“Rince Aeir” – leabhar úr filíochta le Caitríona Ní Chléirchín seolta ag Oireachtas na Gaeilge

Ilchineálach Leabharthaí

An dá fhile: Dairena Ní Chinnéide agus Caitríona Ní Chléirchín

Rinne an file Dairena Ní Chinnéide an cnuasacht úr filíochta Rince Aeir le Caitríona Ní Chléirchín a sheoladh go hoifigiúil i gCill Airne ag an deireadh seachtaine. Seo mar a labhair Dairena faoin leabhar ag an ócáid speisialta seo in Óstán an Gleneagle i gCill Airne Dé hAoine:

Dairena Ní Chinnéide: “Ar nós cnagadh an chroí, síneann furmhór na ndánta tosaigh sa chnuasach nua seo go drámatúil liriciúil isteach i bhfearann na mban i leith an choirp is an chaidrimh. Na focail, is an siombalachas ag cnagadh an léitheoir le fís fileata, fadradharcach, ag éirí os na leathanaigh. Tá macallaí de theoiricí an fhealsúnaí agus an staraí Francach Michel Foucault is Roland Barthes le brath i bhfocail agus i bhfriotal aoibhinn láidir na ndánta seo. Is é sin gur féidir an corp a thuiscint mar dhromchla atá greannta ar chórais reatha agus stairiúla cumhachta. Tá drámatúlacht ag baint leis an leabhar an neomat a bheireann tú greim air id ghlaic – íomhá de rince draíochtúil, leochaileach, drámatúil ó Chromáin na gCearc ag séirseáil san aer, deartha ag Sheelyn Browne. Ráiteas atá sa teideal ón gcéad fhéachaint. An t-éan fireann ag taibhsiú na néalta sa spéir d’fhonn an t-éan baineann a mhealladh. I bhfearann na teoirice coirp i bhfealsúnacht feimineach, tá an taipéis níos ilghnéithí agus cuimsíonn sé traidisiúin agus sruthanna ildánacha iomlán eispéireas na mban. Tá staidéar déanta ag Caitríona ar na teoiricí seo le leithéidí Julia Kristeva agus Adrienne Rich agus lorg na teoirice fite fuaite le taithí saoil agus samhlaíocht a chumann aoibhneas damanta an ghrá atá fé sholas sna dánta i dtosach an leabhair.”

Ceaití Ní Bheildiúin agus Caitríona Ní Chléirchín ag seoladh an leabhair Rince Aeir

