![Tomhas Clúdach an leabhair Tomhas Orm, Tomhas Ort!](https://eabhloid.com/wp-content/uploads/2015/12/Tomhas-cearn-scaled.jpg)
Eoghan Mac Giolla Bhríde
Tomhas orm, tomhas ort!
Leabhar tomhasanna do óg agus do aosta.
![illustration of castle](https://eabhloid.com/wp-content/uploads/2015/12/Tomhas-iomha-3.jpg)
![](https://eabhloid.com/wp-content/uploads/2015/12/Tomhas-iomha-2.jpg)
![](https://eabhloid.com/wp-content/uploads/2015/12/Clúdach-mór.jpg)
Leabhar tomhasanna do gach aois. Tá thar 100 tomhas bailithe le chéile sa leabhar seo, idir tomhasanna deacra agus tomhasanna furasta. Gach tomhas roghnaithe go cúramach agus sórtáilte i 9 rannóg, ó an-simplí go an-deacair. Tabharfaidh an leabhar seo siamsaíocht agus a dhúshlán d’óg agus d’aosta. Iontach úsáideach mar áis ranga le comhrá a spreagadh agus le saibhreas teanga a thabhairt do scoláirí. Leabhar atá deartha go gleoite le 134 leathanach lándaite. Is áis iontach é sa tseomra ranga chomh maith nó tugann sé go leor deiseanna comhrá agus foghlama do fhoghlaimeoirí gach aois. Roghnaíodh gach tomhas go cúramach as Cnuasach Bhéaloideas Éireann.
Meáchan | .440 kg |
---|---|
Toisí | 196 × 196 × 11 mm |
ISBN |
![](https://eabhloid.com/wp-content/uploads/2023/10/cream-curves.png)
Is éard atá ann ná sraith tomhais agus dubhfhocal ó chnuasaigh éagsúla béaloidis. Tá siad rangaithe in ord deacrachta - smaoineamh ana mhaith is ea iad a rangú de réir ranga na sean-fhilí, pictiúr ar leith do gach rang ó Fochlac go Rí Ollamh; agus na cinn éadroime rangaithe faoin ndrúth...Bainim féin agus m'iníon (atá 9) an spraoi as na tomhais a fhiafraí dá chéile agus ar dhaoine eile.