
Eoghan Mac Giolla Bhríde
An Prionsa Beag
Aistriúchán úr le hEoghan Mac Giolla Bhríde.
Sa leabhar An Prionsa Beag, bíonn ar phíolóta a theacht anuas i lár ghaineamhlach an tSahára nuair a bhriseann an t-inneall ina eitleán … agus as sin a thagann ceann de na scéalta is iontaí a hinsíodh riamh, scéal álainn faoi mar a chas an píolóta leis an phrionsa bheag agus na heachtraí a thiteann amach ina diaidh sin. Is fáthscéal dodhearmadta do pháistí agus do dhaoine fásta é, agus tá na bun-léaráidí daite ann a rinne Antoine de Saint-Exupéry é féin don leabhar. Cuirfidh an scéal seo faoi gheasa sibh.


Tá an t-úrscéal clasaiceach, An Prionsa Beag, aistrithe go thar 600 teanga nó canúint éagsúil ar fud an domhain. Is scéal dodhearmadta do pháistí agus do dhaoine fásta é agus tá sé ar cheann de na leabhair is mó a léitear sa domhan sa lá atá inniu ann. Is leabhar é a scríobhadh san 1940idí agus tá sé ag mealladh léitheoirí dílse chuige ó shin. Is leabhar é ar féidir a léamh do pháistí agus a dtiocfaidh siad ar ais chuige ina ndaoine fásta arís. Is sárleabhar é d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí líofa chomh maith. Tá rud éigin draíochtach faoin leabhar seo nach féidir a mhíniú go hiomlán, agus, os rud é go bhfuil sé ar fáil i gcuid mhór teangacha, is bealach iontach é le teanga úr a fhoghlaim.
Bíonn ar phíolóta a theacht anuas i lár ghaineamhlach an tSahára nuair a bhriseann an t-inneall ina eitleán … agus as sin a thig ceann de na scéalta is iontaí a hinsíodh ariamh, faoi mar a chas an píolóta leis an phrionsa bheag. Fáthscéal dodhearmadta é do pháistí agus do dhaoine fásta, agus léaráidí daite ón údar é féin ann. Cuirfidh an scéal seo faoi gheasa sibh.
Is aistriúchán úr é, An Prionsa Beag, ar an leabhar clasaiceach Le Petit Prince le Antoine de Saint-Exupéry. San aistriúchán seo nochtar croí agus spiorad an phrionsa bhig i dteanga atá breá simplí agus soiléir.
Tiocfaidh tú ar shuíomh oifigiúil “Le Petit Prince” anseo
| Meáchan | .23 kg |
|---|---|
| Toisí | 211 × 151 × 8 mm |
| ISBN |

B'fhéidir go mbeadh suim agat in seo...
Scéilíní Scanrúla
Gabriel Rosenstock




