Tá leabhar úr, Oileán na nDraoithe, leis an scríbhneoir Proinsias Mac a’ Bhaird, foilsithe ag Éabhlóid. Beidh an leabhar ar fáil sna siopaí gan mhoill. Is scéal é do pháistí, athinsint nua-aimseartha ar scéal mhiotaseolaíochta a chuala Proinsias óna shean-athair. Tá léaráidí déanta ag Caomhán Ó Scolaí. Beidh an leabhar á sheoladh go hoifigiúil ag Oireachtas na Gaeilge i Mí na Samhna.
![](https://eabhloid.com/wp-content/uploads/2017/10/WP_20171004_13_25_53_Pro-e1507153880818-scaled.jpg)