
Caitríona Ní Chléirchín
Rince Aeir
Cnuasach úr filíochta leis an fhile Caitríona Ní Chléirchín
Ainmnithe
Gradam Uí Shúilleabháin
10/2025
‘Cnuasach a bheireann greim ar an léitheoir lena dhrámatúlacht liriceach agus a shamhlaoidí cumhachtacha. Ón nochtadh scanrúil ar phian agus ar uamhan mná sna dánta tosaigh, tugann an cnuasach ar thuras beatha sinn trí bhóithre corracha an ghrá agus an uaignis dhaonna. Tarraingíonn an file ar acmhainní na miotaseolaíochta agus an dinnseanchais chun fearainn dhúshlánacha mhothála agus pholaitíochta a thaiscéaladh. Tá sólás le fáil i rince an dúlra ach aithníonn na dánta gur beo iad na cuimhní daonna agus go bhfuil teorainneacha taithí agus tuisceana ann ar rí-dhoiligh iad a thrasnú. Cnuasach iontach tráthúil é seo ó fhile a bhfuil a sainghuth féin á shaothrú go binn aici le blianta beaga anuas.’
Máirín Nic Eoin
| ISBN | |
|---|---|
| Lch |

Ina cnuasach is déanaí tugann Caitríona Ní Chléirchín aghaidh go liriciúil ar an bhfearann agus ar an stair as ar eascair sí.Iniúchadh ar an iomrascáil idir an duine agus a nádúr féin, agus idir iad agus an tírdhreach mórthimpeall a fhaighimid sa chnuasach is déanaí de chuid Chaitríona Ní Chléirchín. Cás-staidéar ar theacht in inmhe ógánach na teorann is ea Rince Aeir, ina dtugann an file aghaidh go liriciúil ar an bhfearann agus ar an stair as ar eascair sí.



