Gabriel Rosenstock agus Kim Sharkey

Mamaí Gé

Órchiste de rannta do pháistí óga, i nGaeilge agus i mBéarla. Aistriúcháin Gaeilge le Gabriel Rosenstock ar rannta Mhamaí Gé (Mother Goose Rhymes) le léaráidí gleoite le Kim Sharkey.

Is taisce de rannta é an leabhar seo, rannta cáiliúla Mother Goose agus iad aistrithe go Gaeilge ag Gabriel Rosenstock. Is mórshaothar é an leabhar seo ó thaobh an mhaisiúcháin de chomh maith atá déanta go gleoite ag Kim Sharkey. Tá saibhreas iontach léaráidí ann a thógann ó dhomhan go domhan tú le gach rann úr atá sa leabhar.

Tá “Mother Goose” luaite go minic mar an t-údar ar na céadta rannta do pháistí, rannta a tháinig anuas ó bhéal go béal thar na céadta bliain. Tá rannta Mother Goose le fáil i gcuid mhór teangacha ar fud an domhain. Foilsítear a cuid oibre go minic mar Mother Goose Rhymes. Cé go bhfuil áit thábhachtach aici i litríocht na bpáistí, níl a fhios ag aon duine go fírinneach cé hí féin.

Ba é an tÉireannach Oliver Goldsmith a chuir an chéad eagrán de na véarsaí Mother Goose in eagar agus seo Éireannach eile, Gabriel Rosenstock, le rogha breá díobh aistrithe go Gaeilge aige don chnuasach dhá-theangach scéalta seo do pháistí.

Tá an Ghaeilge chun cinn sa leabhar ach tugtar an leagan Béarla de gach rann chomh maith rud atá in chuidiú mhór do dhaoine atá ag foghlaim nó ag múineadh Gaeilge.

Is í Kim Sharkey (Mór agus Muilc, Éabhlóid 2019), a bhuaidh duais Éilis Dillon in 2020, an ealaíontóir.

Tá 79 rann ar fad sa leabhar agus gach ceann acu curtha i láthair go gleoite thar dhá leathanach lándaite nó níos mó, rud a fhágann gur leabhar mhór shaibhir í an leabhar seo a thógfaidh croí gach páiste a leagann lámh air.

Meáchan.8 kg
Toisí250 × 178 × 24 mm
ISBN

978-1-914482-04-5

Lch

176