Tá an dráma Thar an Tairseach le Máire Dinny Wren le cloisteáil ar shuíomh idirlíon RTÉ 1 agus ó thús deiridh tá Gaeilge bhlásta, shaibhir le cloisteáil ann. Léiriú atá sa dráma seo ar ghearrscéal ar an ghearrscéal 'Thar an Tairseach' atá le fáil sa leabhar 'Go dtí an lá bán' a chuir eabhlóid in eagar.
Scéalta atá ag tarraingt as taithí saoil agus béaloidis....Scéalta láidre corraitheacha...Saothar thar a bheith fiúntach.
...the vividly drawn vignettes of Belfast are likewise a pleasure in her new collection, Inní...Inní has many strengths, particularly the author’s ability to create human and believable characters living in a palpable world...This is a fine collection of short stories, urban in their setting, contemporary in their feel and all written in a most readable uncomplicated style and language.
Tugtar ar thurais muid sna scéalta seo, turais intinne, turais go críocha aduaine, turais go tíortha atá stollta ag an choimhlint agus ag an athrach; ach is turais go croí na daonnachta iad go léir, le daoine atá ag cuartú saol dóchasach úr nó le daoine a bhfuil orthu gníomhú in aghaidh a dtola....Inste i nguth tomhaiste deisbhéalach, tá scéalaíocht Rann na Feirste i stíl liteartha chomhaimseartha an lae inniu le sonrú go soiléir sna scéalta seo.
Imram is an excellent collection of well written short stories and a pleasure from start to finish. We meet people who have to find a way of dealing with the pressures their lives have put them under. The places, people and predicaments are very different but Róise Ní Bhaoill displays impressive human understanding and sympathy in each and every one.
If want to drop some light humour into the Christmas stocking, Joe Ó Dónaill's Sin Ceann Maith! (Éabhlóid) is a collection of jokes (old and new). You've probably heard many of them before, but not 'as Gaeilge'.
Tá an teach foilsitheoireachta Éabhlóid dílis do chaint bheo Ghaoth Dobhair agus is guth Máire Dinny atá anseo againn saor ó leaba Phrocrustes an chaighdeáin. Ní dóigh liom áfach go mbeidh sin ina dhris cosain don léitheoir, tiocfar isteach go gasta ar an insint.
...cuirtear domhain éagsúla dhraíochtúla os ar gcomhair sna scéalta ar fad agus tá áit lárnach sna scéalta ag an gceol agus ag an bhfilíocht. Mholfainn féin an cnuasach go mór..
..Tá rud inteacht ann do achan duine... Sílim go mbeadh dúil ag daoine ar maith leo litríocht na Gaeilge sa leabhar seo...
It was great to see the book championed on our national TV station and gives us a great boost. Congratulations to the illustrator Gemma Nic Conchra, who has created a really lovely book. It’s hugely encouraging to have our work platformed on the biggest show of the year.
Cnuasach gearrscéalta fíorláidir eile ó Éabhlóid, lán le daonnacht agus le nóiméidí beaga dóchais agus cumha. Téimid ar thuras i dteannta meitheal carachtar an-éagsúil, gach duine acu níos suimiúla ná a chéile; tumtar sinn in eachtraí a saol agus músclaítear bá as an ngnáth sa léitheoir. Cad eile a theastódh i leabhar ficsin?
..bhí samhlaíocht agus scéalaíocht i gceist; ábhar a spreag gáire agus iontas, scéaltaí a thug léargas ar mheon eile, ar thraidisiún eile, ar mhodh eile machnaimh... Is maith go bhfuil leabhar éifeachtach álainn eile le fáil ag glúin nua léitheoirí...
Is mór an t-ardú croí é ceann ar bith de na scéalta iontacha seo a léamh. Tá saibhreas na scéalaíochta traidisiúnta ar achan leathanach den leabhar. Tá draíocht le fáil sna scéalta seo uilig agus tá draíocht eile ina n-insint ag máistir na scéalaíochta as Rann na Feirste. Tá féasta scéalaíocht sa leabhar seo a osclóidh saol eile amach roimh an léitheoir sin.
In san leagan úr tá muid ag dul ar ais go dtí an bunleagan. Tá muid ag athrú an litrithe go dtí an litriú úr, ach le meas ar chanúint agus ar fhoghraíocht Sheosaimh.
