Caitlín Bheití Ní Chuireáin

As Mín a’ Chladaigh i nGaeltacht Thír Chonaill do Chaitlín Ní Chuireáin. I ndiaidh di pósadh, d’aistrigh sí féin agus a fear céile go contae an Chláir, áit ar thóg siad a gclann. Ní dhearna sí riamh dearmad dá háit dúchas agus an cheantar inar tógadh í agus tugann a cuid scríbhneoireachta léargas dúinn ar an tsaol a chaith sí ina hóige sa cheantar tuaithe Gaeltachta sin. In 2010, scríobh Caitlín cuntas tuairisciúil faoina hóige, Nuair a bhí mé óg, sular thug sí faoina chéad úrscéal ficsean Muintir an Ghleanna. Tá cónaí uirthi i gCill Rois i gcontae an Chláir.

To top