“Tá an chumhacht á teannadh isteach chuici féin ag Ní Chléirchín anseo. Sa dán fíorláidir ‘Muince’ tá geit anama ag baint leis an íomhá den mhuince ar mhuinéal an phearsa sa dán. Tá teacht aniar ins na dánta deacra luaithe seo, ag cíoradh caidrimh – mar a dheineann sí in ‘Iarsmalann na gCaidreamh Briste, Ságrab’ agus féithleog grinn sa tagairt dos na nithe atá le feiscint is le brath ag an gcuairteoir. Tá an mhiotaseolaíocht go tréan le brath mar a osclaíonn an cnuasach leis an dán ‘Labhrann Daifne’, sruthanna siúlach scéalach ón nGréig tríd an leabhar ina iomláine móide ‘Próca Phandóra’ agus an samhlaíocht is an turas corraitheach a nochtann sé. Nó an dán ‘Peirseifine’ isteach sa chnuasach. Tá an ghrá anseo go tiubh, é thuas seal, thíos seal ach sna dánta grá tá aoibhneas bhog mealltach atá chomh tarraingteach agus áthasach agus in áiteanna cruaidh agus gortaitheach. Níl aon eagla ar an bhfile dul i ngleic leis an bpian a tharlaíonn i gcaidrimh nimhneach agus ceol a chur i mbéal an briseadh croí is an caitheamh anuas a ghabhann leis. Seo iad na comhráití a bhíonn againn fé rún, an cogar mogar íseal a scriosann an féin mhuinín. Sna dánta caidrimh seo, tá sé le brath lom díreach, cad é a chanann liricí na ndánta aoibhne diamhra seo agus tá comhghairdeachas agus aitheantas le tabhairt don té a bhfuil an misneach neamhbhalbh fileata aici an réaltacht lom neamhrómánsúil seo a nochtadh.”Tá an chumhacht á teannadh isteach chuici féin ag Ní Chléirchín anseo. Sa dán fíorláidir ‘Muince’ tá geit anama ag baint leis an íomhá den mhuince ar mhuinéal an phearsa sa dán. Tá teacht aniar ins na dánta deacra luaithe seo, ag cíoradh caidrimh – mar a dheineann sí in ‘Iarsmalann na gCaidreamh Briste, Ságrab’ agus féithleog grinn sa tagairt dos na nithe atá le feiscint is le brath ag an gcuairteoir. Tá an mhiotaseolaíocht go tréan le brath mar a osclaíonn an cnuasach leis an dán ‘Labhrann Daifne’, sruthanna siúlach scéalach ón nGréig tríd an leabhar ina iomláine móide ‘Próca Phandóra’ agus an samhlaíocht is an turas corraitheach a nochtann sé. Nó an dán ‘Peirseifine’ isteach sa chnuasach. Tá an ghrá anseo go tiubh, é thuas seal, thíos seal ach sna dánta grá tá aoibhneas bhog mealltach atá chomh tarraingteach agus áthasach agus in áiteanna cruaidh agus gortaitheach. Níl aon eagla ar an bhfile dul i ngleic leis an bpian a tharlaíonn i gcaidrimh nimhneach agus ceol a chur i mbéal an briseadh croí is an caitheamh anuas a ghabhann leis. Seo iad na comhráití a bhíonn againn fé rún, an cogar mogar íseal a scriosann an féin mhuinín. Sna dánta caidrimh seo, tá sé le brath lom díreach, cad é a chanann liricí na ndánta aoibhne diamhra seo agus tá comhghairdeachas agus aitheantas le tabhairt don té a bhfuil an misneach neamhbhalbh fileata aici an réaltacht lom neamhrómánsúil seo a nochtadh.”

An cnuasach úr Rince Aeir ar díol ag an seoladh

“Tá peileacán bán ina íomhá leochaileach aoibhinn sa dán den teideal sin do chailliúint a máthair, dánta eile sa chuid seo den gcnuasach ná ‘Suantraí ar lá na máithreacha’ agus ‘Sneachta bándearg’ móide ‘Crann silíní’. An chaoineadh ciúin le brath idir na línte ómósacha grá seo.

“Scaoileann an file an nádúr lena sruth i bhfurmhór na ndánta breátha i mbolg an leabhair, ag tosnú leis an dán ‘Amhrán na Sionainne’, macasamhail a meoin ar uairibh mar atá sa dán. Bíonn laethanta ann ina ndeireann an file go bhfuil ‘sí ag labhairt ó bhun na habhann/ is nach gcluineann éinne mé/ is an cumha a bhraithim…’. Tá an talamh agus na logainmneacha go tréan ag fréamhú an chuid eile den leabhar seo. Bhainfeadh an dán fíorchumhachtach ‘Breith’, tiomnaithe do Peter Fallon, agus ‘Bás an Lao’ na putóga asat le fiosracht na bhfocal agus déistin réadúil na hócáide. Sa dán ‘Rince Aeir’, a thugann teideal don gcnuasach, tá ceiliúradh ildánach na n-éan is iad ag faoileáil ar a chéile thuas sa spéir. Éin creiche is ea Cromáin na gCearc agus iad fé bhrú beatha saoil gan ach níos lú ná 200 éan thuaidh agus theas. Tá siombalachas aoibhinn anseo is dóigh liom agus an dán ana-láidir. Treoraítear an léitheoir go croí na ceiste don bhfile seo agus is é Sliabh Beatha 1, 2, 3, agus 4 na dánta nádúr is deise. Tá an file ceangailte in ómós áite agus aithne ar an dtalamh agus na hainmhithe is na héin spéire.