Gach mí foilsítear scéal úr ar an tsuíomh idirlín, i gcuideachta le heagrán úr den phodchraoladh le Réaltán Ní Leannáin, áit a dtugann sí cuireadh do chainteoir dúchais scéal a léamh ón chnuasach, chomh maith le comhrá faoin scéal a bheith acu ina dhiaidh. Rud atá go hiontach faoi seo nó go bhfuil teacht ag an éisteoir ar théacs an scéil tríd blath.ie
Is díolaim cumhachtach atá anseo ag léiriú leithne scríobh na nUltach agus an aclaíocht atá á bhaint as an nGaeilg - más Gaeilg Gaeltachta Ghaoth Dobhair nó nuachainteoirí Béal Feirste atá á ionramháil, tá tiús agus téagar ann.Togra thar a bheith snasta, cúramach agus fiúntach.
..go bhfuil aitheantas ag dul do chomhlacht foilsitheoireachta atá tar éis a bheith ainmnithe roinnt babhtaí anois do Ghradam Uí Shuilleabháin, thar cúpla bliain, nuair a chuimhníonn tú ar ardluachanna chaighdeán táirgíochta, anuas ar ardsaothar lánstad, in sa réimse liteartha … ach i mbliana tharla gur bhuaigh Éabhlóid an duais le Bláth na dTulach. ..I mBláth na dTulach is iontach an rud é an ghluaiseacht chruthaitheach seo a fheiscint ag teacht aníos, ag brúchtaíl aníos os na scríbhneoirí iad féinig agus chíonn tú go bhfuil meitheal ansin, tá an mheitheal intleachtúil, meitheal chruthaitheach ann agus ceapaim gur rud iontach é sin.
Thaitin sé go mór liom, mar a chuaigh siad isteach go domhain sa scéal. Rinne siad plé agus chuaigh siad fríd na téamaí, na meafair, na carachtair agus gach rud... Thaitin sé go mór liom. Tá sé iontach deas podchraoladh faoin scríbhneoireacht a chloisteáil...
Mura bhfuil fonn ort tabhairt faoi úrscéal, is fiú go mór an cnuasach gearrscéalta seo a phiocadh suas.. Tá scéalta grá, scéalta díoltais agus scéalta dóchais anseo, tá scéalta eile ann a bhfuil an greann agus an brón chun tosaigh iontu, tá cuid de na scéalta fréamhaithe go docht i dtraidisiún an oidis bhéil agus cinn eile a bhfuil foirmlí agus foirmeacha na litríochta nua-aoisí le brath orthu.
..Meascán thar a bheith suntasach ó thaobh na héagsúltachta de. Tá scéalta ana-mhaith istigh ins an chnuasach seo. Tá cuid acu thar barr ... do mholfainn d'aon duine é a fháil ... téacs an-spéisiúil é ... tá sé curtha le chéile go snasta...
Is Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile an tríú cnuasach filíochta ó Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus tá an lucht léitheoireachta agus na duaiseanna atá bailithe aici tuillte go maith aici. Mar atá tugtha faoi deara ag Daniela Theinová ina réamhrá léargasach do Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile, tá cuid mhaith d'ouvre an fhile seo tugtha suas dó mhionscrúdú an ghrá. Is cnuasach thar a bheith tarraingteach eile ó Ailbhe Ní Ghearbhuigh é Tonn Teapaigh agus Dánta Eile.
An ceann is mó a sheasann amach dom féin sílim, nó Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile ... bhuaigh an cnuasach seo an duais mór filíochta ag an Oireachtas... Léigh mé é agus mé ag teacht chugam féin i ndiaidh COVID agus bhí sé chomh suaimhneach é á léamh, ach tá dánta iontacha ann faoi chúrsaí máithreachas...
Ceaití Ní Bheildiún agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh: Saothair Filíochta á phlé acu le Helen Ní Shé.
..File atá lán d'fhéinfheasacht drámata agus de ghrá, atá lán d'aoir nuair a thagann sé go clann agus teaghlach, agus atá lán de thuairimí glinne nuair a thagann sé go comharsanacht agus dúiche na n-aislingí...