Scéal béaloidis ó Ghaoth Dobhair atá sa leabhar seo. Pléann an scéal le téama teibí an bháis agus iarrachtaí éalú uaidh. Tugann Mór agus Muilc na cosa leo ag cur ceisteanna ar charactair éagsúla eile faoin mbás. Tá reacaireacht chiorclach in insint an scéil leis an léitheoir a mhealladh agus chun go rachaidh na ceisteanna móra i bhfeidhm ar an léitheoir ar leibhéil éagsúla. Tá an-tuiscint ann do shuíomh an scéil agus tá an fharraige mar chúlbhrat ag gach eachtra a thiteann amach ó thús deireadh.