Tá ealaín den scoth ar fáil sa leabhar seo – is fiú go leor ama a chaitheamh ag fiosrú gach aon leathanach, tá an méid sin mionrudaí le feiceáil. Leabhar spraíúil fíor-thaitneamhach atá ann, mar gheall ar na léaráidí leithleacha tarraingteacha. Ar an gclúdach istigh, fiú, tá pictiúr de dhoras le feiceáil, leis na focail ‘níl cead isteach’ scríofa ar barr – leid den saghas pleidhcíochta atá le teacht!