Cur síos
Cnuasach nua gearrscéalta le Réaltán Ní Leannáin. Ag teacht gan mhoill.
“Cnuasach eile dea-scríofa soléite é seo ó pheann Réaltán Ní Leannáin. Faoi mar is dual di, tá guth na mban chun cinn sna scéalta seo a chíorann an mion agus an mór araon: cultúr an éignithe agus na náire, foréigean agus teannas polaitiúil, ach chomh maith leis sin, dlúithe teaghlaigh agus soineantacht na hóige. Tá bua faoi leith ag Ní Leannáin maidir le caint bheo a chur i mbéal a cuid carachtar, go háirithe páistí óga. Bua é sin a shéideann greann agus bríomhaireacht isteach sna scéalta fiú agus ábhair thromchúiseacha á spíonadh.”
An Dr. Caitlín Nic Íomhair.