léaráidí. Is breá léi a bheith ag tarraingt agus ag scríobh agus ag obair le páistí. D’oibir sí go deonach ar an togra ‘Solas’ i mBaile Átha Cliath agus rinne roinnt tionscnaimh ealaíne le Togra Óige Rialto in 2018. D’oibir sí mar chúntóir leis an ealaíontóir Fiona Whelan ar thionscnamh dar teideal “What does he need?” píosa ealaíona le daoine ó Rialto a thugann a dhúshlán d’fhearúlacht nimhe sa tsochaí. Faoi láthair tá sí i gceannas ar an Chlár Ealaíona le Comhairle le Leas Óige ar Shráid Cuffe i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.

To top