“Siar uainn tá Fear Manach agus an Cabhán
Ó thuaidh, tá sléibhte an Speirín i dTír Eoghain
San oirthear, tá Ard Mhacha agus Achadh na Cloiche,
soir ó dheas tá coillte dubha Ghlasloch”

Cuid den lucht éisteacht ag seoladh leabhair Chaitríona Ní Chléirchín

“Tá sí fréamhaithe sa talamh agus i ndúchas na talún, cead a gcinn ag na logainmneacha áitiúla fite fuaite tríd na dánta áirithe seo. An chruinne mar atá agus cruth na beatha ó thaobh éiceolaíochta de ina foth-abhar tréan. Tá na daoine maithe cosnochta ar an dtalamh seo mar a chuirtear inár láthair sa dán ‘Fuadach’ agus casadh láidir in eireaball an dáin sin. Sa dán ‘An Dá Chrann’ deir sí:

“..comharthaí fearainn na hóige
imithe ó radharc
téaltaithe go deo anois
ach amháin i mo chuimhne,
agus i gcaint na ndaoine.”

“Tá tagairtí de mhór fhilí ar chuma Patrick Kavanagh sa dán ‘Meán lae, ag uaigh an Chaomhánaigh, Inis Caoin, Muineacháin’ agus sa dán ‘Sneachta Dearg’ don bhfile Rúiseach, Marina Tsvetaeva.

“Casann sruth an leabhair go dtí an teorainn sna dánta ‘Tost’, ‘Teorainn’, ‘Moill’, ‘Trasnú na Teorann’, ‘Droichead Thuama’ agus an dán álainn dá máthair críonna a mhair trasna an teorainn uaithi, ‘Droim Mór’:

“Tá cuimhne agam ar ghrá mo sheanmháthar
is an tine ar lasadh ina seomra suí
an tsubh cuiríní dubh a rinne sí is boladh an tae.
Chuige sin b’fhiú́ gach trasnú́ teorann,
gach ceistniú is gach moill.”

“Siúd linn agus macallaí an ghrá, an ghruaim, an comhshaol, an saol eile, an tairseach idir dhá shaol agus an saol laethúil ag portaireacht go fileata, cumasach ó pheann oilte, cróga – agus tagígí go léir ina teannta trí leathanaigh an leabhair agus comhghairdeachas léithe agus le hEoghan Mac Giolla Bhríde as Éabhlóid as leabhar chomh hálainn a thabhairt ar an saol dúinn le taitneamh a bhaint as ar ár suaimhneas. Leis sin, fógraím Rince Aeir le Caitríona Ní Chléirchín seolta.”

An t-údar Antain Mac Lochlainn

Nuair a bhí an leabhar seolta go hoifigiúil agus cead a chinn aige eitilt amach sa tsaol, léigh Caitríona rogha dánta ón leabhar, cuid de na dánta ar thrácht Dairena orthu ina caint. Ina dhiaidh sin fuair muid ceadal ceoil ón phíobaire gradamach Tiarnán Ó Duinnchinn, nuair a sheinn sé an fonn mall as Muineachán Suantraí na Píbe a chorraigh an croí ag gach duine den lucht éisteachta.

An píobaire Tiarnán Ó Duinnchinn

Mar dheireadh ar an ócáid, léigh Caitríona dán deiridh an leabhair En ti la tierra

Is tú mo thír tairngire,
mo terra firma
ní bheidh aon ní de dhíth orm
i do bhaclainn
i móinéar féar uaithne
ar imeall an uisce
mar a bhfaighim suaimhneas
is tú an talamh,
na cnoic, na goirt, an tírdhreach
an chré ionam
agus an spéir faram
siúlaim i ngleann na gile
i solas an tsóláis
is tú taobh liom
cuireann tú i mo luí mé
i leaba aoibhnis
Seolann tú mé
go parthas paradiso.

Tá an leabhar Rince Aeir ar fáil sna siopa anois agus ó shuíomh eabhloid.com

To top