Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Ciarraíoch í an file Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Bhain sí céim amach sa Ghaeilge agus sa Fhraincis ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Chaith sí tamall ag múineadh i mBordeaux agus i gColáiste Lehman i Nua-Eabhrac ar scoláireacht Fulbright. Tá céim dhochtúra aici ó OÉ Gaillimh. Bhronn an Chomhairle Ealaíon sparánachtaí ar Ailbhe in 2008, in 2015 agus 2021. D’fhoilsigh Coiscéim Péacadh (2008) agus Tost agus Allagar (2016). Le linn Thuras na bhFilí Albanacha in 2012, bronnadh Corn an Choirnéil Eoghan Ó Néill ar Ailbhe dá dán Gaeilge ‘Deireadh na Feide’. Tugann an comórtas aitheantas d’fhilíocht nua-chumtha sa Ghàidhlig agus sa Ghaeilge. Roghnaíodh ‘Filleadh ar an gCathair’ mar Dhán Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh in 2013. Bhain an dán céanna áit amach ar ghearrliosta RTÉ, ‘A Poem for Ireland’. Ghnóthaigh Tost agus Allagar Duais Uí hAirtnéide in 2019. The Coast Road an teideal atá ar chnuasach dátheangach a d’fhoilsigh Gallery Press mar a bhfuil aistriúcháin le filí aitheanta an Bhéarla. D’fhoilsigh Cois Life Dánta Andrée Chedid mar chuid den tsraith ‘File ar Fhile’ in 2019. Bronnadh Duais Lawrence O’Shaughnessy uirthi in 2020. D’fhoilsigh Éabhlóid an cnuasach filíochta Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile in 2022. Suíomh idirlín: www.ailbhenighearbhuigh.com

To top