Caitlín Nic Niallais

Is de bhunadh Ard na gCeapairí i nGaoth Dobhair í Caitlín Nic Niallais. Fuair sí a cuid bunoideachais i Scoil Mhuire Doirí Beaga agus i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Chaith sí cúig bliana ag obair go deonach don iris Comhar agus chaith sí tréimhse ar Bhord Ghael Linn agus ar Chuideachta Ghael Linn. Chaith sí deich mbliana ag teagasc i nGaelscoil Santain i dTamhlacht, gaelscoil a bhunaigh an scríbhneoir agus file Caitlín Maude. Chaith Caitlín dhá bhliain mar stiúrthóir agus mar mhúinteoir ar an Chrannóg, an lárionad sealbhaithe agus buanaithe Gaeilge a bhunaigh Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair in 1993. Rinne Caitlín céim M.A. sa Ghaeilge i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath faoi stiúir an Ollaimh Bhreandáin Uí Bhuachalla ag déanamh tiomsú agus grinn staidéar ar an ábhar a bailíodh ón scéalaí clúiteach Mhicí Sheáin Néill. Ba chuimhin léi Micí a bheith ag scéalaíocht san Amharclann le linn Oireachtais agus Éigsí sna hochtóidí agus ba ghnáth lena tuismitheoirí í a thabhairt go teach Bhidí, Mhicí agus Bhríd Anna a dh’airneál áit a mbíodh Micí ina steillbheatha agus é i mbun seanchais. Is múinteoir í Caitlín faoi láthair i nGaelscoil Lios na nÓg i Ranallach.

To top